Cuma na maitheasa ar Smith agus Higgins i mBaile Átha Cliath

Caitheann ár gcolúnaí súil ghéarchúiseach ar na fothoghcháin i mBaile Átha Cliath - i bhFine Gall agus i mBaile Átha Cliath Thiar-Lár i bhfothoghcháin na hAoine

Cuma na maitheasa ar Smith agus Higgins i mBaile Átha Cliath

Tá ceithre fhothoghchán le reáchtáil Dé hAoine le suíocháin Dála na bhfeisirí a toghadh chuig Parlaimint na hEorpa a líonadh, agus thar aon pháirtí eile, tá Fianna Fáil dóchasach go n-éireoidh go maith leo. Tá an dóchas sin acu i bhfianaise na bpobalbhreitheanna náisiúnta agus na dtorthaí a bhí ar na toghcháin áitiúla a reáchtáladh i mí an Mheithimh.

Ní baileach gur ionann na dáilcheantair seo agus na toghlimistéir a bhí i gceist sna toghcháin áitiúla, ach is iad na toghcháin áitiúla an fhianaise is deireanaí atá againn ar dhearcadh na vótóirí i gceantar na bhfothoghchán.

I mBaile Átha Cliath tá dhá dháilcheantar i gceist: Fine Gall, ina bhfuil Baile Brigín, An Ros, Lusca agus Sord; agus Baile Átha Cliath Thiar-Lár, ina bhfuil Cluain Dolcáin agus Leamhcán.

I bhFine Gall bhí Fianna Fáil breis is dhá mhíle vóta chun tosaigh ar Fhine Gael sna toghcháin áitiúla agus 21% den vóta acu i gcomparáid le 14% ag Fine Gael. Ach fuair iarrthóirí neamhspleácha 22% eatarthu agus toghadh ceathrar neamhspleách, tionchar an líon vótaí a ghnóthaigh Clare Daly san olltoghchán deireanach, b’fhéidir. D’éirigh le Daly16% den vóta iomlán a chnuasach.

Bhain Clare Daly leis an ngrúpa Neamhspleách ar son Athraithe, agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil an éireoidh le Dean Mulligan, a bhaineann leis an ngrúpa céanna is a toghadh sna toghcháin áitiúla, sciar maith de vótaí Daly a fháil.

Rinne Páirtí an Lucht Oibre go maith anseo sna toghcháin áitiúla freisin agus bhí 18% den vóta acu. Beidh Duncan Smith, ón bpáirtí sin, ag súil go mbeidh sé in ann dúshlán a thabhairt do Lorraine Clifford Lee, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a raibh conspóid ann le faoi chuid dá sean-phostálacha ar na meáin shóisialta agus a bhí mar rogha shoiléir na coitiantachta go dtí le déanaí.

Beidh Smith ag súil go bhfaighidh sé go leor aistriúchán ó Chomhaontas Glas, a fuair 11% sna toghcháin áitiúla. Go deimhin mura mbeidh Mulligan, an t-iarrthóir neamhspleách ar an eite chlé, chun tosaigh air beidh seans an-mhaith ar fad ag Smith, mar tá sé deacair a fheiceáil cá bhfaighidh Clifford Lee aistriúcháin.

Ach ní cosúil go mbeidh Sinn Féin sa rás. Ní bhfuair an páirtí ach 8% den vóta sna toghcháin áitiúla, údar buartha don Teachta Dála Louise O’Reilly, agus is é tosaíocht Shinn Féin anois leibhéal tacaíochta an pháirtí a mhéadú más féidir. Mar sin féin toghadh O’Reilly féin chun na Dála in 2016 agus gan aici ach 8.66% den vóta.

Is cosúil mar sin gur triúr a bheidh san iomaíocht faoi dheireadh anseo, agus táim in amhras go dteipfidh ar Clifford Lee de bharr easpa aistriúchán. Ach an mbeidh Mulligan in ann vótaí a mhealladh mar a bhí Clare Daly?

Murar féidir leis vótaí a charnadh, beidh an lá le Duncan Smith, cé nach mbeadh an toradh sin ag teacht leis an dearcadh atá coitianta i measc an phobail faoi Pháirtí an Lucht Oibre mar gheall ar a ról i rialtas na déine.

I mBaile Átha Cliath Thiar-Lár, tá Fine Gael ag súil go mbeidh Emer Higgins in ann suíochán Frances Fitzgerald a choinneáil don pháirtí. Tá feachtas an-láidir ar bun aici le roinnt míonna, agus fuair Fine Gael 19% den vóta anseo sna toghcháin áitiúla, beagáinín chun cinn ar Fhianna Fáil a raibh 15% den vóta acu agus Sinn Féin a raibh 13% acu.

Tá a lán cainte sna meáin faoi Paul Gogarty a bhí ina Theachta Dála roimhe seo don Pháirtí Glas. D’éirigh thar barr leis sna toghcháin áitiúla is toghadh in dhá thoghlimistéar é, Leamhcán agus Baile Phámar-Cnocán an Fhuaráin. Bhí os cionn dhá mhíle vóta aige ar fad ach tá sé lag i gCluain Dolcáin agus ní fheicim go bhfaighidh sé a dhóthain vótaí ansin chun é a choinneáil sa rás.

Bhí an eite chlé tubaisteach ar fad sna toghcháin áitiúla – rabhadh é sin do Gino Kenny. Fuair siad 6% den vóta, agus is cosúil go rachaidh siad sin mar aistriúcháin chuig Sinn Féin. Tá súil ag Mark Ward, iarrthóir Shinn Féin, go ndéanfaidh sé féin níos fearr ná mar a dhein an páirtí i mí an Mheithimh, go háirithe i gceantair Leamhcáin is Bhaile Néill, a cheantar dúchais féin.

Beidh Shane Moynihan sa rás ar son Fhianna Fáil, ach ní bhfuair sé féin ach 714 vóta sna toghcháin áitiúla, agus is deacair a fheiceáil cá bhfaighidh sé na haistriúcháin a bheidh de dhíth air.

Ní raibh ach 8% ag páirtí an Lucht Oibre, 6% ag Comhaontas Glas agus 2% ag na Daonlathaigh Shóisialta agus is beag tionchar a fheicim ag an dream leathchlé seo, mar a thugaimse orthu, ar an toradh.

Tá gach cosúlacht air mar sin go n-éireoidh le Emer Higgins an suíochán a ghnóthú d’Fhine Gael. Mar sin féin, in ainneoin thubaiste na dtoghchán áitiúil, tá seans caol ag Mark Ward i gcónaí má thugann an dream ‘leathchlé’ droim láimhe leis an rialtas. Ach creidim gur láidre a bhfuath sin do Shinn Féin ná do pháirtí ar bith ar an eite dheis.

Bíodh an-dóchas ag Fianna Fáil, is maith an seans nach mbeidh lá chomh hiontach sin acu nuair a dhéanfar na vótaí i mBaile Átha Cliath a chomhaireamh.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Smith agus Higgins i mBaile Átha Cliath'

  • Seán Mag Leannáin

    Anailís spéisiúil ar na fothoghcháin i mBÁC Dé hAoine seo chugainn. An fíor é “gur láidre fuath na bpáirtithe ‘leathchlé’ (mar a thugann Eoin Ó Murchú orthu) ar Shinn Féin ná do pháirtí ar bith ar an eite dheis” agus, más fíor, cén fáth go bhfuil sé amhlaidh?