Seirbhís ateangaireachta Gaeilge le cur ar fáil ag cruinnithe le linn tréimhse uachtaránachta

Beidh seirbhísí ateangeaireachta á gcur ar fáil ag cruinnithe aireachta agus cruinnithe mullaigh neamhfhoirmiúla le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an AE

Seirbhís ateangaireachta Gaeilge le cur ar fáil ag cruinnithe le linn tréimhse uachtaránachta

Tá comhaontú sínithe ag an Rialtas leis an gCoimisiún Eorpach a fhágfaidh go mbeidh seirbhísí ateangaireachta comhuaineacha Gaeilge ar fáil ag cruinnithe a bheidh ar siúl in Éirinn le linn a tréimhse uachtaránachta ar an AE

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha Tomás Byrne a shínigh an Comhaontú um Chomhar Riaracháin. Beidh na seirbhísí ateangaireachta comhuaineacha, seirbhís Ghaeilge ina measc, á gcur ar fáil ag cruinnithe aireachta agus cruinnithe mullaigh neamhfhoirmiúla.

Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh, Genoveva Ruiz Calavera, a shínigh an comhaontú ar son an AE.

I ráiteas a chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha dúradh go dtabharfadh an socrú ateangaireachta “deis” don rialtas “tiomantas na hÉireann don ilteangachas, agus do chomhtháthú iomlán na Gaeilge i ngnóthaí Eorpacha, a athdhearbhú”.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne gur “cloch mhíle” í Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026 ó thaobh na teanga mar gurb í an chéad tréimhse uachtaránachta ag an atá ó tugadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil oibre san AE don Ghaeilge.

“Creidim go dtacaíonn cumas na nAirí agus na n-oifigeach, ó gach cearn den AE, páirt iomlán a ghlacadh ina dteangacha féin le hidirphlé fónta, caibidlíocht éifeachtach agus dea-chinnteoireacht,” arsa Byrne.

Deirtear gurb í Ard-Stiúrthóireacht ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh an tseirbhís ateangaireachta is mó ar domhan. Cuireann sé seirbhís ateangaireachta ar fáil go rialta i ngach ceann de 24 theanga oifigiúil an AE.

 

 

 

Fág freagra ar 'Seirbhís ateangaireachta Gaeilge le cur ar fáil ag cruinnithe le linn tréimhse uachtaránachta'

  • Fin

    Ní thugann aistritheoirí/aisteoirí Gaeilge an AE tacaíocht ar bith don tseirbhís seo.