D’fhéadfadh Mamó agus Daideo cabhrú le huiscealú na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhaolú – tuarascáil

Léiríonn taighde nua go bhfuil an-chreimeadh déanta ar ghnéithe suntasacha de ghramadach na Gaeilge

D’fhéadfadh Mamó agus Daideo cabhrú le huiscealú na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhaolú – tuarascáil

Moltar i dtaighde nua gur cheart ról a thabhairt do Mhamó agus Daideo i gcóras luathoideachais na Gaeltachta chun dul i ngleic le huiscealú na Gaeilge.

De réir na tuarascála nua ó bheirt scoláirí in UCD tá géarghá le scagadh a dhéanamh láithreach ar an tacaíocht atá ar fáil chun saibhriú a dhéanamh ar Ghaeilge cainteoirí óga.

Moltar chomh maith go dtacófaí le tuismitheoirí Gaeltachta plean teanga a ullmhú don teaghlach.

“Ó thaobh na Gaeilge de ní mór scrúdú a dhéanamh ar na bealaí is fearr chun a chur ar chumas tuismitheoirí plean teanga teaghlaigh don Ghaeilge a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm.

“Ba cheart an ceangal idir an baile agus an áit a mbíonn páiste ag freastal sna chéad bhlianta a athbhreithniú ionas go gcuirfí pacáiste tacaíochta cuimsitheach ar fáil sa phobal a bheadh ar fáil do theaghlaigh, fiú sula saolófaí a bpáiste.

“Ba mhór an leas é glúin na seantuismitheoirí a chur san áireamh ar mhaithe le Pleanáil Teanga Teaghlaigh,” a deir na húdair Siobhán Nic Fhlannchadha agus Tina Hickey, atá ag obair i Scoil na Síceolaíochta san Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Deirtear go bhféadfadh seantuismitheoirí atá líofa sa nGaeilge cuidiú ina ról mar chúramóirí leanaí ach gur cheart taighde a dhéanamh freisin féachaint an bhféadfaí ról a thabhairt dóibh sna naíonraí, amhail staidéar a rinneadh ar an tseirbhís kohanga reo sa Nua-Shéalainn.

Léiríonn an taighde seo Where Are the Goalposts? Generational Change in the Use of Grammatical Gender in Irish go bhfuil an-chreimeadh déanta ar ghnéithe suntasacha de ghramadach na Gaeilge.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an chuma ar na leanaí agus na daoine óga sin a labhraíonn Gaeilge ‘iarthraidisiúnta’ na Gaeltachta nach bhfuil máistreacht acu ar an líofacht teanga a aithníonn an inscne go córasach sa teanga.

I bpobail ina bhfuil Gaeilge á labhairt is cosúil nach dtugtar aon aitheantas rialta don inscne tar éis alt cinnte ná nuair a bhíonn aidiacht ag gabháil leis an ainmfhocal. Ní leanaí amháin a dhéanann neamhaird den inscne ach daoine fásta faoi 55 bliain d’aois, a mhaíonn na húdair.

Is cosúil gur léirigh a gcuid taighde go bhfuil na leanaí agus na daoine fásta níos cruinne agus an aidiacht shealbhach sa tríú pearsa á ainliú acu.

Maítear sa staidéar gur dóigh, sular tugadh isteach an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, nár tugadh an oiread airde ar ghramadach na Gaeilge a mhúineadh go foirmeálta i scoileanna Gaeltachta agus a thugtaí i scoileanna a bhí ag teagasc foghlaimeoirí.

“Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo na leanaí a mbíonn níos mó Gaeilge ina dtimpeall gur cruinne agus gur flúirsí a gcuid Gaeilge ná na leanaí sin a thógtar i dteaghlaigh dhátheangacha nó i dteaghlaigh arb é an Béarla is coitianta iontu. Mar sin féin bíonn siad fós ag foghlaim faoi inscne na gramadaí go bhfágann siad an bhunscoil agus tá an-bhaol ann go mbeadh sé ródhéanach nó ‘a n-am istigh’.”

