Cur chuige nua ag teastáil le hÉireannaigh ‘nua’ agus aontachtaithe a mhealladh le blaiseadh de na healaíona Gaeilge

Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le scéim nua faoina gcuirfear maoiniú ar fáil chun na healaíona atá bunaithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i measc ‘spriocghrúpaí imeallaithe’

Cur chuige nua ag teastáil le hÉireannaigh ‘nua’ agus aontachtaithe a mhealladh le blaiseadh de na healaíona Gaeilge

Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Ón mbliain seo chugainn ar aghaidh beidh ar gach ceanneagraíocht Ghaeilge a léiriú go bhfuil “chur chuige réamhghníomhach” acu i leith bheith istigh a thabhairt do ghrúpaí éagsúla – ina measc na nuaphobail Éireannacha, an Lucht Siúil, an pobal Aontachtach agus daoine le riachtanais speisialta.

Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le scéim nua faoina gcuirfear maoiniú ar fáil chun na healaíona atá bunaithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i measc “na spriocghrúpaí imeallaithe” sin.

Tá an gealltanas sin tugtha sa Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo caite.

Deirtear sa straitéis nua gur léirigh an taighde nach gcloíonn na ceanneagraíochtaí i gcónaí le “dea-chleachtas” nó le polasaithe rialtais maidir leis an “ionchuimsiú agus an fhor-rochtain”.

“Tá deiseanna ealaíne á gcailliúint mar go gcailltear deiseanna teagmhála le pobail agus cleachtóirí níos ilghnéithí,” a deirtear.

Deirtear sa straitéis go mbeidh ceangal feasta ar na ceanneagraíochtaí “tiomantas” a thabhairt go mbeidh “cur chuige réamhghníomhach” acu maidir leis an ionchuimsitheacht.

Beidh an ceangal céanna ar aon eagraíocht eile a bhfuil gné na n-ealaíon teangabhunaithe ag baint lena gcuid oibre agus a fhaigheann “mórmhaoiniú” stáit.

Deirtear go mbeidh mír le líonadh in aon iarratas ar mhaoiniú stáit d’ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge “a thabharfaidh ar eagrais machnamh agus pleanáil” a dhéanamh faoin “ionchuimsiú agus for-rochtain”.

Beidh ar aon fhéile fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge plean a bheith acu chomh maith chun bheith istigh a thabhairt do ghrúpaí “imeallaithe”.

Foras na Gaeilge agus An Coiste Idirghníomhaireachta nua atá le bunú do dhrámaíocht agus d’ealaíona ó bhéal na Gaeilge a bheidh freagrach as na moltaí a chur i bhfeidhm.

Ciste maoinithe €80,000 a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn le tús a chur leis an scéim nua.

Fág freagra ar 'Cur chuige nua ag teastáil le hÉireannaigh ‘nua’ agus aontachtaithe a mhealladh le blaiseadh de na healaíona Gaeilge'

  • Colette

    Céard faoi mionlach eile -cainteoirí dúchasacha na Gaeltachta. Gan Ghaeltacht bheo ní bheidh ciall le Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Roinn na Galetachta.