D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca

Tá an baol ann i gcónaí go bhféadfadh an choimhlint sa Mheán-Oirthear leathnú agus go mbeadh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus Hezbollah

D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca

Le linn aimsir na Nollag bhí an chuma ar chúrsaí go raibh rudaí ag imeacht ó smacht sa Mheánoirthear agus ó thús na hathbhliana níl mórán cúiseanna againn an dearcadh sin a athrú.

Díreach roimh an athbhliain chuir na Houthi in Éimin leis na hionsaithe ar longa a bhí ag taisteal trí Chanáil Shuais. Mharaigh na Meiriceánaigh deichniúr Houthi agus iadsan i mbun ionsaithe ar long choimeádán sa Mhuir Rua.

Sheol na Houthti ionsaí ollmhór eile ar longa sa mhuir ar an 9 Eanáir agus mar gheall air sin tá comhghuaillíocht idirnáisúnta faoi cheannas na Stát Aontaithe tar éis suíomhanna Houthi in Éimin a ionsaí ón aer.

Tar éis Lá Caille rinne na Meiriceánaigh ionsaí ar bhunáit de chuid Al-Hashd Al- Shaabi, dream a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, agus mharaigh siad ceannaire an ghrúpa.

Anuas ar gach rud, cúpla lá ina dhiaidh sin, phléasc buamaí i gcathair Kerman san Iaráin, ionsaí inar maraíodh níos mó ná 80 duine.

Go luath i ndiaidh na mbuamaí mhaígh ISIS go raibh siadsan freagrach astu.

Roimh an athbhliain mharaigh na hIosraelaigh ginearál Iaránach a raibh ról lárnach aige i gcúrsaí comhordaithe idir Hezbollah agus an Iaráin. I ndiaidh na hathbhliana mharaigh siad leascheannaire Hamas a bhí freagrach as cúrsaí comhordaithe idir Hamas agus an Iaráin in ionsaí ar árasán i mBéiriút. Chuir siad go mór leis an teannas sa réigiún nuair a d’éirigh leo beirt cheannairí Hezbollah a fheallmharú cúpla lá ó shin.

Cé go bhfuil a lán eachtraí tar éis tarlú le roinnt seachtainí anuas caithfear idirdhealú a dhéanamh idir na hionsaithe éagsúla.

Ionsaithe sa Mhuir Rua

Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil na Houthi, atá lonnaithe in iarthar Éimin ar chósta na Mara Rua, níos bagraí agus níos trodaí ná aon ghrúpa eile a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin. Cé go bhfuil Éimin níos mó ná 2,000 ciliméadar ó Iosrael d’éirigh leo dróin agus diúracáin a scaoileadh le hIosrael díreach tar éis na n-ionsaithe ar Gaza.

Ach tá siad dírithe ar longa atá ag taisteal trí Chanáil Shuais a ionsaí faoi láthair. D’éirigh leo báid bheaga a sheoladh chun roinnt long a ionsaí, fiú d’éirigh leo ingearán a chur san aer chun long amháin a ghabháil.

Ach tá longa cabhlaigh ó thart ar 30 tír lonnaithe sa cheantar mar chuid de chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bunaíodh chun déileáil leis na foghlaithe mara ón tSomáil. Tá cuid mhaith de na tíortha anois i gcomhghuaillíocht nua chun dul i ngleic leis na hionsaithe ó na Houthi.

Cé gur thaistil níos mó ná 2000 long choimeádán tríd an gcanáil ó thús na n-ionsaithe i nGaza tá cuid mhaith de na comhlachtaí coimeádán tar éis a fhógairt go bhfuil siad chun an chanáil a sheachaint go dtí go mbeidh an ghéarchéim thart.  Gan amhras cuirfidh sé seo le costas earraí  iompórtáilte ar fud an domhain.

Toisc go raibh na Houthi in ann cur suas le hionsaithe ó aerfhórsa na hAraibe Sádaí ar feadh cúig bliana, seans go bhfuil ullmhúcháin déanta acu chun déileáil le cuid de na hionsaithe ón gcomhghuaillíocht agus go mbeidh siadsan in ann leanúint leis an mbrú ar longa sa Mhuir Rua.

Ach beidh brú orthusan agus ar an Iaráin chomh maith ó tíortha eile, lena n-áirítear an India agus tSín, stop a chur leis na hionsaithe mar gheall ar an tionchar a imríonn siad ar chóras trádála an domhain.

