As seo go ceann roinnt seachtainí cuirfear dlús leis an obair ar ullmhúcháin don cháinaisnéis sa bhfómhar. Tá na ranna rialtais tosaithe cheana féin ag machnamh ar na riachtanais a bheidh acu féin. Fógróidh na tAire Airgeadais Pascal Donoghue ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh as seo go ceann deich lá mar a bhfaighidh muid leide faoi smaointeoireacht an rialtais i dtaobh cúrsaí airgeadais.
Tá sé seo ar fad ag tarlú i gcomhthéacs na corraíola idirnáisiúnta agus sprioc na Máirt seo chugainn atá fógartha ag Donald Trump do mhargadh trádála idir na Stát Aontaithe agus an tAontas Eorpach.
Meas tú ar shíl an tAire James Lawless go deo, mar sin, nuair a dúirt sé an deireadh seachtaine seo caite nach mbeadh liúntas costais maireachtála sa gcáinaisnéis i mbliana le táillí ollscoile a laghdú, an clampar a bheadh mar thoradh ar a chuid cainte?
Ceist achrannach atá i gceist na dtáillí céanna ó cuireadh deireadh leo i 1997 ar mhaithe le deis a thabhairt do níos mó gasúr ó chúlraí níos boichte freastal ar chúrsaí tríú leibhéal. Tá siad ag druidim suas de réir a chéile ó shin faoin teideal “táillí clárúcháin”. Dúradh go soiléir sa gclár rialtais ag tús na bliana seo go bhfaighfí réidh leo arís le linn tréimhse an rialtais seo.
Sin an t-iontas agus an fhearg a bhí ar dhaoine nuair a dúirt James Lawless nach mbeadh laghdú €1,000 ar tháillí i Meán Fómhair i mbliana mar go bhfuil cinneadh soiléir déanta ag an rialtas nach mbeidh íocaíochtaí le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála sa gcáinaisnéis.
Beidh na táillí ar ais ag €3,000 mar sin i mbliana. Ach céard faoin ngealltanas sa gclár rialtais – bhuel, braitheann sé sin ar a mbeidh sa gcáinaisnéis, a dúradh linn. Íoc na táillí reatha ina ngálaí a dúirt an Tánaiste agus fan go bhfeicfidh muid céard a bheidh le fógairt ag Jack Chambers i mí Deireadh Fómhair. Foighid oraibh, a dúirt an Taoiseach, tá fuascailt ar an mbealach ach ní tríd an liúntas a bhí ar fáil le cúpla bliain anuas é.
Cleas cuntasaíochta atá i gceist mar sin? Ní féidir an laghdú sna táillí a áireamh mar fhaoiseamh ón gcostas maireachtála agus caithfear fanacht go mbeidh siad fógartha mar chomhlíonadh ar ghealltanas sa gclár rialtais níos déanaí sa bhfómhar? Is beag an mhaith sin do theaghlaigh agus daltaí ar fud na tíre a mbeidh ullmhúcháin le déanamh acu go luath don chéad bhliain acadúil eile.
Ní mó ná sásta atá Fine Gael leis an gcaoi ar chuir James Lawless an t-athrú seo i láthair an phobail ach, ar ndóigh, tá a chuid cúraimí féin le comhlíonadh aigesean agus é i mbun oibre ar na meastacháin do riachtanais a roinne. Is léir go bhfuil Simon Harris, a chaith seal sa Roinn Ardoideachais é féin, oibrithe go bhfuil conspóid pholaitiúil cothaithe faoin gceist seo.
Idir an dá linn, tá castacht an tsocraithe rialtais le cur san áireamh anois freisin – tá sé soiléir ó chaint Micheal Healy-Rae go mbeidh sé ag iarraidh an socrú seo a athrú. Is cinnte go mbeidh neamhspleáigh eile gan trácht ar chúlbhinseoirí a gheobhaidh glaonna ó theaghlaigh feargacha faoin ualach breise seo.
An cheist nach féidir a mheas go fóill an bhfuil dochar fadtéarmach déanta ag a scéal ar fad don chaidreamh idir páirtithe an rialtais, caidreamh ar féidir leis a bheith sách corrach, de réir cosúlachta an lá is fearr a mbíonn sé.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh scéal na dtáillí tríú leibhéal dochar fadtéarmach a dhéanamh don chomhrialtas'