‘Níl maith do thada iontu seo ar aon chaoi,’ a deir Sealgaire na gCuileog agus lán gabháil smiotán cuileoige á gcaitheamh ar an mbord aige. ‘Cloiseann siad an bzzz, na diabhail!’ a deir sé. ‘Casfaidh tú air é, is sula ndéanfaidh tú tada tosaíonn siad uilig ag eitilt anonn ar an taobh eile den seomra.’
An ghiuirléid is deireanaí i gcogadh na gcuileog a bhí i gceist aige. Raicéad beag leictreonach, leagan nua-aimseartha den smiotán cuileoige agus ceallraí istigh ann. De réir na dtreoracha ní raibh le déanamh ach é a chasadh air agus é a bhualadh san aer ar nós raicéad leadóige chun an gnó a dhéanamh.
Bhí réiteach na faidhbe aimsithe sa deireadh thiar a shíl an Sealgaire, bhí an slánaitheoir, an claidheamh solais faighte. An maíomh a bhí déanta ag lucht na raicéad ná go marófaí na cuileoga chomh luath is a theagmhódh na sreangáin leictreacha leo.
‘Déan dearmad ar Novak Djokovic, beidh Wimbledon na gCuileog anois againn!’
Mharófaí iad d’aon iarraidh amháin, seacht gcuileog in aon bhuille amháin mar a rinne an laoch fadó de réir an bhéaloidis.
Ní fios cén ceiliúradh a bheadh againn ansin. Ní fios cén líon úllaí agus bananaí a bheadh muid in ann a fhágáil i mbabhlaí ar an mbord agus gan aon chuileog ag cur isteach ná amach orthu. Scríobhfaí amhráin agus dánta faoin éacht. Bheadh laochra nua againn lenár linn féin.
Ní mar sin a bhí, áfach. Bhí pleananna eile ag na cuileoga. Ní seacht gcuileog in aon bhuille amháin a bhí ann, ach seacht mbuille gan aon chuileog.
‘Meas tú an bhfuil cluasa orthu?’ a d’fhiafraigh an Sealgaire. ‘Níor cheap mé go bhféadfadh go raibh aon chluas orthu agus iad chomh beag is atá.’
Níor chuimhnigh mé riamh air. Bhí a fhios agam go bhfuil súile maithe acu. Comhshúile atá acu, tá chaon súil déanta as iliomad súile beaga, is feiceann siad an domhan mar mhósáic.
Duine ar bith a chonaic an scannán The Fly sna 1980idí inar iompaigh fear isteach ina leathchuileog, mar a chonaic mise, tá níos mó ar eolas acu faoi na cuileoga ná ba mhaith leo. Is é an sórt scannáin é go mbíonn aiféala ort go bhfaca tú é is go bhfuil sé anois ag imeacht thart i do chloigeann agat. Ní dhéarfaidh mé tada faoin gcaoi a mbíonn siad ag ithe. Ach ní raibh aon eolas agam faoin éisteacht.
‘Níor dhearna mé aon mhachnamh air,’ a deir Fear an Tí, ‘ach is dóigh go raibh mé ag glacadh leis go mbeadh cluas de chineál éigin orthu.’
Cén sórt cluasa atá ar na cuileoga an cheist a bhí ag dó na geirbe dom go dtí go bhfuair mé deis an t-eolas a aimsiú. Ní hamháin go bhfuil cluas de chineál éigin orthu, ach is cosúil go bhfuil ball éisteachta ag an gcuil torthaí atá an-chosúil le cluas an duine. Tá staidéar á dhéanamh le blianta fada ar chumas éisteachta chuil na dtorthaí féachaint an mbeadh aon rud le foghlaim uathu a thabharfadh cúnamh do dhaoine a bhfuil caillteanas éisteachta ag cur as dóibh.
Ón taighde atá déanta ag an Sealgaire anois tá muid in ann a rá go bhfuil éisteacht an-ghéar acu. Cloiseann siad bzzz i gcogar agus é sé troithe uathu.
Anois nuair a chuimhním air, cén t-ionadh go mbeidís ag éalú uaidh agus é ag bzzáil. Nach bhfuil an raicéad ag labhairt ina dteanga féin agus é ag bzzzáil. Cá bhfios nach fógra éigeandála poiblí atá ann a thuigeann na cuileoga ach nach dtuigeann muide?
B’fhéidir gur raidió na gcuileog atá ann i ngan fhios dúinn. Sin é an bzzz.
Fág freagra ar 'Déan dearmad ar Novak Djokovic, beidh Wimbledon na gCuileog anois againn!'