D’fhógair an comhlacht coimeádán Maersk le déanaí go bhfuil siad chun an chanáil a sheachaint go dtí go mbeidh an ghéarchéim thart agus cé gur dhiúltaigh níos mó ná 100 long taisteal tríd an gcanáil mar gheall ar na hionsaithe tá níos mó ná 2,000 long tar éis dul tríd ó thús na n-ionsaithe i nGaza in ainneoin na mbagairtí. Ach seans go mbeidh níos mó comhlachtaí coimeádán ag seachaint na canála mar gheall ar an ionsaí is déanaí ó na Houthi.

Má leanann siad ar aghaidh leis na hionsaithe ar longa níl amhras ar bith ann ach go mbeidh freagra, go príomha, ó na Meiriceánaigh agus ó na tíortha eile atá mar chuid den chomhghuaillíocht nua freisin.

Ionsaithe na Meiriceánach

Ó rinne Hamas na hionsaithe ar Iosrael tá níos mó ná 100 ionsaí déanta ag dreamanna éagsúla, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, ar bhunáiteanna Meiriceánacha sa réigiún.

Mar chuid d’fheachtas freagartha teoranta na Stát Aontaithe tá na Meiriceánaigh tar éis thart ar shé ionsaí ón aer a dhéanamh ar na dreamanna sin; ceann amháin i mí Dheireadh Fhómhair, trí cinn i mí na Samhna, ceann amháin i mí na Nollag agus an ceann ar Al Hashd Al-Shaabi ar an 4 Eanáir.

Leanfaidh an feachtas freagartha chomh fada agus a leanfaidh na hionsaithe ar na bunáiteanna Meiriceánacha san Iaráic agus sa tSiria.

Na Buamaí san Iaráin

Díreach tar éis na mbuamaí i gcathair Kerman d’áitigh roinnt ceannairí san Iaráin go raibh na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh taobh thiar díobh. Ach ag an am céanna dúirt Aire Gnóthaí Inmheánacha na hIaráine go raibh sé chun an teorainn leis an Afganastáin a dhaingniú, comhartha é seo gur mheas na hIaránaigh go raibh daoine eile freagrach as na hionsaithe.

Go luath ina dhiaidh sin mhaígh ISIS go raibh siadsan freagrach as na buamaí.

Ionsaithe na nIosraelach

Tharla na hionsaithe ar cheannairí Hamas agus Hezbollah agus ar an nginearál Iaránach tar éis do na hIosraelaigh a mhaíomh go raibh an sprioc maidir le heite mhíleata Hamas a chloí i dtuaisceart Gaza bainte amach acu a bheag nó a mhór agus go raibh siad chun roinnt trúpaí a tharraingt amach as an stráice.

Gan amhras mar dhíoltas as na heachtraí ar an 7 Deireadh Fómhair a bhí na hionsaithe agus ba léir freisin go raibh na hIosraelaigh ag iarraidh cur isteach ar an tacaíocht a fhaigheann Hamas agus Hezbollah ón Iaráin. Ach an comharthaí iad seo go bhfuil an choimhlint ar tí leathnú agus go mbeidh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus Hezbollah?

Díreach tar éis ionsaithe Hamas bhí daoine áirithe in Iosrael ag rá gur chóir dóibh an deis a thapú chun ionsaí réamhchoisctheach a dhéanamh ar Hezbollah fad is a bhí aird an domhain mhóir dírithe ar uafás na n-ionsaithe.

Níor thapaigh na hIosraelaigh an deis a bhí á moladh ag roinnt comhairleoirí ach bhí orthu níos mó ná 80,000 duine a aistriú ó cheantar na teorann ar chúiseanna sábháilteachta. Gan amhras beidh siad ag iarraidh iad a bhogadh ar ais ach ní bheidh siad sásta maireachtáil ansin agus Hezbollah i dtreis trasna na teorann sa Liobáin. Ní bheidh muintir an cheantair sásta cur suas leis na bagairtí as seo amach ach oiread.   

Cé go bhfuil eachtraí teoranta ag tarlú idir Iosrael agus Hezbollah faoi láthair is féidir a shamhlú dá dtarlódh eachtraí tromchúiseacha go tobann i ndiaidh a chéile, go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht go sciobtha agus go bhféadfadh cogadh dearg tosú idir an dá thaobh.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca'