Fadó fadó san Iarannaois, más fíor do staraithe áirithe, bhí nós ag na Ceiltigh agus ag pobail eile in iarthuaisceart na hEorpa a gceannairí a chur chun báis in íobairtí deasghnácha agus a gcoirp a chaitheamh sa phortach má bhí triomach leanúnach ann, barraíocht báistí, nó má theip go tubaisteach ar an bhfómhar ar chúis éigin eile.
Bhí ceangal ceaptha a bheith idir colainn na gceannairí agus bandéithe éagsúla torthúlachta, agus réir staraithe áirithe, míníonn an scéal seo an fáth gur aimsíodh coirp i bportaigh na hÉireann, na hÍsiltíre, na Gearmáine agus na Danmhairge a raibh stádas ard ag baint leis na mairbh (más fianaise iad na giuirléidí a cuireadh sa phortach in éineacht leo), ach ar léir go raibh bás brúidiúil i gceist.
Agus an colún seo á scríobh tá tonn teasa nach bhfacthas a macasamhail le cuimhne na ndaoine ag déanamh dochair don fhómhar ar fud na hEorpa. Tá fómhar an risotto i dtuaisceart na hIodáile i mbaol agus tá titim 18 faoin gcéad ar fhómhar arbhar na mine buí á tuar sa Fhrainc toisc bhfuil abhainn na Po agus abhainn na Loire tirim.
Ní don talmhaíocht amháin atá dochar á dhéanamh ag an triomach. Tá leibhéal an uisce sa Réin chomh híseal sin go bhfuil deacrachtaí ag báid a gcuid lastais a thabhairt ó chalafort Rotterdam san Ísiltír go ceantar tionsclaíoch na Ruhr sa Ghearmáin agus tá an soláthar leictreachais sa tír dheireanach sin i mbaol de bharr ganntanas guail do na stáisiúin chumhachta teirmí agus ganntanas uisce a d’fhuaródh na stáisiúin chumhachta núicléacha.
Ar ndóigh an tráth seo anuraidh, ní tirim a bhí an Réin agus aibhneacha eile in iarthuaisceart na hEorpa ach ag cur thar maoil. Fuair 180 duine bás sna tuilte sin sa Ghearmáin agus 41 duine sa Bheilg.
Is léir don dall faoin am seo gurb iad gníomhartha an duine is cúis leis an olltubaiste aeráide seo atá tosaithe ach nach dtuigimid a méid fós, agus is léir freisin gurb iad ár gceannairí (chomh maith, ar ndóigh, leis na ceannairí a tháinig rompu) atá ciontach: ní toisc go mbeadh siad pósta, go siombalach, ar bhandia torthúlachta éigin – ach toisc gur ghlac agus go nglacann siad (nó nár ghlac agus nach nglacann siad) na cinntí a d’fhág sa tsáinn seo muid.
Mar sin féin, níor caitheadh Micheál Ó Máirtín, Boris Johnson, Emmanuel Macron, Olaf Scholz ná Mark Rutte sa phortach fós – go bhfios don Saoithín Aeráide pé scéal é.
Ar ndóigh, níl an Saoithín Aeráide ag rá gur chóir ár gcuid ceannairí a chur den saol go brúidiúil agus a n-iarsmaí a íobairt do na déithe. Ach bheadh sé go deas dá gcuirfidís polasaithe i bhfeidhm a chuirfeadh srian le téamh an domhain dáiríre, seachas a bheith ag plé pointí céatadáin ad nauseam.
Nó an é go bhfuil ár gceannairí ag brath air go mbeidh na portaigh triomaithe faoin am a rithfidh sé leis an bpobal filleadh ar na sean-nósanna?
Sean Ó Floinn
Is uafásach an rud é teip an fhómhair cinnte ach bhí an baol sin ann i gcónaí – go deimhin bhíodh gorta agus ocras i ndán do thíortha na hEorpa sa mheánaois, abair, da mbeadh dhá dhrochfhómhar as a chéile ann. Buíochas le Dia tá an-fhorbairt déanta ó shin i leith ó thaobh modhanna feirmeoireachta agus ta barra níos fearr againn anois atá níos seasmhaí in aghaidh na haimsire agus an ghalair. I bhfianaise sheiftiúlacht an chine dhaonna agus an dul chun cinn atá déanta cheana i gcúrsaí an táirgthe bia, bheadh dóchas agam féin go dtiocfaimid slán as ardú céim amháin Celsius sa mheánteocht donhanda. Seans go mbeidh trémhse míshocrachta ann, ach múineann gá seift.