Curaclam nua fochéime fógartha ag Ollscoil Mhá Nuad

Beidh deis ag mic léinn meascán d'ábhair litríochta agus eolaíochta a dhéanamh faoin gcóras nua

Philip Nolan 2

Tá curaclam nua fochéime le seoladh ag Ollscoil Mhá Nuad inniu.

Faoin gcóras nua a thabharfar isteach, tá sé i gceist simpliú a dhéanamh ar na bealaí roghnaithe agus iontrála a chaitheann mic léinn a thabhairt orthu féin agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar chúrsaí tríú leibhéal.

Beidh solúbthacht nach beag ag baint leis an gcóras nua agus fágfaidh sé go bhféadfaidh mic léinn ábhar dána agus ábhar eolaíochta a roghnú le chéile agus céim mheasctha a bhaint amach i ndeireadh báire.

D’eascair an córas nua as moltaí a chuir painéal faoi stiúir Uachtarán na hOllscoile, Philip Nolan, le chéile. Baill foirne agus mic léinn a bhaineann le cúrsaí agus le ranna éagsúla san Ollscoil a bhí ar an bpainéal.

D’oibrigh siad i gcomhpháirtíocht lena chéile mar chuid de phróiseas inmheánach d’fhonn teacht ar “na moltaí agus na múnlaí is fearr” dá bhfuil ann, a dúirt an Dochtúir Liam Mac Amhlaigh, ag caint dó ar an gclár Athmhaidin inniu.

Mhínigh an léachtóir d’ancaire an chláir, Gormfhlaith Ní Thuairisg, go múinfear scileanna litearthachta agus uimheartachta ar na cúrsaí nua agus go bhféadfadh mic léinn meascán d’ábhair litríochta agus eolaíochta a dhéanamh dá mba mhian leo.

An cuspóir atá leis an gcuraclam nua ná scileanna sa smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna oibre a thabhairt don chéad ghlúin eile de chéimithe sa tslí is go mbeidh siad ullamh don saol a bheidh rompu.

Fágfaidh an curaclam nua go gcuirfear leis na deiseanna atá ann dul i mbun staidéir i ndisciplíní difriúla in éineacht.

“Is athrú ó bhun ar oideachas ollscoile in Éirinn an t-athrú seo. Táimid tar éis taithí foghlama an fhochéimí a athshamhlú ó bhun go barr chun samhail d’oideachas fochéime dúshlánach, nach mbeidh ar fáil in aon ollscoil eile, a chur ar fáil in Ollscoil Mhá Nuad”, a dúirt Uachtarán na hOllscoile, Philip Nolan.

Is í an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, a sheolfaidh an curaclam nua i dteannta an Uachtaráin níos deireanaí inniu.

Fág freagra ar 'Curaclam nua fochéime fógartha ag Ollscoil Mhá Nuad'