Deis ann córas a bhunú a thacóidh le páistí ón Úcráin agus páistí eile gan Gaeilge an teanga a shealbhú

Deis ann córas a bhunú a thacóidh le páistí ón Úcráin agus páistí eile gan Gaeilge an teanga a shealbhú – Gaeloideachas

Deis ann córas a bhunú a thacóidh le páistí ón Úcráin agus páistí eile gan Gaeilge an teanga a shealbhú

Deir Cathaoirelach COGG go bhfuil sé ‘casta go leor’ freastal ar na daltaí ón Úcráin i scoileanna lán-Ghaeilge ach gurb í an rud is tábhachtaí ná go gcuirfí fáilte rompu

Tá fáilte curtha ag an eagraíocht Gaeloideachas roimh na huaireanta teagaisc breise atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna atá ag glacadh le páistí ón Úcráin, ach deirtear go bhfuil sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar na cineálacha tacaíochta a chuirtear ar fáil de réir mar a thagann dúshláin nua chun cinn.

D’eisigh an Roinn Oideachais treoracha do scoileanna a bhfuil páistí ón Úcráin cláraithe leo le gairid agus tá uaireanta tacaíochta teanga breise curtha ar fáil chun scileanna teanga na ndaltaí nua a fhorbairt.

Tá míshástacht léirithe ag daoine in earnáil an oideachais lánGhaeilge nach bhfuil tacaíochtaí breise curtha ar fáil do Ghaelscoileanna ná do scoileanna Galetachta, cé go bhfuil sé aitheanta ag an Roinn go mbeidh dúshláin bhreise i gceist sna scoileanna sin agus iad ag glacadh le daltaí nua ón Úcráin nach mbeidh tuiscint ar bith acu ar an teanga.

Deir an eagraíocht Gaeloideachas go gcuireann siad fáilte roimh na huaireanta breise tacaíochta teanga agus gur léir go n-aithníonn an Roinn Oideachais na dúshláin bhreise teanga atá ag scoileanna.

Deirtear, áfach, go dtiocfaidh dúshláin eile chun cinn amach anseo agus go gcaithfidh an Roinn a bheith réidh chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh deis athbhreithniú a dhéanamh ar an liúntas seo de réir mar a thagann na dúshláin seo chun cinn,” a dúirt urlabhraí de chuid Gaeloideachais le Tuairisc.

Faoi láthair, tá na huaireanta breise céanna curtha ar fáil do scoileanna a ghlacann le páistí ón Úcráin chun scileanna teanga na ndaltaí nua a fhorbairt, is cuma más i mBéarla nó i nGaeilge a dhéantar an teagasc sa scoil.

Go fadtéarmach, deir Gaeloideachas go bhfuil deis anseo don Roinn Oideachais córas a chur i bhfeidhm a thacódh le daltaí a thugann faoin oideachas lán-Ghaeilge nach bhfuil an teanga acu ná ag a muintir. Deirtear go bhfuil córas ar leith ann sa Bhreatain Bheag a thacaíonn le daltaí atá chun freastal ar scoil Bhreatnaise agus go bhféadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm in Éirinn.

“Tá súil ag Gaeloideachas chomh maith gur tús le córas atá anseo a bheadh ar fáil d’aon dalta a thagann chuig a scoileanna agus tacaíocht de dhíth orthu Gaeilge a shealbhú. Tá córas ionaid teanga ar fáil chuige seo i gceantair ina labhraítear Breatnaise le tacú le daltaí a thagann isteach sa chóras scolaíochta lán-Breatnaise gan an teanga sin acu, agus d’fhéadfaí breathnú ar a leithéid de chóras a bheith in Éirinn chomh maith.”

Maidir le daltaí nua ón Úcráin, tá obair ar bun ag Gaeloideachas chun teacht i gcabhair orthu agus iad á gclárú le scoileanna lán-Ghaeilge.

“Tá Gaeloideachas ag aistriú a mbileog ar oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go hÚcráinis le bheith mar chabhair do na scoileanna agus mar eolas do thuismitheoirí.

“Ar a bharr sin, tá aistriú ar siúl ar an acmhainn Déan Comhrá (áis Gaeilge do thuismitheoirí le tacú lena bpáistí), agus cuirfear córas foghraíochta leis le cabhrú le muintir na hÚcráine roinnt Gaeilge a fhoghlaim,” a dúradh.

