‘Déan bhur gcion féin’ arsa an Státchiste le Stormont

Go ginearálta bhí díomá ar pháirtithe Stormont faoin méadú beag £370 milliún a cheadaigh an Seansailéir do Thuaisceart Éireann

‘Déan bhur gcion féin’ arsa an Státchiste le Stormont

An gcaithfidh Stormont céimeanna a ghlacadh chun ioncam a ghiniúint gan mhoill? Rátaí a mhéadú? Táillí uisce a ghearradh? Táillí tríú leibhéal a ardú? Íoc as cógais leighis? Údarás fioscach a ghlacadh chucu féin ó Whitehall agus an fhreagracht a ghabhann leis sin a iompar?

Caolseans gur chuimhin le héinne buiséad as Londain ar cuireadh na múrtha fáilte roimhe in Stormont, polaiteoirí logánta sásta gur leor é dá riachtanais. Le tamall de bhlianta tá páirtithe Thuaisceart Éireann ar a ndícheall chun a chur ina luí ar Whitehall gur cás speisialta é Tuaisceart Éireann agus maoiniú breise de dhíth chun a dhul i ngleic le hiarmhairtí na dTrioblóidí.

Rinneadh na héilimh go láidir roimh athbhunú Stormont anuraidh. Ghéill an Státchiste go gceadófaí £1.24 i gcomparáid le gach £1 a cheadófaí i Sasana. Ba mhaith ann an méadú ach mhaígh páirtithe an Tuaiscirt gur ghá £1.27. Tá bunús maith lena leagan amach ach d’uireasa beart ar bith chun ioncam a ghiniúint go logánta seans nach iontas ar bith é dearcadh an Státchiste nach mbíonn ag Stormont ach an béal bocht.

Má bhí súil acu go mbeadh rialtas an Lucht Oibre níos flaithiúla ná bhí na Tóraithe, bhí thiar orthu. Ar éigean a bhí am ag airí Stormont le buiséad na Céadaoin ón Seansailéir, Rachel Reeves, a cháineadh nuair a bhí teachtaireacht neamhbhalbh ag an Státrúnaí Hilary Benn dóibh. “Déan bhur gcion féin,” a dúirt sé leo ar raidió maidin Déardaoin.

“Má theastaíonn breis maoine uaibh, tá bealach agaibh le tabhairt faoin gcúram ach an cinneadh a dhéanamh go mbaileoidh sibh ioncaim,” ar sé. Níl difríocht ar bith idir Stormont agus rialtais eile – ní mór dóibh uilig an buiséad a chomhardú, a dúirt sé. Tá daoine i dTuaisceart Éireann atá in acmhainn táillí uisce a íoc mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór, arsa an Státrúnaí Benn.

Nimh sa chorcán é caint ar tháillí uisce, Sinn Féin agus an DUP, ó b’annamh leo, ar aon intinn ina gcoinne. Maíonn na páirtithe go bhfuil táillí uisce san áireamh sna rátaí cheana féin ach deir lucht airgeadais go mbeadh an tÚdarás Uisce & Séarachais in ann iasacht a fháil le haghaidh athchóiriú na seirbhísí dá mbeadh ioncam leithleach ar fáil.

Faoiseamh ab ea é gur cuireadh deireadh leis an teorainn ar líon na bpáistí i dteaghlach a bheadh i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh; bhí siad teoranta do bheirt ó 2017. Cuideoidh sé sin le 50,000 páiste abhus ó Aibreán seo chugainn. D’fháiltigh an tAire Pobal, Gordon Lyons ón DUP roimh an gcéim sin ach dúirt go raibh an chuid eile den bhuiséad an-dona, ‘faic na ngrást‘ ann d’oibrithe, dar leis. Meastar go bhfaighidh 170,000 oibrí sa Tuaisceart ardú pá, ach de bharr na gcinntí faoi na bandaí cánach go mbeidh méadú ar cháin ioncaim do a lán.

Go ginearálta bhí díomá ar pháirtithe Stormont faoin méadú beag £370 milliún a cheadaigh an Seansailéir do Thuaisceart Éireann. D’áirigh an tAire Airgeadais John O’Dowd (SF) nach mbeadh ach £18.8 milliún den allúntas breise sin ar fáil i mbliana. Caithfear £240 milliún ar riaradh ranna Stormont thar thréimhse trí bliana agus is le haghaidh caiteachas caipitil thar cheithre bliana an £130 milliún eile.

Ní leor in aon chor an t-ardú sin, dar le O’Dowd agus airí an DUP. Bhí sé fógartha ag an Aire O’Dowd cúpla lá roimh bhuiséad na Ríochta Aontaithe go raibh £400 milliún d’easnamh ar bhuiséad reatha Stormont cheana féin. Seans go mbeidh a dhá oiread d’easnamh ann faoi dheireadh na bliana airgeadais dar le foinsí sa bhFeidhmeannas, iad ag caint ar easnamh £780 milliún.

Sé freagra Westminster – deinigí féin an rud is gá. Is cosúil go bhfuil tús á chur leis an gcomhrá sin in Stormont ar deireadh, an tAire O’Dowd ag rá go gcaithfear cumhacht fhioscach bhreise a fháil do Stormont; go dtí seo bhí an DUP dubh dóite ina choinne, ag rá nach mbeadh Sinn Féin inmhuiníne. Deir O’Dowd go gcuirfidh sé dréachtbhuiséad trí bliana faoi bhráid a chomhghleacaithe roimh Nollaig. An gcaithfear a dhul i ngleic le giniúint maoine ansin? I bhfianaise an teannais idir an dá mhórpháirtí faoi láthair agus feachtasaíocht do thoghchán 2027 ar siúl cheana féin, níl talamh slán á dhéanamh de.

Fág freagra ar '‘Déan bhur gcion féin’ arsa an Státchiste le Stormont'