Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Agus an Pápa Proinsias ag teacht chun na hÉireann, chuireamar ceist don tsraith seo ar dhaoine éagsúla cén chomhairle a chuirfidís air dá lorgódh sé a leithéid uathu

Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc.ie

A Phroinsiais, a chara, má tá comhairle uait- féach ar mo chuid pictiúr ón uair a bhí Benedict ann romhat. Tá croílár fhadhbanna na hEaglaise ansin os do chomhair. Na mná rialta sna ‘sean-anoraks,’ ar an taobhlíne.  Na sagairt, na heaspaig, na cairdinéil, gléasta go péacach, i lár an aonaigh. An Pápa, más fíor, ina cuid slipéirí Prada. Meas tú cé a rinne an níochán, an stáirseáil agus an iarnáil ar fad? Thug mé cuairt uair nó dhó ar Ard-Eaglais Naomh Peadar go bhfeicfinn an Pápa (i bhfad níos éasca sin a dhéanamh sa Róimh ná in Éirinn).

Deir mo phictiúr gur in 2010 a ghlac mé iad. Ach is pictiúr meánaoiseach é. Déan iarracht, a Phroinsiais, teacht isteach sa 21ú aois.

 

Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir

Déarfainn leis gur chaill sé an deis theacht ó thuaidh. Is é Ard Mhacha príomhchathair eaglasta na hÉireann, ní Baile Átha Cliath ná Cnoc Mhuire. Thabharfadh cuairt le fios do phobal Caitliceach an tuaiscirt nach bhfuil siad ar an imeall níos mó.

Agus tá Éire ar fad athraithe as cuimse ó tháinig an Pápa go hÉirinn 40 bliain ó shin, ach níl an eaglais ar aon dul leis sin. Tá an ceart ag Máire Mhic Ghiolla Íosa – is éagóir é go bhfuil an eaglais ag diúltú comhionannas a thabhairt do mhná sa lá atá inniu ann. Cuir deireadh leis!

 

Séamus Ó Scanláin, Craoltóir le Raidió na Gaeltachta

Bhuel, is éard a déarfainn leis ná cuimhneamh go láidir ar an lorg a d’fhág an Eaglais Chaitliceach ar an tír in imeacht na mblianta. Tá sé deacair neamhaird a dhéanamh den stair sa gcás seo agus sin rud a déarfainnse a gcaithfear díriú air le linn dó a bheith ar cuairt ar Éirinn.

Níl aon dabht faoin spéir ach go gcaithfidh an Pápa aird ar leith a dhíriú agus é sa tír orthu siúd atá ar an ngannchuid nó an dream atá gan teach gan áras mar shampla. Is furasta rudaí den sórt seo a ligean i ndearmad, go háirid leis an méid ócáidí atá beartaithe agus an spleodar ar fad a bhaineann le hócáid ar nós Chruinniú Domhanda na dTeaghlach.

Fearacht tíortha eile – tá ganntan aisteach sagart in Éirinn faoi láthair – go leor acu ar tí éirí as a gcuid cúraimí – agus má tá i ndán go mairfidh an creideamh atá againn go ceann i bhfad eile – is ceart don eaglais agus don chléir shinsearach fré chéile – réiteach faoina choinne. Tá caint go leor á déanamh faoi chothromaíocht inscne in eagraíochtaí stáit agus príobháideacha ar na saolta seo – agus tá sé in am anois ag an eaglais aghaidh a thabhairt ar an gceist sin freisin.

Cinnte – is ócáid mhór í Cruinniú Domhanda na dTeaghlach don tír agus is iontach go deo go bhfuil a leithéid le tarlú – ach is ceart don Phápa a bheith ar an airdeall agus na rudaí seo ar fad a bheith i gcúl a chinn aige, ach a seasfaidh sé in Éirinn an cúpla lá seo romhainn.” 

 

An tSiúr Margaret MacCurtain

Ba bhreá liom fáilte an-fhial a chur roimh an bPápa agus buíochas a ghabháil leis as an gcuairt. Ach an sórt comhairle a chuirfinn air ná go bhfuil difríocht mhór idir Éire in 2018 agus an Éire a bhí ann i 1979 nuair a tháinig an Pápa an uair dheireanach. Is dream nua a bheidh ag éisteacht leis agus an dream óg a bhí ann i 1979, bhíodar ag éisteacht. Níl mé cinnte an bhfuil an dream óg sa lá inniu ag éisteacht leis. An chomhairle ba mhaith liom a thabhairt don Phápa ná labhairt lena dtuismitheoirí agus a seantuismitheoirí agus a rá leo go bhfuil dualgas orthu a bheith ag faire amach do leas na hóige.

Ba mhaith liom a rá leis gur cheart dó fógra a thabhairt do na heaspaig agus na cinnirí atá i bhfeighil ar an eaglais anseo in Éirinn. Ba mhaith liom a rá leis freisin go bhfuil a lán daoine gortaithe mar nár labhair an eaglais amach go misniúil faoi mhí-úsáid pháistí, go bhfuil an sórt tuairim againn go léir go raibh an scéal á cheilt ón bhun aníos, ón sagart paróiste go dtí an Vatacáin agus tá daoine an-ghortaithe faoi sin.

Fág freagra ar 'Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…'

  • Pádraig

    Léigh mé ar tuairisc.ie https://tuairisc.ie/uaigh-aoidh-ui-neill-a-lorg-sa-roimh/ fá na hiarrachtaí a bhí ag Cairdinéal Ó Fiach teacht ar cnámha Uí Néill is Séipéal San Pietro sa Róimh siar i 1986.
    Dé réir an scéil theip orthu uaigh Uí Néill a aimsiú de bharr easpa comhoibrithe ó lucht riarúcháin na hEaglaise Caitlicí.
    Tá neart daoine sa tír seo den bharúil gur cheart is gur chóir Aodh Ó Néill a thabhairt ar ais go hÉirinn. Tá Aodh Ó Néill ar deoraíocht le breis agus ceithre chéad bliain agus é thar am dó pilleadh ar a fhód dúchais.
    Anois agus 2018 buailte linn agus an dara chuiart ag Pápa ar Éirinn, seans go mbeadh lucht riaracháin na heaglaise níos dearfaí fán chomhoibriú chun tacaíocht a thabhairt do Ghaeil na tíre, rud nár tharla ag tús an 17ú ná i 1986.

  • Mánus

    Ba chóir do Papa Francesco dul ar ais Go Meirceá Theas áit a bhfuil fáilte roimhe rud nach bhfuil roimhe ó sciar mhaith den phobail a d’fhulaing pianta ifrinn faoin a eaglais Rómhánach Caitliceach inÉirinn. Mholfainn freisin dó agus é ina bhaitsiléir easpaig na Róimhe eirí as an cur i gcéill faoinchúrsaín frithghiniúna agus má thagann sé gon tír seo go niarrfadh sé ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an teideal “National School” a bhaint de 91% de bhunscoileanna na 26 condae agus an teideal ceart “Private Roman Catholic Primary School” a crochadh urthu.