Deatach bán sa Vatacáin agus Pápa nua tofa sa Róimh

Tabharfar an pápa nuathofa amach ar phríomhbhalcóin Bhaisleac Naomh Peadar tráthnóna le hé féin a chur in iúl don slua atá ag fanacht go foighdeach leis

Deatach bán sa Vatacáin agus Pápa nua tofa sa Róimh

Tá Pápa nua tofa ag cairdinéil na hEaglaise Caitlicí.

Deatach bán ag séideadh san aer as an simléar agus cloig á mbualadh a chuir in iúl don slua a bhí cruinnithe taobh amuigh go raibh an cinneadh déanta agus go raibh comharba an Phápa Proinsias pioctha ag an gcoláiste cairdinéal.

An cheist chinniúnach a chuirfidh Déan Coláiste na gCairdinéal ar an bhfear ba rogha leo, ná “An nglacann tú le do thoghadh canónta mar ardphontaif?”

Má ghlacann sé leis an gcúram, roghnóidh an pápa nua an t-ainm is rogha leis mar phápa agus geallfaidh na cairdinéil go ngéillfidh siad dó.

Tuairiscítear go bhfuil an pápa nua tugtha isteach go dtí Seomra na nDeor, seomra beag le taobh an tSéipéil Shistínigh, mar a ngléasfaidh sé in éide gheal an phápa den chéad uair.

Tabharfar an pápa nuathofa amach tráthnóna ar phríomhbhalcóin Bhaisleac Naomh Peadar le hé féin a chur in iúl don slua atá ag fanacht go foighdeach leis.

Feasta casóg fhada bhán an phápa a bheidh á caitheamh aige seachas feisteas scarlóideach an chairdinéil.

Bíonn na húdaráis faoi réir, pé fear a thoghfaí, mar bíonn casóga déanta i dtoisí éagsúla – beag, meánach agus mór.

Deirtear gurb amhlaidh atá an Vatacáin ag athchúrsáil casóga a rinneadh do chomhthionóil a reáchtáladh roimhe seo.

Aontacht a neartú laistigh den eaglais Chaitliceach ceann de na dúshláin is mó atá roimh an bPápa nua agus an deighilt atá ag géarú idir fórsaí liobrálacha agus fórsaí coimeádach faoi cheisteanna éagsúla, cúrsaí gnéasúlachta san áireamh, a chneasú.

Beifear ag súil freisin go léireoidh an Pápa nuathofa ceannaireacht maidir leis na haighnis is an t-ár in áiteanna amhail Gaza, an Úcráin agus an tSúdáin agus go dtarraingeoidh sé aird ar ábhair choilgneacha – an imirce, an ghéarchéim aeráide, fiachas domhanda agus an bhochtaineacht.

Fág freagra ar 'Deatach bán sa Vatacáin agus Pápa nua tofa sa Róimh'