Deir Cathaoirleach COGG, Dónal Ó hAiniféin, go mbeidh sé “casta go leor” i scoileanna lán-Ghaeilge freastal ar na riachtanais a bheidh ag na daltaí nua ón Úcráin ach, mar sin féin, deir sé go bhfuil deis ann an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn mar rogha tharraingteach dóibh

“An rud atá mise ag iarraidh a dhéanamh amach ná conas gur féidir linn cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta,” a deir Ó hAiniféin.

“Caithfimíd a bheith ana-thuiscineach dos na mianta atá ag na tuismitheoirí dá bpáistí. Ní féidir linn a rá le tuismitheoir ‘Is gá duit do pháiste a chur chuig an nGaelscoil’. Caithfimid a chur ina luí ar na tuismitheoirí gur rogha bhuntáistiúil é seo dá bpáistí agus ligean dóibh an rogha a dhéanamh, agus b’fhéidir é sin a bheith bunaithe ar thuiscint níos doimhne ná toisc an Ghaelscoil a bheith lonnaithe síos an bóthar ón óstán.”

Príomhoide i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis é Ó hAiniféin agus cé nach bhfuil aon pháistí ón Úcráin tagtha chun na scoile go dtí seo, measann sé go dtiocfaidh athrú air sin sula i bhfad.

Deir sé go mbeidh COGG ag lorg uaireanta breise do theagasc na Gaeilge chun scileanna teanga na nÚcránach a bheidh sna scoileanna lán-Ghaeilge a fheabhsú amach anseo agus go mbeadh an Roinn Oideachais “flaithúil” maidir le soláthar tacaíochtaí, ach deir Ó hAiniféin gurb é an rud is tábhachtaí ar dtús ná go gcuirfí “fáilte Uí Cheallaigh” roimh na gasúir sna ranganna.

“Is ionann [na gasúir] a bheith tumtha sa Bhéarla agus iad a bheith tumtha sa Ghaeilge. Déanfaidh siadsan a n-aigne suas bunaithe ar an meangadh agus ar an gcur chuige a bheidh ag na daltaí agus na múinteoirí a bheidh ag cur fáilte rompu. Teanga idirnáisiúnta an cheoil agus an chairdis a bheidh á léiriú againn ag an tús.”

Tá suas le 4,000 páiste ón Úcráin cláraithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna an stáit le roinnt seachtainí anuas agus iad ar dteitheadh ó ionradh na Rúise ar a dtír.

Deir an Roinn go bhfuil ábhar curtha ar fáil san Úcráinis agus sa Rúisis do thuismitheoirí agus scoláirí as an Úcráin ina mínítear stádas na Gaeilge in Éirinn, stádas na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus an ról atá ag an teanga sa chóras oideachais.

Fág freagra ar 'Deis ann córas a bhunú a thacóidh le páistí ón Úcráin agus páistí eile gan Gaeilge an teanga a shealbhú'

  • Ciarán

    “Tá córas ionaid teanga ar fáil chuige seo i gceantair ina labhraítear Breatnaise le tacú le daltaí a thagann isteach sa chóras scolaíochta lán-Breatnaise gan an teanga sin acu, agus d’fhéadfaí breathnú ar a leithéid de chóras a bheith in Éirinn chomh maith.”

    Sea, tá córas ionad teanga ar fáil i gceantair ina bhfuil an Bhreatnais ag formhór an phobail mar gheall ar an drochthionchar a bhí ag Béarlóirí ar oideachas agus úsáid teanga na cainteoirí dúchais óga sna scoileanna.

    Moladh an córas sin, agus/nó scaradh a dhéanamh idir cainteoirí dúchais óga sna scoileanna Gaeltachta agus páistí nach raibh Gaeilge chomh láidir sin acu, anseo in Éirinn chomh maith, mar gheall ar an drochthionchar a bhíonn páistí gan Ghaeilge agus páistí le Gaeilge lag á n-imirt ar chaighdeán oideachais na cainteoirí dúchais Gaeltachta.

  • An Sagart Paróiste

    “tá aistriú ar siúl ar an acmhainn Déan Comhrá (áis Gaeilge do thuismitheoirí le tacú lena bpáistí), agus cuirfear córas foghraíochta leis le cabhrú le muintir na hÚcráine roinnt Gaeilge a fhoghlaim,” a dúradh.”

    An bhfuiltear a rá nach raibh gá le córas foghraíochta a bheith ar fáil cheana (córas ar nós Blas nó Fuaimeanna aistrithe go Béarla ar mhaithe le na tuismitheoirí)?

    Nó an í an drochchóras Anglaisféarach sin a bhfuil i gceist acu. Taw may egg dul guh jee chock muh vaw-her