‘Dá mbeadh spré ag an gCATT’ – achrann acrainmneacha

FRIOTAL: Tá bua na gontachta sa ghiorrúchán nuair a úsáidtear go tuisceanach is go spárálach é, ach tá acrainmfóibe ag teacht ar ár gcolúnaí bocht

Cartún-CAC

Tá a leithéid de dhuine ann agus ‘niord acrainmneacha’, duine a dhallfadh thú le sraitheanna fada litreacha a chuireann ainm eagraíochta nó ball trealaimh éigin in iúl don té atá ar an eolas. Ach an saineolaí féin, ní bhíonn sé i bhfad ag éirí tuirseach de théacs atá breac le giorrúcháin. Is cuma má thugtar an t-ainm iomlán ar an chéad lua, rachadh a leithéid seo sa mhuileann ar léitheoir ar bith:

Cuireann an REOG (PÉ) agus an RCEF (TÉ) maoiniú ar fáil don FT, i.e. FnaG agus an Ghníomhaireacht Ultaise, de réir buiséid atá ceadaithe ag an CATT.

Líne as seanamhrán a rith liomsa i ndiaidh an abairt thuas a léamh – ‘dá mbeadh spré ag an gCATT.’ Tá barúil agam nach í sin an teachtaireacht a bhí ar intinn an údair.

Is amhlaidh atá a acrainm íorónta féin ar an drochnós seo: EUA (Excessive Use of Acronyms). Fiú amháin go bhfuil mí-ord leathmhagúil síceolaíochta ann: acrainmfóibe. Ar eagla na míthuisceana, níl gaol ar bith aige seo le ‘aracnafóibe’ nó uamhan damhán alla (UDA).

Tá bua na gontachta sa ghiorrúchán nuair a úsáidtear go tuisceanach is go spárálach é, ach ní furasta do lucht na Gaeilge sin a dhéanamh gan dul in abar i seancheisteanna atá dár gcrá le fada. Ar cheart, cuir i gcás, litreacha Gaeilge a chur in áit na litreacha Béarla? An ‘Ró-Úsáid Acrainmneacha’ (RÚA) ba cheart a thabhairt ar an ghalar a luaigh mé thuas? Le magadh a cheap mise ‘UDA’ mar ghiorrúchán ar ‘uamhan damhán alla’, ach ní hannamh a bhíonn áiféis agus athbhrí ag baint le giorrúcháin a aistriú go Gaeilge.

A leithéid seo:

  • Local Management of Schools (LMS) / Bainistíocht Áitiúil Scoileanna (BÁS)
  • Education and Training Board (ETB) / Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO)
  • Special Protection Areas and Special Areas of Conservation (SPAs and SACs) / Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCSanna agus LCSanna)

Ní maise ar ghiorrúcháin áirithe an mhír ‘(a)nna’ a chur leo san uimhir iolra: más ait leat ‘BOO’ is measa ‘BOOnna.’ ‘Is mór le rá iad buanna BOOnna na Mumhan’ – sin abairt nach bhfuil mé ag iarraidh a fheiceáil choíche.

Cor eile sa scéal an treoir éigiallta atá sa Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe (COA) a achtaíonn ar scríbhneoirí plé le giorrúcháin ar theidil eagraíochtaí amhail is gur ainmfhocail chinnte iad agus gan an t-alt a chur leo choíche. Agus cúrsaí an Aontais Eorpaigh á bplé, bheadh ar iriseoirí ‘in AE’ agus ‘reachtaíocht AE’ a scríobh in áit ‘san AE’ agus ‘reachtaíocht an AE’.

Is dócha go gcuirfear i leith Gearóid Mhic Ádhaimh gur ‘ball IRA’ a bhí ann, seachas ‘ball den IRA.’ Mo dhúshlán fút smaoineamh ar threoir a bheadh chomh mór sin bunoscionn le gnás na Gaeilge. B’fhéidir le Dia go bhfágfar ar lár é sa COAA (Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe Athbhreithnithe).

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar '‘Dá mbeadh spré ag an gCATT’ – achrann acrainmneacha'

  • seán ó ceallaigh

    AE/an tAE/(agus fiú ‘an Tae’)/an tAontas/an tAontas Eorpach ..cé acu ceann ? Cad é an gnás a chleachtaíonn na teangacha eile idir bheag is mhór is mhion?Aon samplaí no an mbíonn meascán mearaí leis iontu sin? Cuid den teidlíocht san AE (?) imithe thar cailc ar fad, faid an lae amáirigh i roinnt acu, rud a fhágann nach bhfuil aon éalú ó na hAcrainmneacha uafara sin!

  • Seosamh

    Ag baint úsáide as an giorrúchán BÁC, cad ba chóir scríobh, cathair BÁC nó cathair BhÁC?