‘D’fhéadfadh Oireachtas na Samhna bás a fháil am ar bith’ – Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Deir Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge go bhfuil Oireachtas na Samhna i mbaol mar gheall ar an gclaonadh atá i bpolasaí an stáit tús áite a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge seachas a bheith ag freastal ar phobal na Gaeilge

‘D’fhéadfadh Oireachtas na Samhna bás a fháil am ar bith’ – Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’fhéadfadh Oireachtas na Samhna, mórfhéile na Gaeilge, ‘bás’ a fháil am ar bith mura gcuirfear airgead breise agus struchtúr nua maoinithe ar fáil dó.

Tá iarrtha ag An tOireachtas ar bhreis is 50 iarrthóir toghcháin tacú lena n-éileamh go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta €80,000 breise gach bliain dóibh le hOireachtas na Samhna a reáchtáil.

Faigheann An tOireachtas, ceann de na ceanneagraíochtaí Gaeilge, €622,000 ó Fhoras na Gaeilge gach bliain agus tá ochtar fostaithe go lán-aimseartha ag an eagraíocht.

Deir an tOireachtas nach bhfuil aon mhaith sa mhaoiniú sin d’fhéile an Oireachtais mar gheall ar na rialacha agus na cuspóirí atá leagtha síos dóibh ag Foras na Gaeilge.

Deir an eagraíocht nach bhfuil an struchtúr maoinithe atá in úsáid ag Foras na Gaeilge “oiriúnach d’fhorbairt agus d’inbhuanaitheacht na féile” agus maítear chomh maith go bhféadfadh an fhéile “bás” a fháil faoin struchtúr maoinithe atá ann faoi láthair.

Faoin struchtúr maoinithe atá faoi láthair, deir Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, nach bhfuil ach €80,000, “níos lú ná aon trian den tsuim a chosnaíonn an fhéile”, ag an eagraíocht le caitheamh ar Oireachtas na Samhna agus nach leor é chun “deiseanna forbartha a thapú”.

“Níl an fhoireann ná na hacmhainní ag an Oireachtas chun an dá thrian eile ar a laghad a theastaíonn, a fháil,”  a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith go raibh an fhéile i mbaol mar gheall ar an gclaonadh atá i bpolasaí an stáit tús áite a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge seachas a bheith ag freastal ar phobal na Gaeilge.

“An mhórsprioc atá ag Foras na Gaeilge ná cur le líon na gcainteoirí Gaeilge. Tá an tOireachtas ann dóibh siúd arb í an Ghaeilge a dteanga labhartha cheana féin,” a dúirt an Stiúrthóir.

Mar chuid den éileamh atá déanta ag An tOireachtas, táthar ag iarraidh go n-aithneofaí Féile an Oireachtais mar “Institiúid Náisiúnta Gaeilge”, a bhféadfaí “maoiniú neamhspleách” a lorg di.

Tá spriocanna éagsúla d’fhorbairt na féile leagtha amach san éileamh atá déanta ag An tOireachtas, agus iad ag iarraidh go mairfeadh an fhéile “mar phríomhfhéile náisiúnta na nGael” agus go bhfanfadh sí “dílis don phobal ar a bhfuil sí ag freastal, pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht”.

Sa chás go mbronnfaí maoiniú neamhspleách ar an Oireachtas chun an fhéile a reáchtáil, deir an eagraíocht go gcuirfeadh siad trí mhórfhéile eile ar siúl gach bliain, ceann amháin díobh sin sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh Oireachtas na Samhna bás a fháil am ar bith’ – Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge'

  • Doirín na nAmhrán

    Cén aidhm a bheadh ag an Institiú Náisiúnta Gaeilge seo?
    Níl sé soiléir cén aidhm atá ag féile Oireachtas na Samhna. Toisc an fhéile do bheith ag freastal comh mór sin ar Bhéarlóirí STEIP ní féile na nGael a thuilleadh í.

  • Risteárd

    Cad ba mhaith leis baint de na foghlaimeoirí, mar sin? Canathaobh nach bhféidir an stáit tacú le Gaeilgeoirí ó dhúchas agus le foghlaimeoirí ag an am céanna? An naimhde iad?