‘Deiseanna duitse’ – sraith nua agallamh beo faoin bhfostaíocht atá ar fáil sa Ghaeilge

Deir lucht na sraithe nua ‘Deiseanna Duitse’ go bhfuil go leor deiseanna fostaíochta ag teacht chun cinn na laethanta seo ach nach mbítear rómhaith ag scaipeadh eolais faoi na deiseanna sin

‘Deiseanna duitse’ – sraith nua agallamh beo faoin bhfostaíocht atá ar fáil sa Ghaeilge

Tá tús curtha ag Gaelchultúr le sraith agallamh ar Facebook Live a bhfuil fúithi an pobal a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge agus daoine a spreagadh le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

‘Deiseanna Duitse’ is teideal don tsraith clár ar líne agus is iad Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, agus Derek O’Brien, Riarthóir Acadúil an chomhlachta, láithreoirí na sraithe a bhíonn á craoladh beo idir 7.30pm agus 8pm ar an Máirt.

Tá na cláir a craoladh go dtí seo le fáil ar leathanach Facebook Ghaelchultúir agus is féidir teacht orthu ar chainéal YouTube na hinstitiúide chomh maith.

“An sprioc atá leis na cláir seo ná an pobal a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge agus daoine a spreagadh le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga chun gur féidir leo na deiseanna sin a thapú,” a deir Éamonn Ó Dónaill.

I ngach clár, labhraíonn Gaelchultúr le duine atá ag obair i bpost ina bhfuil an bhéim ar ardscileanna teanga agus bíonn deis acusan a bhíonn ag féachaint ar an gcraoladh ceisteanna a chur ar an aoi.

“Tá go leor deiseanna fostaíochta ag teacht chun cinn na laethanta seo ach braithim nach bhfuil muidne i saol na Gaeilge rómhaith ag scaipeadh an eolais faoi na deiseanna sin agus is iarracht í an tsraith ‘Deiseanna Duitse’ dul i ngleic leis an deacracht áirithe sin,” arsa Ó Dónaill.

Dúirt sé go raibh 4,500 amharc ar Facebook tar éis cúpla lá ag an gcéad chlár sa tsraith, agallamh le Seosamh Ó Murchú ón Ghúm.

“Bíonn suim i gcónaí ag Gaelchultúr teacht i dtír ar an teicneolaíocht is nuaí atá ar fáil agus í a úsáid le seirbhís níos fearr a chur ar fáil dár gcuid foghlaimeoirí agus mac léinn, agus le heolas a scaipeadh ar bhealach níos éifeachtaí. Níor craoladh sraith den chineál seo riamh sa Ghaeilge agus táimid an-sásta a bheith ag tabhairt faoi thionscadal nuálach dá leithéid,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir.

Ba í Susan Folan, saorateangaire in institiúidí an Aontais Eorpaigh, a cuireadh faoi agallamh sa dara clár sa tsraith agus ba í Aislínn McCrory, Ceann Gníomhach ar Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Coimisiún Eorpach, aoi an tríú clár. I measc na n-aíonna a bheidh le feiceáil sna seachtainí atá romhainn, beidh Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais; Fionnuala Croker, Preasoifigeach leis an gCoimisiún Eorpach in Éirinn; agus an Dr Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

Bíonn eolas ar fáil go rialta ar Facebook, Twitter agus Instagram Ghaelchultúir faoi chláir na sraithe.

Is féidir teacht ar na cláir a craoladh go dtí seo thíos.

Fág freagra ar '‘Deiseanna duitse’ – sraith nua agallamh beo faoin bhfostaíocht atá ar fáil sa Ghaeilge'

  • Nóirín Uí Dhamhainn

    An bhfuil an fhostaíocht dírithe ar dhaoine óga amháin ?