Róluath ceilíúradh a dhéanamh ar u-chasadh Trump sa nGraonlainn

Tá sé léirithe ag Trump nach mbreathnaíonn sé ar an Eoraip mar pháirtnéirí ach mar vasáilligh, agus tá an tseanré thart

Róluath ceilíúradh a dhéanamh ar u-chasadh Trump sa nGraonlainn

Bhi osna faoisimh ar fud na hEorpa nuair a tharraing Donald Trump siar an bhagairt go gcuirfí táillí breise ar earraí ó thíortha a chuir saighdiúirí go dtí an Ghraonlainn, ag léiriú naimhdis dá pholasaí don tír sin.

Ceapaim go bhfuil sé beagáinín luath ag Eorpaigh aon cheiliúradh a dhéanamh faoin scéal.

Ar an gcéad dul síos níl sonraí an mhargaidh a rinne Trump agus ardrúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO), Mark Rutte, ar eolas againn. Ach tuigeann muid go mbeidh cuid – cuid mhór nó cuid bheag, níl a fhios againn – den Ghraonlainn tugtha mar chríoch cheannasach na Stát Aontaithe, mar atá críocha ceannasacha ag an mBreatain ar oileán na Cipire.

Ní léir ach an oiread ar thug rialtas na Danmhairge údarás do Rutte an idirbheartaíocht sin a dhéanamh, ach tá a fhios againn nach raibh aon phlé ag parlaimint na Graonlainne faoi. Cén ceart atá ag ECAT nó ag an Danmhairg cúrsaí na Graonlainne a shocrú gan dul i dteagmháil le muintir na Graonlainne?

Coilíneachas arís!

Cén fáth ar tharraing Trump siar – má tharraing – mar sin? B’fhéidir go bhfuair sé teachtaireacht ó na margaí nach dtaitneodh leo aighneas trádála a chothú arís, nó b’fhéidir go bhfuair sé gach rud ar theastaigh uaidh a fháil i ndáiríre?

Cén leas atá mar sprioc aige maidir leis an nGraonlainn? Baineann cuid de, b’fhéidir, le cúrsaí cosanta i gcoinne diúracán, nó cuid le dúil sna tearciththreacha ansin. Ach ceapaim gurb í forbairt an Artaigh an rud is tábhachtaí.

Tá an Mhuir Artach ag éirí níos teo, agus níos lú oighir ann dá bharr. Tá bealach nua farraige ann anois ón Áise go dtí an Eoraip agus go dtí Meiriceá Thuaidh atá i bhfad níos giorra ná na seanbhealaí, agus, mar sin, i bhfad níos saoire.

Agus ar ndóigh, tá mianraí agus tearcithir ansin nach raibh infhorbartha go dtí anois. Ansin tá Ceanada, an Danmhairg (mar gheall ar an nGraonlainn), an Iorua agus SAM le hAlasca.

Má fhaigheann SAM seilbh cheannasach ar thuaisceart na Graonlainne bheadh tábhacht agus cumhacht Mheiriceá san Artach méadaithe go mór.

Mar sin, go dtí go bhfeicfidh muid sonraí an mhargaidh ní bheidh a fhios againn ceard tá géillte ag an Danmhairg.

Ceist thábhachtach eile, ar ndóigh, ná cá seasann an Chomhghuaillíocht Atlantach anois? An ann dó i ndáiríre?

Séard tá léirithe ag Trump ná a dhímheas domhain ar an Eoraip agus a cuid nóisean is mór is fiú. Bhíodh impireachtaí acu tráth, ach tá an ré sin thart is tá siad ag maireachtáil taobh thiar den sciath Mheiriceánach. Agus tá sé léirithe ag Trump nach mbreathnaíonn sé orthu mar pháirtnéirí ach mar vasáilligh.

Ach céard is féidir leis an Eoraip a dhéanamh? Is léir nach bhfuil sí láidir go leor le seasamh amach i gcoinne Mheiriceá gan cúnamh. Ach cén cúnamh?

Thug an Eoraip droim láimhe leis an Rúis, ghlac sí úinéireacht ar an gcogadh i gcoinne na Rúise san Úcráin, bhris an Eoraip a nascanna eacnamaíochta leis an Rúis (ag déanamh dochar as cuimse dóibh féin san iarracht). Agus in ionad páirtnéireacht a lorg leis an tSín, mar atá á lorg ag Ceanada, tá an Eoraip ag breathnú ar an tSín mar namhaid.

Maidir leis sin, thug cuairt Mhicheál Martin ar an tSín deis iontach don tír seo feidhmiú mar dhroichead idir an tSín agus an Eoraip, ach nílim cinnte go dtapóidh Martin an deis sin nó go mbeadh an misneach ag an Eoraip fáilte a chur roimh dheis dá leithéid.

Ag deireadh thiar tá sé cineál truamhéalach éisteacht leis na hEorpaigh ag méileach faoin dlí idirnáisiúnta i gcás na Graonlainne, nuair a thug siad tacaíocht do bharbarthacht Iosrael in Gaza, do bhuamáil na hIaráine ag Iosrael agus ag SAM, d’fhuadach Maduro ag SAM, do bhagairtí Mheiriceá ar fud an domhain.

Tá an ceart ag príomh-aire Cheanada, Mark Carney, go bhfuil deireadh anois leis an domhan mar a bhí, domhan a bhí bunaithe ar rialacha. Ach ghlac Ceanada agus Carney páirt iomlán in ionsaithe agus i ndúshaothrú an Domhain Theas.

Is trua liom cás na nGraonlannach, ach is fimíneacht amach is amach é ag an Danmhairg, a thacaigh le buamáil na hIaráine, deora a shileadh ar a son siúd.

Tá lucht an Atlantachais ag súil gur féidir leo an tseanré a thabhairt ar ais má fhaigheann na Daonlathaithe i Meiriceá cumhacht arís. Ná cuir geall air. Creidim go bhfuil an tseanré imithe is cuma cé a thiocfaidh chun cinn i Meiriceá sa todhchaí.

Fág freagra ar 'Róluath ceilíúradh a dhéanamh ar u-chasadh Trump sa nGraonlainn'

  • Pádraig

    Ceapaim nach bhfuil fhios ag Trump an Phrompa fiú amháin cá bhfuil an Ghraonlainn i gceart. Thagair sé don Íoslainn iliomad uair nuair is í an Ghraonlainn a bhí i gceist aige.
    Dá mbeadh greim aige ar an Ghraonlainn d’éireodh leis talamh SAM a mhéadú faoi dhó (MAGA) agus bheadh iomrá air go brách na breithe.
    É féin agus a uaillmhian féin bun is barr gach beartais dá chuid.
    Dúramán aineolach, bogásach is ea Trump a’ Phrompa nár léigh aon leabhar riamh ina shaol, déarfainn.
    Ach tá gliocas an diabhail ann.
    Agus mailís dá réir.