Cúrsaí samhraidh Gaeltachta do 2026 díolta amach taobh istigh de dhá bhomaite

Beagnach 30,000 dalta a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh agus níl coláistí áirithe ábalta coinneáil suas leis an éileamh ollmhór i mbliana

Cúrsaí samhraidh Gaeltachta do 2026 díolta amach taobh istigh de dhá bhomaite

Díoladh amach cúrsaí Gaeilge 2026 i gcuid de na coláistí samhraidh Gaeltachta taobh istigh de chúpla nóiméad. 

Tá éileamh an-mhór ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht i mbliana agus deir lucht na gcoláistí go bhfuil an brú atá orthu ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

I gcoláistí samhraidh áirithe, i nGaeltacht Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí, deirtear nach bhfuil aon áit ar na liostaí feithimh don samhradh seo chugainn le tairiscint ag an phointe seo. Meascán den éileamh mór ar na cúrsaí agus easpa leapacha is cúis leis seo, a deir siad.

Tháining méadú don tríú bliain as a chéile ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta in 2025 agus beagnach 30,000 dalta a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh.

Dúirt Páidí Ó Sé, ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, a reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne, nach bhfuil “aon dabht go bhfuil brú ar na coláistí samhraidh ar fad”, nach féidir leo coinneáil suas leis an éileamh agus nach chun leas aon duine atá cúrsaí mar atá.

“Tá bláthú ó thaobh na Gaolainne agus tá suim ag daoine sa Ghaolainn ach táimid ag lot an eispéiris dóibh,” a dúirt sé.

“I mbliana, d’osclaíomar na cúrsaí [ar líne] ar a hocht a chlog ar maidin agus bhí na chéad trí chúrsa lán i ndiaidh nóiméad agus fiche soicind.”

Dúirt sé go bhfuil 900 duine ar an liosta feithimh don chéad chúrsa i gColáiste Chorca Dhuibhne i mbliana agus go bhfuil os cionn 800 duine ar an liosta feithimh don dara cúrsa. Ní féidir leo ach 350 scoláire a thógáil ar an chúrsa sin, a deir sé.

Deir Ó Sé go dtuigeann tuismitheoirí go bhfuil fadhbanna ann le cuid de na coláistí ar fud na tíre agus nach féidir leo glacadh ach le méid áirithe scoláirí agus gurb é sin an fáth “go líonann siad ana-thapaidh”.

“Tá a fhios agat go bhfuil éileamh ar rud éigin, mar sin beidh tú ullamh. Anuraidh, bhí an brú céanna orainn, tá a fhios agam fhéin [go raibh] mar theip ar ár gcóras.”

Dúirt Ó Sé gurb ionann na coláistí samhraidh agus “rud éigin speisialta in Éirinn nach bhfuil in aon áit eile” ach nach bhfuil an cur chuige atá faoi láthair ann “inmharthana”.

Dúirt sé gur easpa lóistín an fhadhb is mó atá acu san am i láthair agus go bhfuil 345 leaba acu sa chóras anois, i gcomparáid le níos mó ná 700 leaba sa bhliain 2000.

“An bunrud ná go bhfuil titim ar líon na mban tí agus beidh sé ag fáil níos measa. Níl aon cheist ansan.”

I nGaeltacht na Gaillimhe, tá an brú ceannann céanna ar Choláiste Chiaráin ar an Cheathrú Rua agus éileamh an-ard ar chúrsaí Gaeilge sa choláiste i mbliana.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Cóilín Ó Domhnaill, comhúinéir an choláiste, go raibh líon iomlán na bhfiosrúchán faoi na cúrsaí Gaeilge mórán mar a chéile is a bhí blianta eile ach “gur theip ar an chóras” i mbliana nuair a d’oscail siad an córas áirithinte ar líne mar go raibh “an brú chomh mór sin”.

“Bhí muid cinnte go raibh muid lán suas ar an lá gur oscail muid na háirithintí mar gur líon an coláiste suas ar an bpointe agus bhí go leor eile, an uimhir chéanna aríst, nó níos mó, a bhí ag iarraidh a dhul ar liosta feithimh,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Domhnaill, go mbíonn an coláiste lán suas a an chéad lá a n-osclaíonn siad an córas áirithinte anois agus go bhfuil an nós seo le feiceáil acu “le ceathair nó cúig de bhlianta”.

Thug sé le fios go mbíonn siad ábalta “240 scoláire a thógáil in aghaidh an chúrsa” san am i láthair, ach go mbíodh siad ábalta os cionn 300 scoláire a thógáil in aghaidh an chúrsa roimh an phaindéim.

Luaigh sé, go dtiocfadh leo glacadh le níos mó scoláirí ach nach bhfuil “na tithe ann sa cheantar leis na scoláirí a choinneáil.”

Dúirt Ó Domhnaill gur tháinig “cúpla teach nua isteach le cúpla bliain, rud atá go deas” ach go raibh deacrachtaí atá ann go fóill daoine a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

“An dream óg anois, go leor leor acu, tá postanna lánaimseartha acu agus b’fhéidir go bhfuil postanna ag gach duine sa teach. Cuid de na tithe nua atá á dtógáil…b’fhéidir nach bhfuil go leor seomraí ins na tithe agus b’fhéidir nach seomraí codlata ar fad iad.”

Tháinig méadú don tríú bliain as a chéile anuraidh, ar líon na mban tí a a chuir lóistín ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht.

533 bean agus fear tí a bhí cláraithe sa chóras anuraidh ach tá laghdú 7% tagtha ar líon na mban tí atá sa chóras ón bhliain 2019, nuair a bhí 601 teach sa chóras.

