Dhá oiread maoinithe do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta an bhliain seo chugainn – McHugh

Mar chuid den pholasaí oideachais Gaeltachta tá sé i gceist 40 múinteoir tacaíochta teanga a fhostú i scoileanna Gaeltachta agus leanfar lena n-earcú an bhliain seo chugainn

Dhá oiread maoinithe do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta an bhliain seo chugainn – McHugh

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais Joe McHugh go mbeidh a dhá oiread maoinithe ar fáil an bhliain seo chugainn don Pholasaí Oideachais Gaeltachta 2017-2022.

€2.3 milliún a cuireadh ar leataobh don pholasaí sin i mbliana agus dúirt McHugh gur €5 milliún a bheadh ar fáil an bhliain seo chugainn dó.

Mhaígh an tAire McHugh  go raibh dul chun cinn déanta maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí le dhá bhliain anuas.

“Ó bunaíodh an tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn in 2017, tá dul chun cinn suntasach déanta i bhfeidhmiú an Pholasaí. Áirítear ansin seoladh na Scéime Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta, conarthaí a bheith bronnta ar dhá Institiúid Ardoideachais chun dhá chlár oideachas múinteoirí nua trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

“Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an tionscadal píolótach ríomh-Mhol agus leis an gclár forbartha teanga Forás in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Táthar ag súil go gcuideoidh na tionscnaimh seo le hoideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar i scoileanna Gaeltachta,” arsa an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh.

Mar chuid den pholasaí oideachais Gaeltachta tá sé i gceist 40 múinteoir tacaíochta teanga a fhostú i scoileanna Gaeilge agus leanfar lena n-earcú an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dhá oiread maoinithe do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta an bhliain seo chugainn – McHugh'

  • Sibéal

    Scoileanna Gaeilge? Céard iad sin?
    Oideas Gael?