Deir na húdair go bhfuil bearta tacaíochta a bheadh córasach agus sonrach ag teastáil do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge sa mbaile sa réamhscoil agus i mblianta na bunscoile. Tá na bearta tacaíochta seo riachtanach le déileáil leis na riachtanais shainiúla agus leanúnacha a bhíonn ag na leanaí agus chun eolas níos fearr a chur ar fáil do thuismitheoirí faoi shealbhú na Gaeilge nuair atá an Béarla mórthimpeall orthu.

Léiríonn an anailís seo na hainmfhocail bhaininscneacha a bhíonn in úsáid go minic gur cruinne a comhlíonadh rialacha gramadaí na hinscne, msh ‘an fhuinneog’.

Bhí na daoine fásta cruinn ó thaobh na hinscne 87% den am ach ní raibh na gasúir cruinn ach 21.6% den am. An dara focal ba mhó a raibh gasúir cruinn faoi, ‘an fhiacail’, ní raibh an úsáid cruinn ach 15% den am.

Seachas an séimhiú a chaitheamh i dtraipisí is amhlaidh a bhí daoine óga á shacadh ar fhocail go fánach beag beann ar an inscne.

An chuid ab óige de na daoine óga [aosaigh óga] an dream ba fhlaithiúla a bhí leis an séimhiú agus lean an dream idir 25–55 bliain leis an nós sin agus an séimhiú á shacadh isteach gan údar acu níos minice ná na daoine sa suirbhé seo a bhí os cionn 56 bliain d’aois.

Ba mhó tionchar a bhí ag aois an chainteora ná a chúlra teanga ar an róshéimhiú seo mar bhí cainteoirí dúchais óga chomh flaithiúil céanna leis an séimhiú earráideach seo.

Bailíodh sonraí an taighde seo ó 135 cainteoir dúchais fásta agus ó 306 leanbh (idir 6-13 bliain) a bhí ina gcónaí i bpobail Ghaeltachta.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh Mamó agus Daideo cabhrú le huiscealú na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhaolú – tuarascáil'

  • Dónall

    Cuirtear Mamó agus Daideo i bhfeighil ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta! Níl aon dabht ach go n-éireoidh leo!

  • Colin Ryan

    Thar a bheith suimiúil ó thaobh na sochtheangeolaíochta de. Níl aon rud ann nach mbeifeá ag súil leis, i ndáiríre, agus an Ghaeilge chomh lag sin anois sna ceantair sin. Mo bharúil féin go bhfuil sé ró-dhéanach anois srian a chur le meath úd na gramadaí agus gur dócha gur cruinne Gaeilge na gcathrach, cé nach mbeadh ionadh orm dá dtitfeadh a leithéid amach ansiúd feasta, a bheag nó a mhór. Tá tairseach criticiúil na teanga caillte anois sa Ghaeltacht, dar liom, cé gur iomaí duine nach bhfuil sásta é sin a aithint. Mairfidh an teanga thoir agus í dearmadta thiar.

  • Caitríona

    Ní bheidh an tsaibhreas teanga thoir go deo mar a bhí agus mar atá thiar!

  • Colin Ryan

    Tá saibhreas teanga ag na cainteoirí dúchais is sine, gan dabht, ach ba dheacair a rá (faraor) go bhfuil an saibhreas sin ag glúin óg na Gaeltachta.

  • Gearóid de Grás

    D’fhéadfadh údar an ailt seo cabhrú le meath, le dul i léig, le dul ar gcúl na Gaeilge sa Ghaeltacht (agus lasmuigh) a mhaolú trí bheith stuama agus an Béarlachas a sheachaint – i gceannteideal go háirithe.

  • An Teanga Bheo

    Is fiú go mór oidhreacht ár sinsear briseann an dúchas amach.

  • Padraic

    Uiscealú na Gaeilge????