Deireadh seachtaine cinniúnach na snáthaide sa Tuaisceart

Scanraigh líon na gcásanna Covid ar an Chéadaoin seo caite na húdaráis agus aonar déag básaithe i 24 uair an chloig

Deireadh seachtaine cinniúnach na snáthaide sa Tuaisceart

Deireadh seachtaine na snáthaide atáthar a ghlaoch air. Tá ionaid vacsaínithe ‘siúil isteach’ athoscailte don dá lá chun iarracht a dhéanamh tathant ar dhaoine óga an vacsaín in aghaidh Covid-19 a fháil. I bhfianaise na géarchéime, táthar ag impí ar dhaoine idir 18 agus 45 an deis seo a thapú, ar mhaithe leo féin, lena muintir agus an pobal.

Níl orthu ach siúl isteach, gan aon ghá le coinne a dhéanamh roimh ré chun an chéad tomhas den vacsaín a fháil.

Údar mór imní is ea an méadú ar líon na ndaoine a bhfuil an aicíd orthu, an bhail is measa in Éirinn agus san Ríocht Aontaithe. Scanraigh na figiúirí ar an gCéadaoin seo caite na húdaráis. Fógraíodh go raibh aon duine dhéag básaithe leis an athraitheach Delta den choróinvíreas le ceithre huaire fichead. Ba é sin an ráta báis ab airde ón 14 Feabhra, tráth nach raibh vacsaín faighte ag aon duine.

Briseadh croí ab ea é, dar le Robin Swann, an tAire Sláinte, a dúirt gurb é an vacsaíniú an t-aon fhreagra ar an ngalar. Thug cathaoirleach na heagraíochta leighis, an BMA, i dTuaisceart Éireann, an Dochtúir Tom Black, foláireamh gur bunriachtanas é do dhaoine óga an vacsaín a fháil.

Ní bheidh aon éalú ó ionfhabhtú leis an athraitheach Delta ag duine gan vacsaín, dar leis; tá Delta róbhríomhar agus a ráta scaipthe ródhian chun é a sheachaint. I gcásanna áirithe féadfaidh duine óg a bheith láidir, aclaí agus an t-ádh a bheith air nó d’fhéadfadh sé a bheith láidir, lúfar, mí-ádhúil agus a bheith an-tinn nó i mbaol báis, a dúirt an dochtúir.

Mheabhraigh an Dr Black don bpobal go raibh ógánaigh i measc na ndaoine a cailleadh leis an athraitheach Delta den víreas. Cé go bhfuil vacsaíní ar fáil go héasca áirítear gur daoine nach bhfuil vacsaínithe is mó atá in ospidéil, go leor acu in ionaid dianchúraim.

Mí agus an t-am seo, phléigh an colún seo le feachtas bolscaireachta na n-údarás abhus is iad ag díriú ar an drogall a bhí ar dhaoine, an dream óg go háirithe, vacsaín in aghaidh Covid 19 a fháil.

Idir an dá linn rinneadh tréan-iarrachtaí chun tathant ar lucht diúltaithe gur den riachtanas é ionaclú a fháil – cuireadh ticéid saor in aisce le haghaidh imeachtaí ar fáil, chomh maith leis an teachtaireacht go mbeadh gá le teastas le haghaidh taistil nó seirbhísí eile.

Sa tréimhse sin tá glactha le hinstealladh ag roinnt den 44% idir 18 bliain agus 30 a bhí neamhvacsaínithe an t-am sin ach, agus Delta ag scaipeadh go rábach is léir nach bhfuil sin déanta ag dóthain daoine idir 18 agus 45 bliain.

Tháinig deireadh leis an tseirbhís ‘buail isteach’ le haghaidh vacsaín ag deireadh na míosa seo caite. Is inné agus inniu amháin atá sé athoscailte. D’fháiltigh an dá ollscoil roimh dheireadh seachtaine na snáthaide. I gcomhráiteas ó Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh moladh do mhic léinn agus don fhoireann nach raibh vacsaínithe fós leas a bhaint as an deis seo.

Sé an t-ionaclú an bealach chun an pobal ar fad a chosaint agus chun a chinntiú go mbeifear in ann filleadh ar an ghnáthshaol sna hollscoileanna, go buan, a dúradar. Mhol Aontas na Mac Léinn an plean céanna agus chuir comhairle ar lucht na céad bhliana gur cheart dóibh vacsaíniú a chur ar bharr sheicliosta na bhfreisear chun ceol a bhaint as saol acadúil agus saol sóisialta na hollscoile.

Tá a chúis féin ag gach duine a thugann an t-eiteachas don vacsaín, roinnt acu bailí ar bhonn sláinte ach a bhformhór bunaithe ar raiméis nó mífhreagracht. Tá faitíos cothaithe ag daoine a scaipeann scéalta chailleach an uafáis agus tá a thuilleadh ar nós cuma liom mar go n-airíonn said go bhfuilid féin slán. Ní thugann vacsaín cosaint 100% ach tugann sé seans dúinn. Dá uireasa níl éinne slán.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh cinniúnach is atá an deireadh seachtaine seo do shláinte an phobail fré chéile agus do chumas na seirbhíse sláinte freastal ar gach duine. Cuireann othair Covid-19 brú mór ar ospidéil agus laghdaítear dá réir an líon foirne a bhíonn ar fáil chun cóir leighis a sholáthar le haghaidh ailse, obráidí nó fiú an fliú.

Má táthar chun smacht a fháil ar an ngalar roimh theacht an gheimhridh caithfidh níos mó daoine glacadh le vacsaíní. Tá sé práinneach nach gcuirfear amú deis dheireadh seachtaine na snáthaide.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cinniúnach na snáthaide sa Tuaisceart'