Deir Ó Cuív gur ‘údar náire’ do RTÉ an tsraith ‘Rebellion’ agus an léiriú inti ar a sheanathair

Ba ‘údar náire’ chomh maith é don chraoltóir náisiúnta gur cuireadh amach an tsraith aimsir toghcháin, dar leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív

 

000aff03-1500

Ba ‘údar náire’ do RTÉ gur caitheadh airgead an phobail ar an tsraith Rebellion a craoladh ar RTÉ 1 i gcaitheamh mhí Eanáir, agus ba “údar náire” chomh maith é don chraoltóir náisiúnta gur cuireadh amach an tsraith aimsir toghcháin, dar le Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála ó Fhianna Fáil.

Cuireadh seanathair Uí Chuív, Éamonn de Valera, a bhunaigh Fianna Fáil, i láthair an lucht féachana i gclár na hoíche Dé Domhnaigh – an clár deiridh sa tsraith.

Taispeánadh de Valera i bPríosún Chill Mhaighneann agus é ar tí dul os comhair ghunnaí na Sasanach nuair a tháinig an scéala go raibh an Ginearál Maxwell tar éis pianbhreith an bháis a iomalartú.

Taispeánadh de Valera agus é ag caitheamh amach ar chloisteáil dó nach daortha chun báis a bhí sé ach go raibh pianbhreith saoil gearrtha air. Níos deireanaí sa chlár bhí comhráite ann idir an carachtar ‘Jimmy’ agus de Valera agus idir ‘Jimmy’ agus Mícheál Ó Coileáin faoi ‘claidhreacht’ cheannaire na n-óglach i Muileann Uí Bheoláin. Tugadh le fios sa chlár freisin gurb é de Valera an t-aon cheannaire ar an Éirí Amach nár cuireadh chun báis é. Ní mó ná sásta atá Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, leis an léiriú sin ar sheanathair agus le gnéithe eile den dráma teilifíse.

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes
Éamon Ó Cuív

“Níl aon bhunús ar chor ar bith leis an léiriú a rinneadh ar Éamonn de Valera agus ar dhearcadh na ndaoine i gcoitinne ina leith ar an gclár Rebellion. Cumadóireacht ar fad a bhí ann agus is údar náire do RTÉ airgead an phobail a chaitheamh – agus chaith siad go leor airgid air – ar a leithéid de chláracha agus gan léiriú fírinneach déanta iontu ar dhaoine a mhair go fírinneach sa stair – Markievicz, an Piarsach agus de Valera ina measc.

“I gcás Dev, ar ndóigh, ba é a bhunaigh Fianna Fáil agus is náire dúbailte é go gcuirfidís amach a leithéid de chlár agus toghchán ag teannadh linn, mar in intinn an phobail d’fhéadfadh sé drochíomhá a thabhairt d’Fhianna Fáil, ó tharla go bhfuil Éamonn de Valera luaite chomh mór sin leis an bpáirtí fiú go dtí an lá atá inniu ann,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin nach “leithscéal ar bith” ag RTÉ a mhaíomh gur dráma a bhí i Rebellion agus go raibh saoirse ann dá réir ag lucht a chruthaithe. “Níl sé ceart daoine stairiúla a léiriú ar bhealach atá go hiomlán bréagach, fiú in obair chruthaitheach,” a dúirt garmhac de Valera.

Bhí idir mhaith agus olc sna léirmheasanna a rinneadh ar Rebellion agus níor éirigh leis an lucht féachana a bhí aige don ag tús na sraithe a choinneáil. Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta na Teilifíse in RTÉ, Glen Killane, go raibh sé “sásta” le Rebellion cé gur ghéill sé nach gan locht a bhí an tsraith. Dúirt sé gur togra uaillmhianach a bhí ann ar caitheadh go leor dua leis agus gur dráma seachas saothar neamhfhicsin a bhí ann. Ba mhaith an rud é gur spreag sé díospóireacht i measc an phobail faoi eachtraí an Éirí Amach, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deir Ó Cuív gur ‘údar náire’ do RTÉ an tsraith ‘Rebellion’ agus an léiriú inti ar a sheanathair'