D’fhéadfadh gur mhór an rath é ar Dhúiche Sheoigheach dá mbeadh sé ina Gheopháirc UNESCO

Níl ach 140 geopháirc UNESCO ar fud an domhain ar fad. An bhféadfadh ceann eile a bheith i nDúiche Sheoigheach?

D’fhéadfadh gur mhór an rath é ar Dhúiche Sheoigheach dá mbeadh sé ina Gheopháirc UNESCO

Tuilleadh rialacha caomhnaithe, a dúirt cuid de na daoine i gConamara nuair a chuala siad trácht i dtosach ar Gheopháirc Dhúiche Sheoigheach. Dá dheacra dá raibh cúrsaí pleanála sa dúiche sin roimhe seo, a dúirt siad, beidh siad seacht n-uaire níos deacra anois.

An lá faoi dheireadh cheadaigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail €969,000 faoin gClár Forbartha Tuaithe le deis a thabhairt don cheantar as Baile an Tobair i gContae Mhaigh Eo siar don Líonán i gConamara agus anuas go dtí an Teach Dóite cur isteach ar scéim geopháirceanna Eagraíocht Oideachais Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO). Beidh trí loch san áireamh, Loch Con, Loch Measca agus cuid de Loch Coirib.

Ní call do lucht an éadóchais imní a bheith orthu is cosúil, ní chuirfidh an scéim seo isteach ná amach ar chúrsaí pleanála ná ar chúrsaí feirmeoireachta ach an oiread, a dúirt Cathaoirleach Choiste Pleanála na Geopháirce, Yvonne Finn.

Tá ocht n-ionad roghnaithe le léargas a thabhairt ar an mianach geolaíochta atá sa gceantar. Ar na carraigeacha agus ar na lochanna a chuirfear béim.

Sea agus ar na sléibhte. Tá sléibhte maorga ann go deimhin.

Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann ag tabhairt an-tacaíocht don iarratas. Chuir an eagraíocht sin airgead ar fáil don choiste le geolaí páirtaimseartha a fhostú. Fear as an bhFrainc é atá ina chónaí sa gceantar le tamall.

Go dtí seo tá clár eolais faoin ábhar curtha ar fáil aige sna scoileanna. Tá sá i gceist léarscáil speisialta a fhoilsiú freisin.

Gheall Yvonne Finn go mbeadh an t-ábhar ar fad i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá obair trí bliana roimh an gcoiste anois ag cur barr slachta ar an iarratas. Beidh ionaid pháirceála do charranna le socrú ag na hocht n-ionad atá roghnaithe agus caithfear painéil eolais a chur suas freisin.

Ní mór an cás a mhíniú go han-soiléir. Dream iad moltóirí UNESCO nach mbeidh sé éasca dul i bhfeidhm orthu. Caithfear cuimhneamh nach bhfuil ach 140 geopháirc ar fud an domhain ar fad.

Níl ach trí cinn acu in Éirinn, ceann sa mBoirinn i gcontae an Chláir, ceann i bPort Láirge agus ceann i bhFear Manach/Cabhán.

Tá cáil ar thírdhreach na Boirne ar fud an domhain ar ndóigh. Idir an Trá Mhór agus Dún Garbhán atá an gheopháirc i bPort Láirge. Tá Gairdín Geolaíochta i mBun Machan. Cuirtear béim faoi leith ar an mianadóireacht chopair a bhí ar bun sa gceantar sa naoú haois déag.

Maidir le geopháirc an tuaiscirt páirc thrasteorann atá inti sin: tá cuid di gcontae Fhear Manach agus an chuid eile i gcontae an Chabháin. Na huaimheanna atá inti an gné is suntasaí sa bpáirc seo.

Má thógann sé trí bliana na hionaid a fháil faoi réir agus an t-iarratas scríofa a chur i dtoll a chéile, ceaptar go dtógfaidh sé dhá bhliain ar UNESCO cinneadh a dhéanamh.

Cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar an aidhm bhunúsach atá leis an iarracht ar fad, go háirithe dreamanna a mbeadh suim faoi leith acu i gcúrsaí geolaíochta agus i radharcanna breátha tíre.

D’éirigh thar barr le coincheap Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Beifear ag súil go mbeidh an branda nua seo chomh láidir is go dtabharfaidh sé ar dhaoine a bheidh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin aghaidh a thabhairt ar Dhúiche Sheoigheach.

Creideann Yvonne Finn go bhféadfadh 200 post a theacht as an iarracht ar fad sa deireadh. Dá dtiocfadh cuid acu féin dá bharr ba mhór an rath é ar cheantar a bhfuil radharcanna breátha ann gan amhras ar bith ach a bhfuil an daonra ag laghdú ann ó bhliain go bliain ina theannta sin.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gur mhór an rath é ar Dhúiche Sheoigheach dá mbeadh sé ina Gheopháirc UNESCO'