Dhá scoil lán-Ghaeilge i gCiarraí i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal

De réir figiúirí a d’fhoilsigh an Irish Times ar maidin, tá Coláiste Íde sa Daingean sa chúigiú háit agus Gaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí sa séú háit ar liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Dhá scoil lán-Ghaeilge i gCiarraí i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal

Pic: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge i gCiarraí i measc na scoileanna is fearr sa stát ó thaobh mhic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal. 

De réir figiúirí a d’fhoilsigh an Irish Times inniu, tá Coláiste Íde sa Daingean sa chúigiú háit agus Gaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí sa séú háit ar liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. 

Sé scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta a bhí sa chéad 50 áit ar an liosta náisiúntaina raibh scoileanna táille agus scoileanna gan táille san áireamh ann. 

De réir na bhfigiúirí a bailíodh, rinne 21 dalta i gColáiste Íde an Ardteist in 2021 agus d’fhreastail 114% acu ar institiúid tríú leibhéal in Éirinn. Figiúir 114% a bhí i gceist freisin do Ghaelcholáiste Chiarraí, áit a ndearna 51 dalta an Ardteist anuraidh. Bhí Gaelcholáiste Chiarraí ar an iarbhunscoil mheasctha is mó a sholáthair mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal anuraidh. 

Tugtar le fios ar liostaí an Irish Times go dtéann níos mó ná 100% de dhaltaí i scoileanna áirithe ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal mar go gcuirtear san áireamh iardhaltaí, daoine a rinne cúrsaí iar-Ardteiste agus daoine a d’éirigh as cúrsa tríú leibhéal amháin le freastal ar cheann eile.  

I measc na scoileanna lán-Ghaeilge eile a bhí i dtreo bharr an liosta do 2021 bhí Coláiste an Phiarsaigh i gCorcaigh (105%), Gaelcholáiste Chill Dara (104%), Coláiste Eoin (101%) agus Coláiste Íosagáin (100%) i mBaile Átha Cliath. 

Níor chuir an Irish Times san áireamh ar a liosta náisiúnta aon scoil ina ndearna níos lú ná 20 duine an Ardteist anuraidh ná aon scoil inar tháinig laghdú 15% nó níos mó ar líon na ndaltaí a rinne an Ardteist in 2021 i gcomparáid le 2020. 

D’fhág sin nach bhain leithéidí Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin (108%), Coláiste Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh (100%) agus Gaelcholáiste Phort Láirge (100%) áit amach ar an liosta náisiúnta. 

Tarraingíonn liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’ roinnt conspóide i gcónaí. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann. 

Ní mór a chur san áireamh freisin i mbliana gur gráid mheasta, nó meascán de ghráid mheasta agus torthaí scrúduithe scríofa, a bronnadh in Ardteist na bliana seo caite. 

Fág freagra ar 'Dhá scoil lán-Ghaeilge i gCiarraí i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal'