Deontas Gaeilge €10,000 le tabhairt ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí 

Tá an deontas le bronnadh mar chuid de scéim tacaíochta nua atá á bunú mar thoradh ar athbhreithniú ar chur chuige an Údaráis i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge

Deontas Gaeilge €10,000 le tabhairt ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí 

Tá Údarás na Gaeltachta chun €10,000 breise a íoc le comhlachtaí agus é le caitheamh ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnóthaí.

Tá an deontas le bronnadh mar chuid de scéim tacaíochta nua atá á bunú mar thoradh ar athbhreithniú ar chur chuige an Údaráis i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge ina chuid cliantchomhlachtaí.

De réir thaighde an Údaráis, is iad na mórchomhlachtaí “is deacra dul i bhfeidhm orthu ó thaobh nósmhaireacht teanga” agus meastar dá bharr sin, go bhfuil “gá ar leith” tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá an scéim nua le díriú ar chomhlachtaí Gaeltachta ina bhfuil 30 duine nó níos mó ag obair iontu.

Cuirfear maoiniú ar fáil do na comhlachtaí seo chun Pleananna Forbartha Gaeilge trí bliana a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

De réir na scéime nua, cheapfaí baill foirne sna comhlachtaí ina n-áisitheoirí teanga chun na pleananna Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Beidh maoiniú idir €5,000 agus €10,000 á chur ar fáil do na comhlachtaí “chun gníomhaíochtaí teanga-dhírithe a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn sa ghnó”.

Mar thús leis an scéim cuirfear an deontas nua ar fáil do 8-10 comhlacht sa Ghaeltacht i mbliana.

Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, a chuir an t-eolas sin ar fáil mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air.

Chuir Údarás na Gaeltachta tús in 2021 le hathbhreithniú ar an gcur chuige atá acu maidir le monatóireacht teanga a dhéanamh ar na comhlachtaí a dtugann siad maoiniú dóibh.

Chuathas i mbun an athbhreithnithe tráth ar tuairiscíodh nach raibh aon taifead ag an Údarás d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

De réir an taighde a rinne Údarás na Gaeltachta mar chuid dá n-athbhreithniú, cainteoirí Gaeilge iad nach mór 60% díobh siúd a bhíonn ag obair ina gcliantchomhlachtaí, ach is i mBéarla den chuid is mó a bhíonn na comhlachtaí sin ag cumarsáid lena gcustaiméirí.

Tá plean seo an Údaráis scéim tacaíochta nua a bhunú i mbliana pléite cheana ag Bord na heagraíochta Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Deontas Gaeilge €10,000 le tabhairt ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí '

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhfuil breis airgid le cur amú ar phleananna teanga ar pháipéir nach gcuirfear i bhfeidhm?