Cur chuige ‘radacach’ ag teastáil le sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An tÚdarás um Ard-Oideachas

Tá tograí taighde ar bun ag an Údarás um Ard-Oideachas chun na heasnaimh atá sa soláthar tríú leibhéal trí Ghaeilge a aithint agus chun anailís a dhéanamh ar na héilimh a bhíonn ag daltaí Gaeltachta ar an tríú leibhéal

Cur chuige ‘radacach’ ag teastáil le sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An tÚdarás um Ard-Oideachas

Jack Gleeson

Tá sé tugtha le fios ag an Údarás um Ard-Oideachas nach bhfuil ar fáil sa tír ach dhá chúrsa tríú leibhéal a ndéantar iad a thegasc go hiomlán trí Ghaeilge agus nach cúrsaí iad a bhaineann leis an teanga.

Cúrsaí iarchéime atá sa bpéire acu – MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus MA sa Chleachtas Gairmiúil sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe.

Cé go bhfuil céimeanna eile trí Ghaeilge á gcur ar fáil ag institiúidí tríú leibhéal eile, baineann siad uile le staidéar a dhéanamh ar an teanga féin nó le litríocht agus cultúr na Gaeilge nó leis an aistriúchán Gaeilge. Tá roinnt céimeanna eile ar fáil inar féidir an dlí nó an gnó a staidéar trí Ghaeilge agus modúil ar leith a dhéanamh i nGaeilge.

Agus iad ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais inniu, dúirt oifigigh ón Údarás um Ard-Oideachas (ÚA) go mbeadh cur chuige “radacach” ag teastáil chun dóthain céimithe tríú leibhéal Gaeilge a sholáthar don tseirbhís phoiblí chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

Is é an sprioc reachtúil atá ag an rialtas ná gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh i 20% de dhaoine a earcaítear chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.

Tá imní léirithe ó ritheadh an reachtaíocht teanga faoina laghad cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge. Údar buartha ag polaiteoirí agus lucht feachtais a laghad dul chun cinn atá déanta ag an Roinn Ardoideachais, ag an ÚA agus ag na hinstitiúidí tríú leibhéal féin chun tuilleadh cúrsaí a fhorbairt.

Tá sé ráite go minic ag an Roinn agus ag an ÚA go bhfuil na hinstitiúidí tríú leibhéal neamhspleách agus nach féidir iachall a chur orthu tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Dúirt Tim Conlon, Ceann Beartais agus Pleanála Straitéisí leis an Údarás um Ard-Oideachais go raibh bealaí ann ina bhféadfaí cur le líon na gcúrsaí Gaeilge. Dúirt sé,áfach, go raibh sé “idir dhá chomhairle” maidir leis an mbealach is fearr chun tabhairt faoi sin.

“D’fhéadfaí, mar shampla, acmhainní breise a chur isteach i gcláir trí Ghaeilge agus spreagfadh sé sin na hinstitiúidí gníomhú ar bhealach áirithe agus breis clár a chur ar fáil. Rud dearfach a bheadh ansin agus b’fhéidir go bhfeicfeadh tú toradh go tapa,” a dúirt Conlon.

“Ar an lámh eile, b’fhéidir nár cheart gur rud speisialta ná difriúil a bheadh i soláthar clár trí Ghaeilge. I ndáiríre, ba cheart go mbeadh sé coitianta…má tá sé coitianta, bheadh muid ag caint ar ár gcroí-dheonú.

“Tá tuilleadh deiseanna ann chun comhráite straitéiseacha a bheith againn leis na hinstitiúidí maidir le conas gur féidir linn dul i ngleic leis an riachtanas náisiúnta agus leis an éileamh náisiúnta seo. Is dóigh liom go mbeadh na hinstitiúidí toilteanach i dtaobh na gcomhráite sin.”

Ghéill Conlon nach raibh aon phlé mar seo faoin nGaeilge ann le roinnt blianta anuas ach dúirt sé go raibh “an-brú” gníomhú anois ann “ar chúiseanna éagsúla”.

Tom Conlon

Gheall an tAire Ardoideachais James Lawless ag deireadh na bliana seo caite go ndéanfadh a roinn tuilleadh chun cur le líon na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge.

Dúirt Conlon freisin go dtabharfadh an plean gníomhaíochta a foilsíodh an tseachtain seo caite mar chuid den Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge treoir don ÚA agus do pháirtithe leasmhara eile.

Tugadh le fios ag an gcruinniú i dTeach Laighean gur cheadaigh bord an ÚA maidin inné maoiniú d’Ollscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge ag an tríú leibhéal.

Dúirt an Dr Jack Gleeson, oifigeach Gaeilge an ÚA, go mbíonn sé deacair sonraí cruinne a fháil ar líon na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge agus ar na daltaí a bhíonn ag freastal orthu ach go ndíreoidh an taighde nua ar an soláthar atá ann faoi láthair agus ar an éileamh a bheidh ann amach anseo.

Breathnófar ar an gcur chuige i dtíortha eile chomh maith, sa mBreatain Bheag, mar shampla. Tá súil ann go mbeidh an taighde réidh faoi shamhradh na bliana seo chugainn.

Dúradh freisin go raibh an tÚA ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire chun anailís a dhéanamh ar an éileamh a bhíonn ar an oideachas tríú leibhéal i measc aos óg na Gaeltachta.

“Beidh an taighde seo ag díriú ar na sonraí a bhaineann leis an nGaeltacht agus déanfar scrúdú ar rudaí cosúil leis an ráta coinneála agus réimsí staidéir i measc na mac léinn ón nGaeltacht. Déanfar comparáid idir sonraí a bhaineann le ceantair Ghaeltachta agus an leibhéal náisiúnta maidir le stádas socheacnamaíoch, cláir ollscoile, srl,” a dúirt Gleeson.

Tá súil ann go mbeidh an taighde sin curtha i gcrích faoi lár na bliana seo.

Fág freagra ar 'Cur chuige ‘radacach’ ag teastáil le sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An tÚdarás um Ard-Oideachas'