Cur i gcéill arís ó Johnson maidir leis an bPrótacal

Tá na meáin anseo in Éirinn aontaithe go bhfuil an Prótacal i mbaol ach tá cuid mhaith de na meáin Shasanacha den tuairim gur cur i gcéill atá i gceist le caint Johnson

Cur i gcéill arís ó Johnson maidir leis an bPrótacal

An bhfuil baol dáiríre ann don Phrótacal, nó an cur i gcéill atá i gceist arís, iarracht eile ag na Sasanaigh rud breise a bhaint amach sna cainteanna faoi shocrú trádála leis an AE ar fad? 

Mheas mé go raibh sé spéisiúil go raibh na meáin Éireannacha ar fad aontaithe gur cinneadh dáiríre a bhí ann, ach go raibh na meáin Shasanacha den tuairim gur cur i gcéill a bhí ann – an Telegraph (eite dheis ar son an Bhreatimeachta), an Financial Times (eite an rachmais in aghaidh an Bhreatimeachta) agus an Guardian (eite liobrálach in aghaidh an Bhreatimeachta), ina measc. 

Ar ndóigh, ní féidir linn a bheith cinnte faoi rud ar bith a bhaineann le Boris Johnson, ach amháin go dteastaíonn uaidh fanacht in oifig. Agus más gá dó cúpla slisne d’fheoil dhearg a chaitheamh chuig lucht na himpireachta ina pháirtí féin, cén dochar? 

Bhuel, cén dochar mura bhfuil ann ach caint. Agus tá na nuachtáin Shasanacha a luaigh mé den tuairim go bhfuil bearna mhór idir briathar agus beart sa gcás seo. 

Agus sin é an fáth, ceapaim, go bhfuil an tAontas Eorpach féin ag fanacht réasúnta stuama faoin mbagairt seo.  

Mar sin féin, creideann cuid de na Sasanaigh go bhfuil deis níos mó  acu a mianta féin a chur i gcrích mar gheall ar a ról i gcogadh na hÚcráine. Agus tá amhras áirithe ann cén taobh a roghnódh na stáit in oirthear an Aontais – an Pholainn agus na stáit Bhaltacha – dá mba rogha idir seasamh le náisiún beag cosúil leo féin, Éire, nó seasamh leis an dream is mó atá ag tacú leis an gcogadh a choinneáil ar siúl, an Bhreatain. 

Ní chuireann an t-amhras seo, san áireamh, áfach, leas na Gearmáine is na Fraince sa scéal. Cé go bhfuil siad lag agus iad ag iarraidh a mbealach féin a dhéanamh, i gcomparáid le dearcadh Mheiriceá, ní fheicim go mbeadh siad sásta ag an bpointe seo muid a chaitheamh chuig na leoin. 

Tuigeann muid ar fad go bhfuil uirlis chatha déanta den Phrótacal, ag na Sasanaigh ar aon chuma. Ach is léir go bhfuil na hAontachtaithe gríosaithe faoin scéal toisc go bhfeiceann siad scaradh éigin idir na sé chontae agus an Bhreatain. 

Agus ní féidir a shéanadh ach gur lagú ar stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe atá ann. 

Ach an rud ciallmhar é sróna na nAontachtaithe a bhrú sa bpuiteach faoi seo, agus a bheith caithréimeach go bhfuil buailte orthu mar gheall ar an oiread sin tacaíochta is a thug siad don Bhreatimeacht? 

Glacaim ar fad leis nach mbaineann na deacrachtaí a luaitear leis an bPrótacal le cúrsaí trádála is eacnamaíochta go príomha. Is siombail iad den Aontacht, arb é bun is barr an scéil é don Aontachtas. 

Ach más rud polaitiúil go bunúsach atá i ngearáin na nAontachtaithe, nach fiú mar sin féin do Shinn Féin a rá nach cic sna magairlí atá i gceist is go bhfuil siad sásta suí síos leis an DUP, in éineacht le lucht gnó is na ceardchumainn, le réiteach  ar na fíordheacrachtaí a phlé? 

Maidir leis sin, in ainneoin na ngothaí atá á gcur orthu féin ag rialtas Johnson, ceapaim go bhfuil ciall áirithe le moladh amháin de chuid Johnson. Is é sin go mbeadh lána dearg is lán glas ann d’earraí ag dul isteach go Tuaisceart Éireann – dearg d’earraí a rachaidh ar aghaidh ó dheas agus glas d’earraí a fhanfaidh ó thuaidh 

Tá sé tábhachtach dúinne nach mbeidh teorainn chrua ar an oileán seo, ach tá sé tábhachtach freisin go dtabharfadh muid spás dóibh siúd sa bpobal Protastúnach atá oscailte don lá sa todhchaí nuair a phléifear athaontú na hÉireann ar bhonn comhionannais is cirt. 

Sé sin, is chun ár leasa é go mbainfí an nimh as an scéal más féidir. 

Cinnte, tá Johnson ag iarraidh an nimh a choinneáil sa scéal, agus é ag iarraidh leas a bhaint as an aighneas le brú a chur ar an Aontas Eorpach, más féidir leis, maidir le trádáil na Breataine leis an Aontas. 

Ach is cóir go dtuigfeadh muid gurb é atá uainn ná socrú síochánta inghlactha a chinnteoidh nach mbeidh teorainn chrua ar an oileán seo. Beidh ar na hAontachtaithe glacadh leis sin, ach is fearr i bhfad muid a  bheith i mbun cainteanna. 

Agus más fíor do na nuachtáin Shasanacha nach bhfuil i mbeart Johnson ach cur i gcéill, b’fhéidir gur fearr freisin déileáil go réidh leis an scéal, súil a choinneáil air ach gan dul thar fóir ag caint faoi.

Fág freagra ar 'Cur i gcéill arís ó Johnson maidir leis an bPrótacal'

  • Máire Ní Ghríofa

    Cleas eile is plamás iontach.