Chuir Parlaimint na Nua-Shéalainne bille i bhfeidhm i mbliana a rialaigh go raibh na cearta céanna ag an Whanganui, abhainn, is atá ag an duine. Tharla an rud céanna san India le déanaí. Rialaigh an Ard-Chúirt in Uttarakhand go raibh na cearta céanna ag abhainn na Gainséise is atá ag an duine.
I bhfocail eile, is aonáin bheo iad. Cad a chiallaíonn sé sin? Abhainn bheannaithe í an Ghainséis. Is ionann dochar a dhéanamh don Ghainséis – í a thruailliú cuir i gcás – agus dochar a dhéanamh d’aonán beo, i.e. do dhuine.
Sa leabhar Ólann mo Mhiúil as an nGainséis tá cur síos déanta agam ar oilithreacht a dheineas féin agus mo chéile, Eithne, go Gangotri, foinse na Gainséise in Uttarakhand.
Tráth den saol bhí an coincheap sin an-láidir in Éirinn, go raibh ár gcuid aibhneacha beannaithe. Go deimhin, tá baint ag abhainn na Bóinne leis an India: tá ainm na habhann gaolta le Govinda, ainm eile ar Krishna. (Go= bó, vind= fionn). I measc na miotas a bhaineann leis an mBóinn tá scéal Eithne, maighdean a chónaigh ar bhruacha na Bóinne agus í beo ar bhainne ó dhá bhó ón India.
An difríocht mhór idir an India agus Éire ná seo: tá na miotais bheannaithe a bhaineann le habhainn na Gainséise ar eolas ag gach mac máthar is iníon athar sa tír. Ní féidir an rud céanna a rá faoi Éirinn. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná go bhfuil ainmneacha na
n-aibhneacha curtha as a riocht ag an mBéarla. Cé a d’aithneodh cad atá laistiar den ainm River Inny i gCúige Laighean, abraimis? An Eithne, ar ndóigh. (Tá Inny eile i gCiarraí a bhfuil brí eile leis).
Dá seasfadh Teachta Dála i nDáil Éireann agus dá ndéarfadh sí go raibh sí ag iarraidh go mbronnfaí stádas aonáin bheo ar abhainn na Bóinne, nó ar an tSionainn, abair, cad a thitfeadh amach? Ghlaofaí ar lucht na gcótaí bána chun í a bhreith leo ina gealt.
Donn
Cúis níos doimhne fós ná an t-aondiachas, seachas ildiachas nó anamachas, a bheith i réim in Éirinn agus ar fud na hEorpa agus an Mheánoirthir – go hoifigiúil, ar aon nós. De réir anamachais, is sinsearach do mhuintir na háite í an abhainn, a chothaíonn is a bheathaíonn na glúnta thar na céadta bliain agus in éagmais a cúraim, bheadh an mhuintir sin imithe in éag fad ó shin. Ón seasamh ciallmhar spioradálta daonna sin, luíonn sé le réasún go dtabharfaí aitheantas di mar phearsa – nach sinsinsean-mháthair í?