Cur chuige ‘bocht’ an Aire Heather Humphreys i leith chúram na Gaeilge cáinte ag Sinn Féin

Deir Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil, go bhfuil an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys ag ‘diúltú dul i ngleic le hearnáil na Gaeilge’

Cur chuige ‘bocht’ an Aire Heather Humphreys i leith chúram na Gaeilge cáinte ag Sinn Féin

Tá “cur chuige bocht” an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys i leith earnáil na Gaeilge cáinte ag an Teachta Dála Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Thug an tAire Stáit i Roinn an Aire Humphreys, Seán Kyne, le fios do Pheadar Tóibín sa Dáil inné gur air féin, mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, a thiteann “an cúram casadh le heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta” ach go mbuaileann an tAire Humphreys le heagraíochtaí Gaeilge mar sin féin.

“Ó ceapadh í mar Aire, mar shampla, thug an tAire Humphreys cuairteanna ar oifigí Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun obair na n-eagras sin a phlé agus thug sí cuireadh do na heagrais Ghaeilge, Conradh na Gaeilge san áireamh, chuig Seisiún Faisnéise maidir leis an mBreatimeacht a tionóladh i mBaile an Chabháin ar an 6 Feabhra 2017.

“Anuas air sin, tá an tAire Humphreys ina ball gníomhach den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin a thagann le chéile, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ar bhonn rialta,” a dúirt Kyne.

Ach tá an cur chuige seo cáinte ag Tóibín, a dúirt gur ionann é agus diúltú dul i ngleic le hearnáil na Gaeilge.

“Tá cúram dlí ar an Aire Humphreys san earnáil seo. Is í an glór atá ag an earnáil seo ag Bord an Rialtais agus tá sí ag diúltú scun scan casadh le heagraíochtaí Gaeilge. Níl sé sách maith go mbeadh Aire Sinsearach á scaradh féin amach óna freagrachtaí agus iad á leagan ar an Aire Sóisearach.

“Is bocht an cur i gcéill é a thabhairt le fios go raibh sí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge mar bhí siad i láthair, mar aon leis na dosaein eagraíochtaí eile, ag cruinniú poiblí faoin mBreatimeacht. A fhad is atá sé seo ag tarlú, tá laghdú tagtha den chéad uair ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát ó na 1940idí, agus tá an Ghaeilge ar tí imeacht as i gceantair Ghaeltachta áirithe,” a dúirt Tóibín.

Ní raibh ach dhá chruinniú ag an gCoiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ó cuireadh tús leis an 32ú Dáil breis is bliain ó shin. Cruinniú amháin a bhí ag an gCoiste anuraidh, ar an 13 Deireadh Fómhair, agus cruinniú amháin a bhí acu i mbliana, ar an 27 Feabhra.

Bhí cruinniú den choiste beartaithe don Luan seo caite chun plé a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga nua, ach cuireadh an cruinniú sin ar athlá. Bhí 18 mí ann idir an t-aon chruinniú a bhí ag Coiste Gaeilge an Rialtais anuraidh agus an cruinniú deireanach a bhí acu roimhe sin, ar an 30 Márta 2015.

Fág freagra ar 'Cur chuige ‘bocht’ an Aire Heather Humphreys i leith chúram na Gaeilge cáinte ag Sinn Féin'