Deireadh á chur le lúb ar lár sa dlí agus gan oiread agus logainm amháin ceadaithe le ceithre bliana go leith

Tá cosc dlíthiúil ó 2012 ar Aire na Gaeltachta logainmneacha oifigiúla a cheadú toisc gan reachtaíocht teanga a bheith leasaithe

Deireadh á chur le lúb ar lár sa dlí agus gan oiread agus logainm amháin ceadaithe le ceithre bliana go leith

Tá sé i gceist deireadh a chur le lúb ar lár sa dlí a d’fhág nár tugadh aitheantas ar bith d’oiread agus logainm amháin de chuid na tíre seo le ceithre bliana go leith anuas.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie tráthnóna aréir go gcuirfeadh an reachtaíocht nua teanga, atá le cur faoi bhráid an Rialtais go luath, deireadh leis an gcosc dlíthiúil atá ar Aire na Gaeltachta logainmneacha oifigiúla a cheadú.

Dúirt urlabharaí na Roinne “go dtabharfar aghaidh…sa bhille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an mbac atá ar an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta orduithe logainmneacha a shíniú faoi láthair”.       

Baineann an cosc atá ar Aire Stáit na Gaeltachta logainmneacha nua a cheadú leis an gcinneadh deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha nuair a tháinig deireadh lena théarma oifige i nDeireadh Fómhair 2012. Bhí sé mar dhualgas ar an gcoimisiún sin comhairle a sholáthar d’Aire na Gaeltachta maidir le logainmneacha oifigiúla a cheadú, a leasú nó a chúlghairm. Chaithfeadh an tAire de réir dlí an chomhairle a chuirfeadh an coimisiún air nó uirthi a bhreithniú sula ndéanfaí aon ordú oifigiúil maidir le logainmneacha.

Chinn an Rialtas in 2012 go dtiocfadh coiste saineolaithe a d’fheidhmeodh ar bhonn deonach in áit an choimisiúin agus go ndéanfaí an obair go príomha ar-líne ar mhaithe le hairgead a shábháil le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Ach níor cuireadh ar ceal riamh an dualgas reachtúil atá ar an Aire moltaí ón gCoimisiún Logainmneacha a bhreithniú sula ndéanfaí cinneadh faoi orduithe logainmneacha oifigiúla a cheadú.

In alt 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla deirtear go ndéanfaidh an tAire Gaeltachta orduithe logainmneacha “tar éis dó nó di comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú”.

Ach ceal aon choimisiún a bheith ann, bhí cosc iomlán ar gach Aire aon ordú logainmneacha a dhéanamh ó mhí Deireadh Fómhair 2012. Chun go mbeadh cead ag an gcoiste deonach, a bhunaigh an tAire Gaeltachta in 2013, an obair sin a dhéanamh chaithfí an dlí a leasú chun an dualgas a bhí ar an gcoimisiún roimhe sin a chur ar an gcoiste. 

Rinneadh 14 ordú logainmneacha idir 2003 agus 2012, ina measc cinn a bhain le hainmneacha na gContaetha agus na gCúigí, ainmneacha aonaid riaracháin agus logainmneacha eile i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Chorcaí, Luimnigh, Lú, Mhuineacháin, Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Uíbh Fhailí. Rinneadh dhá ordú logainmneacha maidir leis na ceantair Ghaeltachta chomh maith.

Ó shin i leith níl aon ordú oifigiúil logainmneacha déanta ag Aire na Gaeltachta agus ní bheidh go dtí go réitítear an tsáinn dhlíthiúil a chuireann ceangal ar an Aire comhairle a fháil ón gcoimisiún logainmneacha.

Idir an dá linn, leanadh ar aghaidh le hobair an Bhrainse Logainmneacha, rannóg de chuid Roinn na Gaeltachta, atá freagrach as taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha údarásacha Gaeilge díobh a chur ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí.

D’ullmhaigh an brainse dréachtaí d’orduithe logainmneacha do Chontae Cheatharlach, Chontae na Gaillimhe, Chontae Liatroma, Chontae an Longfoirt agus Chontae Mhaigh Eo agus d’eagraigh siad tréimhse comhairliúcháin phoiblí ina leith.

Ach is mar dhréacht-orduithe a fhanfaidh toradh a gcuid oibre go dtí go ndéanfar leasú ar an reachtaíocht agus go mbeidh údarás dlíthiúil ag an Aire orduithe oifigiúla a dhéanamh astu.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur le lúb ar lár sa dlí agus gan oiread agus logainm amháin ceadaithe le ceithre bliana go leith'