Dúirt Gael Linn, a reáchtálann Coláiste Mhachaire Rabhartaigh agus Bhun an Inbhir i nGaeltacht Dhún na nGall, “nach raibh spásanna ar bith fágtha” ar chúrsaí na bliana seo “taobh istigh de chúig bhomaite ó chuaigh an suíomh [idirlín] beo”.

Dúirt siad, gur tharla an rud céanna do chúrsaí na bliana seo a chuaigh thart, agus idir an dá choláiste atá acu go bhfuil tuairim is 250 dalta ar na liosta feithimh i mbliana.

Dúirt Póilín Uí Cheannúbháin, atá i mbun Choláiste Mhachaire Rabhartaigh gur mhaith leo glacadh le níos mó scoláirí ach nach féidir leo mar nach bhfuil “na leapacha” acu.

“Rinne Covid dochar mór mar gur éirigh roinnt mhaith mná tí as a bheith ag coinneáil scoláirí mar gheall ar aois; daoine leochaileacha sa teach; mná tí a bhfuil páistí óga acu,” a dúirt sí le Tuairisc.

I nGaeltacht na nDéise, dúirt Coláiste na Rinne, go bhfuil “spásanna le líonadh” ar roinnt cúrsaí go fóill ach go bhfuil an chéad chúrsa den samhradh “lán ag an staid seo”.

Dúirt siad fosta, go raibh siad “chun tosaigh i gcomparáid leis an am céanna anuraidh” agus go raibh “roinnt scoláirí breise cláraithe ag an staid seo”.

Dúirt Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh Gaeilge, go bhfuil na coláistí samhraidh ar fad “a bheag nó a mhór lán” ag an phointe seo agus go bhfuil formhór na gcoláistí samhraidh i mbun bainistíochta ar liostaí feithimh faoin tráth seo.

Dúirt Nic Dhonncha, go bhfuil sé “deacair a rá” cad ba chúis leis an éileamh mór ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht i mbliana, ach luaigh sí go mb’fhéidir go raibh tionchar ag Covid ar an éileamh mór atá ann anois.

Dúirt sí “go bhfuil go leor Gaeilge caillte” ag scoláirí na tíre seo le blianta beaga anuas, gur bhuail an phaindéim “an Ghaeilge go dona istigh sna ranganna mar ábhar” agus go bhfuil “titim sa gcaighdeán” mar gheall air seo.

Thagair sí chomh maith, do staid na tíre seo ó thaobh na fostaíochta de agus an tionchar a imríonn sé sin ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh.

“Mar thír, níl muid go dona as i dtaobh na dífhostaíochta de faoi láthair, tá fostaíocht ann rud a chiallaíonn go bhfuil airgead ag na tuismitheoirí. D’fhéadfadh sé sin athrú agus má bhíonn an eacnamaíocht ag déanamh go dona, bíonn na coláistí Gaeilge ag déanamh go dona.”

De réir figiúirí a fuair Tuairisc ó Roinn na Gaeltachta, 29,251 a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge in 2025 i gcomparáid le 27,394 in 2024.

Cé go raibh titim ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge i ndiaidh na paindéime in 2022, tráth ar fhreastail 25,416 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta i gcomparáid le 27,032 in 2019, tá méadú seasta tagtha ar na figiúirí ó shin.

Deir Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha CONCOS, go bhfuil sí den tuairim nach mbeidh an figiúr do líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge ag ardú mórán i mbliana i gcomparáid le anuraidh.

“Sílim nach mbeidh muid in ann 30,000 a bhaint amach, níl na leapacha againn sa chóras agus ní bheadh teaghlaigh Ghaeltachta nua ann chun an bhearna seo a líonadh,” a dúirt sé le Tuairisc.

533 teaghlach san iomlán a choinnigh scoláirí anuraidh, ardú 2% ar líon na dteaghlach ó 2024, nuair a bhí 522 teach cláraithe sa chóras.

I mí na Nollag 2025, tuairscíodh ar an suíomh seo gur 557 teaghlach a chuir lóistín ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht in 2025.

Dúirt an Roinn ag an am gur figiúr “measta” a bhí san fhigiúr seo, bunaithe ar 522 teaghlach a bhí gníomhach in 2024 “móide 35 teaghlach nua-chláraithe do 2025”.

I ráiteas ó Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt siad gur chláraigh 35 teaghlach nua in 2025 ach gurb é “11 an glanmhéadú don earnáil”.

Is i gcontae na Gaillimhe a bhí an líon is mó teaghlach cláraithe, agus 303 teach ag coinneáil scoláirí Gaeilge in 2025. 130 teach a bhí cláraithe i nGaeltacht Dhún na nGall agus 45 teach a bhí cláraithe i nGaeltacht Mhaigh Eo anuraidh.

Choinnigh 35 teaglach scoláirí i gceantair Ghaeltachta i gCiarraí, 15 teach a bhí i gceist i bPort Láirge, ceithre cinn a bhí i gcontae na Mí agus aon teach amháin a bhí cláraithe i nGaeltacht Chorcaí in 2025.

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge 2019 2022 2023 2024 2025
Líon scoláirí 27,032 25,416 26,835 27,583 29,251
Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí 601 495 511  522 533
 Líon Coláistí (agus ionaid) 51 40 47  49 50

 

Fág freagra ar 'Cúrsaí samhraidh Gaeltachta do 2026 díolta amach taobh istigh de dhá bhomaite'