Deis iontach ag Gaillimh nó Doire an lá mór a bhaint amach

Is beag duine a cheap ag tús na bliana go mbeadh Gaillimh agus Doire i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann ach níl aon amhras ach go bhfuil a n-áiteanna i gcluiche an lae inniu tuillte acu

Deis iontach ag Gaillimh nó Doire an lá mór a bhaint amach

Gaillimh v Doire – Páirc an Chrócaigh, 5.30pm (Beo ar RTÉ & Sky)

Cluichí an-difriúil a bhí ag an dá fhoireann seo coicís ó shin agus beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh aige sin ar an gcéad cheann de chluichí leathcheannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Bhí cuma an-láidir ar Dhoire in aghaidh an Chláir agus is cuma cé chomh hainnis agus a bhí na Cláirínigh an lá céanna, tabharfaidh an bua an-mhisneach d’fhoireann Rory Gallagher.

Bhí an-chuid cainte faoi stíl chosantach Dhoire i ndiaidh chluiche ceannais Uladh ach léirigh siad a gcumas ar an ionsaí in aghaidh an Chláir. Cinnte, bhí cúigear déag taobh siar ag cosaint ag Doire nuair a bhí seilbh ag an gClár ar an liathróid ach, chomh luath agus a baineadh díobh í, d’imigh Doire ar an tréanionsaí agus seo suas an pháirc leo ar luas lasrach. Caithfidh gurb iad an dream is aclaí sa tír i mbliana agus an chuma orthu go bhfuil siad in ann dul suas agus anuas Páirc an Chrócaigh gan stad.

Lá arna mhárach, bhí Gaillimh ag imirt agus iad tagtha slán in aghaidh Ard Mhacha a bhuíochas do chiceanna éirice tar éis don chluiche a bheith buaite agus caillte agus buaite arís ag na Gaillimhigh.

D’imir Gaillimh chomh maith agus a d’imir siad le fada an lá d’fhormhór an chluiche sin ach ábhar imní do Phádraic Joyce agus do lucht leanta an chontae é an chaoi gur lig siad Ard Mhacha ar ais sa chluiche arís. Bhí Gaillimh sé phointe chun tosaigh agus an 70 nóiméad caite ach scaoil siad isteach dhá chúl bhoga leis an obair mhaith sin a chur ó mhaith.

Déarfaidh na Gaillimhigh gur dea-chomhartha é chur éirigh leo teacht ar ais arís agus an cluiche a bhaint faoi dheireadh. Ag cuimhneamh ar na deiseanna a thug siad do Mhaigh Eo agus do Ros Comáin teacht ar ais i gcluichí a bhí nach mór buaite ag Gaillimh, tá ceist ann go fóill faoi chumas na Gaillimhe foireann a chur de dhroim seoil. 

Is mór an buntáiste in aghaidh Ard Mhacha a bhí i dtaispeántais leithéidí Robert Finnerty, Cillian McDaid agus Matthew Tierney. Dírítear go minic ar iarrachtaí Shane Walsh, Damien Comer agus Paul Conroy i ngeansaí na Gaillimhe ach dá n-éireodh leis an gcéad triúr sin agus tuilleadh nach iad dul i bhfeidhm ar an imirt tráthnóna, bheadh an-seans ag Gaillimh.

Bhuaigh Gaillimh go slachtmhar an cluiche sraithe idir na foirne seo níos túisce i mbliana ach cá bhfios an mbeidh tionchar ar bith ag an gcluiche sin ar chúrsaí. Bhí Shane Walsh agus Shane McGuigan, príomhscórálaithe na bhfoirne, ar iarraidh an lá sin, chomh maith le roinnt imreoirí eile agus drochsheans go mbeidh Doire chomh dona arís.

Cinnte, ní ghéillfidh siad ceithre chúl. Tá Chrissy McKaigue, Brendan Rogers, Gareth McKinless agus Conor Doherty i measc cosantóirí den scoth agus beidh ar Ghaillimh obair go dian chun gach scór a aimsiú. Tá McGuigan i mbarr a réime i measc na dtosaithe agus leithéidí Benny Heron agus Paul Cassidy ag cuidiú leis.

Tá a fhios ag an dá fhoireann go bhféadfadh tamall eile a bheith ann sula mbeidh deis níos fearr acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach agus b’fhearr dóibh an ceann seo a thapú.

Fág freagra ar 'Deis iontach ag Gaillimh nó Doire an lá mór a bhaint amach'