Mairteoil an Tí Dhóite agus Berlaymont na Bruiséile

Ceacht bunúsach eacnamaíochta is cúis le géarchéim an bhurgair Tí Khitty O’Shea

Mairteoil an Tí Dhóite agus Berlaymont na Bruiséile

Trí mhíle agus roinnt céadta euro lena chois sin.  B’in an praghas a tugadh ar bhó agus lao i marglann an Tí Dhóite i gceartlár Chonamara le gairid.   Saolaíodh, tógadh agus cuireadh cruth ar an a mbó sin sa taobh ó dheas de Chonamara; ach níl aon chosúlacht ag na réimsí sléibhtiúla sin le Machaire Méith na Mumhan.  Cé a chuimhneodh ar phraghas mar sin ar bheithíoch as an talamh tanaí, righin, riascach ar imeall thiar na hÉireann?

Tráth praghsanna láidre é seo ag feilméaraí beostoic na hÉireann.   Ach ní fheileann sé seo san Berlaymont i lár chathair na Bruiséile.  Mar a tharlaíonn sé, tádar ag fáil blaiseadh d’eacnamaíocht na talmhaíochta an taobh eile den doras ansin.

Is ar éigean go bhfuil sé inrásta ag státseirbhísigh na hEorpa i bhfoirgneamh an Berlaymont, príomhionad maorlathais na hAontachta, a dhul amach agus ‘burger’ a cheannach ag am lóin.  Bhídís dá dhéanamh sin sa bpub Éireannach atá buailte ar áras mór na cumhachta.  Sin é Tí Khitty O’Shea.  Ach níl stopadh ar bith leis an bpraghas ag ardú.

Comhthíos atá acu anois leis an áit ina mbeadh sásamh acu ar bhurgar mór gnaíúil,  agus pionta Guinness.

€9 a bhí lucht riartha tí Kitty O’ Shea a íoc ar chileagram mairteola in 2023; €10.50 in 2024 agus €13 anois.  Ceacht bunúsach eacnamaíochta is cúis le géarchéim an bhurgair Tí Khitty O’Shea – nuair a éiríonn ábhar riachtanach gann, ardaíonn an praghas.

Tosaíonn an scéal seo uilig ar fheilmeacha na hEorpa.  Bhí 80 milliún beithíoch a bhí feiliúnach le haghaidh táirgeadh mairteola ar fheilmeacha an Aontais Eorpaigh in 2005.  Anois, tá an líon sin gaibhte síos go 72 milliún.

Níl ach leigheas réadúil amháin air seo – tuilleadh feilméaraí agus tuilleadh beithígh mhairteola.  Ach, tá leath na bhfeilméaraí san Aontas Eorpach os cionn 50, agus tá a mhacasamhail de chlaonadh anseo i bPoblacht na hÉireann.   Cá bhfuil muid anois?

Mercosur, a mhic ó!

Ar bhealaí, ní fál go haer é an chuid den socrú seo a bhaineann le feilméaracht.  Níl i gceist a thabhairt isteach ach 99,000 tonna mairteola as an Airgintín, as an mBrasaíl, as Uragua agus Paragua (tíortha an Mercosur) go tíortha an Aontais Eorpaigh.   Sin 1% den lear mairteola atá ag teastáil ar fud an Aontais, a deir an Coimisiún Eorpach  Go deimhin, iompórtáiltear 200,000 tonna mairteola isteach cheana féin as tíortha taobh amuigh den Aontas.   An bhfuil an t-éirí amach ag dul thar fóir faoin tuath in Éirinn?

Ná bac le figiúirí agus céatadáin ar fheilmeacha na hEorpa; níltear ag éisteacht.

Tá gluaiseacht na bhfeilméaraí san Eoraip ag troid in aghaidh Mercusor le cúig bliana fichead.  Facthas i gcónaí é mar namhaid don fhorlámhas a bhí ag feilméaraí san Aontas, nó i bpé ar bith teideal a bhí ar an Aontas Eorpach le 60 bliain.  D’éirigh leis an earnáil feilméarachta cos i dtaca láidir a dhaingniú sna socruithe seo idir tíortha na hEorpa ó aimsir an Chómhargaidh.   Bhí réasún leis seo freisin.  Gan beatha, ní mhaireann tír; gan feilméaraí ní bhíonn againn beatha.   Ach tá lagan dá dhéanamh ar an mbunchloch, agus tá an chontúirt sin tugtha faoi deara ar fud na tuaithe in Éirinn.

Tugadh léargas soiléir ar dhearcadh an Choimisiúin Eorpaigh ar an talmhaíocht nuair a tháinig an scéal amach go raibh athrú le cur ar an gComhpholasaí Talmhaíochta  (CAP) ó thús 2028 ar aghaidh.  Ní ciste neamhspleách as féin a bheadh san gComhpholasaí feasta.  Bhí sé in am na tarracóirí a chur ar bóthar aríst.

Cá rachaidh na tarracóirí anois?

Nuair a bhí an Taoiseach idir dhá chomhairle faoi dhearcadh na nÉireann ar Mercusor agus é sa tSín, d’fhéadfadh go raibh sé ag breathnú ar an eacnamaíocht ina hiomláine.   Ach ar fheilmeacha na hÉireann, níl ach mana amháin ann, agus tá vótaí ag brath air freisin – seachain ídiú ar an tslí mhaireachtála.  Tugadh leid faoin mbrú polaitiúil i bParlaimint na hEorpa sa vótáil Dé Céadaoin seo caite.

Ar deireadh, níl na feilméaraí ag déanamh aon bhlas nach bhfuil á dhéanamh ag chuile dhream:  cosain gach a bhfuil againn, agus cosain praghas na mbeithíoch i marglann an Tí Dhóite.

Fág freagra ar 'Mairteoil an Tí Dhóite agus Berlaymont na Bruiséile'

  • Piarda

    Ciallaíonn an margadh a chuirfear i gcrích leis an tSín go mbeidh breis pacaí nimhe 10 10 20, á leathadh ar dalladh ar thailte na hÉireann amach anseo, ní áirím an truailliú breise ar aibhneacha agus ar aer.
    Bhfuil aon teora le saol seo na breise?

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Léargas suimiúil ar chúrsaí feirmeoireachta san Eoraip san alt seo a léiríonn easpa acmhainn na h-earnála soláthar a dhéanamh ar an margadh, de réir mo thuisceana. Sách ráite.