Deichniúr eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna nua fógartha ón 16 Márta

2,019 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,543 duine ó dheas den teorainn agus 476 ó thuaidh di

Deichniúr eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna nua fógartha ón 16 Márta

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus deimhníodh 64 cás nua den ghalar, an líon is lú cásanna nua a fógraíodh aon lá ón 16 Márta, 62 lá ó shin.

2,019 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,543 duine ó dheas den teorainn agus 476 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

64 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 28,471 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn. 24,112 cás atá deimhnithe ó dheas den teorainn agus 4,357 cás a bhí deimhnithe ó thuaidh di inné.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra), is mó go mór líon na marbh ná 476 duine.

599 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 8 Bealtaine. Básanna san ospidéal den chuid is mó a chuireann an Roinn Sláinte ó thuaidh san áireamh ina gcuid figiúirí.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios inniu go mbíonn toradh dearfach anois ar 2.4% de na tástálacha do Covid-19, i gcomparáid le 3.7% i dtús na Bealtaine, léiriú eile ar an rath ar an bhfeachtas chun an coróinvíreas a choimeád faoi chois.

Mhaígh Príomfheidmeannach an HSE, Paul Reid, inniu go dtógfadh an próiseas maidir le duine a thástáil agus a chuid teagmhálaithe a chuardach níos lú ná trí lá feasta i 90% de chásanna.

Dúirt Reid go bhfaigheadh nach mór 98 de dhaoine toradh tastála laistigh de dhá lá ar a mhéid.

54 duine atá sna haonaid dinchúraim, i gcomparáid le 80 duine an lá a tugadh na srianta dianghlasála isteach ag deireadh mhí an Mhárta agus 160 duine an lá ba mhó a raibh brú ar an gcóras.

Idir an dá linn, tuairscíodh sa Spáinn inniu go bhfuair 87 duine a raibh Covid-19 orthu bás le lá anuas, an chéad uair go raibh níos lú ná 100 bás ann ó cuireadh an tír faoi chuibhriú.

I Meiriceá, dhein an t-iar-uachtarán Barack Obama nós a bhriseadh nuair a cháin sé an tslí atá an phaindéim á láimseáil ag ceannairí na tíre.

“Thar aon ní eile, tá sé tagtha chun solais ar deireadh de bharr na paindéime seo nach bhfuil fios a gcúraim ag go leor de na daoine atá i gceannas. Níl cuid acu fiú ag ligint orthu féin go bhfuil siad i gceannas,” arsa Obama agus é ag labhairt le grúpa mac léinn.

Bhí sé chomh dian céanna ar réimeas Trump in óráid eile a thug sé do ghrúpa daltaí scoile.

“Rud a dhéanamh mar go mbraitheann sé go maith, nó mar gurb é an rud is áisiúla, nó an rud is éasca le déanamh – sin an meon a bhíonn ag páistí,” arsa Obama.

“Faraor, go leor daoine fásta, dá bhféadfá sin a thabhairt orthu – cuid acu a bhfuil teidil ghalánta orthu agus jabanna tábhachtacha acu – sin an dearcadh atá acu agus sin an chúis go bhfuil praiseach chomh mór sin déanta de chúrsaí.

“Tá súil agam go roghnaíonn sibhse sibh féin a fhréamhú i luachanna atá buan, amhail an mhacántacht, an obair chrua, an fhreagracht, cothrom na Féinne, an fhlaithiúlacht, an meas ar dhaoine eile.”

Fág freagra ar 'Deichniúr eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú cásanna nua fógartha ón 16 Márta'