Dhá cheist atá ag déanamh tinnis do dhaoine faoi Éirinn aontaithe

Ní foláir nó gur údar imní ag formhór mór an phobail é an bhail atá ar an dá chóras sláinte faoi láthair

Dhá cheist atá ag déanamh tinnis do dhaoine faoi Éirinn aontaithe

‘Chaithfinn a bheith cinnte go mbeadh córas sláinte inchurtha leis an NHS ann.’ Sin é an port ag formhór mór na ndaoine a bhíonn sásta aon rud a nochtadh faoina ndearcadh i leith Éire nua, Éire aontaithe nó cibé múnla a bheadh i gceist dá bhfágfadh Tuaisceart Éireann an Ríocht Aontaithe. Sin é a bheadh ó Shinn Féin, a dúirt Mary Lou McDonnell in agallamh raidió.

Bíonn easnamh seirbhíse sláinte ‘saor in aisce ó bhreith go bás’ chomh maith le féiniúlacht Bhriotanach i measc na gcúiseanna ag aontachtaithe a deir nach gcaithfidís vóta go brách i bhfabhar Éire aontaithe.

Níorbh iontas mar sin go raibh an córas sláinte mar údar imní ag 60% i dTuaisceart Éireann a ghlac páirt sa phobalbhreith atá á foilsiú san Irish Times an mhí seo.

Tá léargas breise ar thorthaí IPSOS á thabhairt san eolas ó ghrúpaí fócais thuaidh agus theas a bhfuil scagadh á dhéanamh air ag na hollúna John Garry agus Brendan O’Leary. Duine as ceathrar ó dheas (24%) a dúirt gur údar imní é an tionchar a bheadh ag Éire aontaithe ar an gcóras sláinte.

Ní foláir nó gur údar imní ag formhór mór an phobail é an bhail atá ar an dá chóras sláinte faoi láthair, liostaí feithimh ó smacht, ospidéil faoi bhrú ollmhór, ganntanas foirne agus leapacha blocáilte i mbardaí mar nach bhfuil seirbhísí cúraim iar-ospidéil ar fáil d’othair a d’fhéadfaí a scaoileadh amach.

Ina theannta sin sa Tuaisceart tá ganntanas dochtúirí teaghlaigh agus go leor cleachtas á ndruidim. Déantar cáineadh go seasta ó thuaidh ar an gcostas €50 ar chuairt ar an dochtúir teaghlaigh ó dheas. I bhfianaise chomh deacair is atá sé coinne le haghaidh glaoch gutháin – ní áirím coinne le haghaidh cuarta – a fháil le dochtúir teaghlaigh, d’fhéadfadh an deisceartach a fhreagairt go bhfuil teacht aige ar a dhochtúir.

Lena chois sin léiríonn an staidreamh go bhfuil torthaí sláinte sa deisceart níos fearr ná mar atá abhus.

Sé fírinne an scéil go bhfuil gá le hathchóiriú ar an dá chóras. Bheadh ciall le comhordú eatarthu ar mhaithe le cleachtais barr feabhais agus luach maith ar chaiteachas. Is obair í sin a d’fhéadfaí a thionscnamh go luath; dris chosán a bheadh glanta sula mbeadh reifreann faoin teorainn ann. Fearacht go leor de na ceisteanna eacnamaíochta, costas pinsin agus seirbhísí poiblí eile ba cheart go mbeifí in ann pleanáil chuimsitheach a dhéanamh roimh ré. Ní hamhlaidh an scéal leis an gceist mhór eile, baol foréigin.

Údar imní ag lear mór daoine is ea é sin. Is furasta an bhuairt a thuiscint i bhfianaise na staire agus is deacair freagra na ceiste a thuar. Nuair a fiafraíodh de rannpháirtithe an dteastódh uathu fios a bheith acu roimh vótáil i reifreann go mbeadh Éire aontaithe síochánta dúirt 66% ó dheas go raibh sé fíorthábhachtach. Ba í sin an cheist a raibh an líon ba mhó imníoch fúithi i gcomparáid le 38% ó thuaidh; bhí an eacnamaíocht agus sláinte chun tosaigh i measc na ndaoine sa Tuaisceart.

Tá cuid de na daoine is glóraí a éilíonn reifreann faoin teorainn go han-luath dall ar an imní sa deisceart faoi fhoréigean. Is i mblianta na síochána, sa cheathrú céid seo thart a tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine ó dheas a deir go vótálfadh siad ar son Éire aontaithe. Seans nach mbeidís chomh diongbháilte dá mbeadh baol foréigin nó guagachta ann ó mhionlach mór.

Léirigh na grúpaí fócais mífhoighid le caint faoi amhrán náisiúnta nó bratach nua ach cíbé rud faoi shiombailí luíonn sé le réasún go gcaithfí cearta mionlaigh a chosaint.

Bheadh sé amaideach Éire aontaithe a éileamh gan cúram speisialta a dhéanamh don mhionlach aontachtach nárbh é sin a gcéad rogha.

Ghlacfadh cuid mhór le cinneadh daonlathach ach ní féidir a chur as an áireamh go mb’fhéidir nach gaotaireacht an chaint bhagrach ó ghrúpa beag a deir nach ngéillfeadh siad choíche. Chaithfeadh an margadh a bheith sách tarraingteach lena chinntiú nach mbeadh an geadán sin in ann neart a bhailiú.

Tá bóthar fada le taisteal fós.

Fág freagra ar 'Dhá cheist atá ag déanamh tinnis do dhaoine faoi Éirinn aontaithe'