Chaith mé cúpla uair an chloig i lár na seachtaine seo caite ag breathnú ar chruinnithe a bhí idir coistí Thigh Laighean agus eagraíochtaí spóirt agus craolacháin na tíre.
Bhí barúil mhaith agam sular thosaigh siad go mba am amú a bheadh i gceist agus glac uaim go mba ea.
Fágann struchtúr na gcoistí mar aon le leagan amach na gcruinnithe agus an easpa cumais atá i gcuid de na baill thofa gur manglam ar bheagán tairbhe a thagann dá mbarr.
Inseoidh suíomh idirlín an Oireachtais duit go bhfuil 33 Coiste ar fad gníomhach i láthair na huaire – iad ag plé le hábhair a bhaineann le Gnó, Sláinte, Airgeadas, an Ghaeilge/Gaeltacht, Dlí agus Cirt, an Lucht Siúil, Tuaisceart Éireann, Turasóireacht, Cultúr, Spórt agus na Meáin.
Ainmnítear baill na gcoistí de réir na hionadaíochta a bhíonn ag an bpáirtí lena mbaineann siad sa Dáil/Seanad. Is ceadaithe do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí nach baill de choiste iad freastal agus labhairt ag cruinnithe freisin, ach níl cead vótála acu.
Fearacht an tsaoil mhóir, tá Cathaoirligh agus baill choistí ann is fearr ná a chéile, ach de réir m’eolais, níl aon riachtanas ann go mbeadh aon scil faoi leith acu sna cúrsaí lena mbaineann a gcoiste.
Is léir anois duit cá bhfuil mo thriall, ach fiú dá mba dháréag chomh meabhrach le Einstein a bheadh ar cheann de na Coistí ní móide go mbeadh a gcuid cruinnithe a dhath níos fearr ná a bhí an ceann is deireanaí acu sin ar chuir mise amú mo chuid ama leis Dé Céadaoin – Coiste na Turasóireachta, Cultúir, Spórt agus na Meán agus iad ag plé ‘A bhfuil i ndán don chraoladh spóirt in Éirinn’.
Tionóladh dhá chruinniú. Ceann ar maidin leo siúd atá i gceannas ar mhóreagraíochtaí spóirt na tíre agus ceann in ard an tráthnóna leis an dream atá i mbun craoladh agus a craobhscaoileadh a dhéanamh ar na cluichí.
I bhfianaise a bhfuil de chaint agus de shárú tarraingthe ag ‘GAAGO’ agus de cháineadh déanta ar RTÉ/CLG ó bhunaigh siad an comhlacht sin, níorbh iontas do dhuine a cheapadh go sáródh a mbeadh le feiceáil Dé Céadaoin aon cheann de na troideanna idir Muhammed Ali agus George Foreman.
Le fírinne ba mhó cosúlacht a bhí aige le dhá ghadhar a chaithfeadh tamall ag tafann ar a chéile nó go dtuigfeadh an ceann ba laige go mba chéilí dósan teitheadh.
Duine ábalta is ea Niamh Smyth, Cathaoirleach an Chomhchoiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spórt agus na Meán. Faraor fágann an struchtúr a gcaitheann sí cloí leis go mbíonn bac iomlán nach mór ar aon dul chun cinn tairbheach a dhéanamh.
Ní acmhainn di ach trí nó ceithre nóiméad an duine a cheadú dá cuid ball le ceisteanna a chur. Tá a fhios agat gur freagraí fadálacha is minice a bheith ag polaiteoirí. Is amhlaidh a bhíonn agus iad i mbun ceistithe.
Dá bharr sin is sraith i ndiaidh sraithe de bhlúirí comhrá nach mbíonn aon leanúnachas eatarthu is mó a chloistear.
Dá dhonacht iad na baill bhuana, is do na Teachtaí agus do na Seanadóirí a thagann isteach ar feadh cúpla nóiméad lena gcríonnacht a roinnt atá an chraobh ag dul. Thug cainteoir amháin acu a chuid ama ar fad ag guí chuile rath ar fhoirne rugbaí Faoi 20 agus Sacar Ban na hÉireann. A dhath féin faoin gcraoltóireacht níor dhúirt sé.
Scéal faoi aighneas a bhí idir cleamhnaithe ina dháilcheantar a bhí ag Teachta eile. Ní raibh GAAGO i dteach amháin acu agus dá bharr ní raibh ag an dá dhream ach cur suas lena chéile sa gceann ina raibh fáil air. Shíl mé tamall go raibh an Teachta ag súil le cabhair ó na Náisiúin Aontaithe lena chinntiú nach mbeadh aon scoilt ar dhílseacht an teaghlaigh dó!
Bhí eolas ag Mattie McGrath TD ar fhear i dTiobraid Árann a chaith an cluiche ina shuí ina charr lasmuigh de pháirc na himeartha mar nach dtógfaí airgead tirim uaidh ag an ngeata. Bhain Ardstiúrthóir CLG Tom Ryan an chaint de Mattie bocht nuair a dúirt sé leis nár tógadh airgead tirim ag cluichí idirchontae le 10 mbliana!
Tá trua an domhain agam don fhear bocht sin agus dá chomhaoiseanna (89 bliain) nach bhfuil an teicneolaíocht ná an saineolas acu. Goilleann an ‘saol gan airgead tirim’ go mór orm. Ach tuigim faoi seo gur snámh in aghaidh easa a bheith ag iarraidh seasamh roimhe.
Tá mé tagtha den tuairim go mba mhó tairbhe go mór a thiocfadh as Coistí Oireachtais dá mba iad na polaiteoirí a bheadh ar aghaidh na bpiléar ag freagairt ceisteanna in ionad a bheith á gcur.
Bheadh orthu léargas a thabhairt ar a bhfuil á dhéanamh le córas ceart leathanbhanda ar fud na tíre. Ceisteanna go leor le freagairt faoin leagan amach a bheadh acu a chinnteodh maoiniú ceart a bheith ar fáil acu siúd atá i mbun chraoladh na seirbhíse poiblí ar raidió agus ar theilifís.
Níor dhochar a cheist féin a chaitheamh ar ais chuig Mattie McGrath go bhfeicfeadh muid cén réiteach a bheadh aigesean ar an scéal.
Cur amú ama agus airgid iad na Coistí Oireachtais seo.
Tá iarpheileadóir Mhaigh Eo Alan Dillon TD ar an gceann a raibh mise ag tabhairt cluaise dó an lá faoi deireadh. Ní inniu ná inné a thosaigh Dillon ag lochtú GAAGO agus bhí mé an-tógtha leis nuair a chuala mé é ar an gclár raidió This Week Dé Domhnaigh seo caite. Ansiúd rinne sé cur síos beacht ar na ceisteanna a bheadh á gcur aige.
Dá mbeadh níos mó ná trí nóiméad ar fáil dó, b’fhéidir go ndéanfadh sé níb fhearr ná a rinne. Nuair a caitheadh an liathróid ina bhealach níor fhág Ceannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennett focal aige.
Sorcha
Easpa tuisceana is léir ar fheidhm na gcoistí!
Gearóid de Grás
An-alt, a Mhártain! Bíonn an fhírinne searbh!