FÉILTE
Oireachtas na Samhna ag teannadh linn
Beidh Oireachtas na Samhna, mórfhéile na nGael, ar bun i gCill Airne ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain. Gach bliain tugann suas le 10,000 duine aghaidh ar an bhféile mhór chun bualadh le seanchairde, cairde nua a dhéanamh, chun dul san iomaíocht sna comórtais amhránaíochta, agallaimh bheirte, lúibíní, steip agus neart eile.
Tá clár lán imeachtaí leagtha amach d’Oireachtas na Samhna arís i mbliana. Tá clár na féile ó lá go lá ar fáil anseo.
Costas €100 atá ar thicéad don fhéile ar fad nó tá ticéid lae le fáil freisin. Mura bhfuil do thicéad ceannaithe fós agat, téigh anseo.
Seolfaidh Thomas Byrne, Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt agus Corpoideachais féile na bliana seo agus beidh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais á mbronnadh i ndiaidh na hoscailte in Amharclann an Oireachtais in Óstán Brehon.
Beidh foireann Tuairisc.ie ag an Oireachtas arís i mbliana. Tá fáilte roimh chách chuig seastán Tuairisc.ie ag Aonach an Oireachtais.
Agus deich mbliana á gceiliúradh ag Tuairisc, beidh an craoltóir Gormfhlaith Ní Thuairisg sa chathaoir do dhíospóireacht bhríomhar faoi ról na meán Gaeilge. An t-ábhar a bheidh faoi chaibidil ná ‘Ag caint eadrainn féin? – na meáin Ghaeilge sna deich mbliana romhainn’.
Is iad Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Pádhraic Ó Ciardha, Iar-Leascheannasaí TG4, Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc, agus Eoghan Ó Néill, Raidió Fáilte, a bheidh ar an bpainéal cainte. Cuirfear an díospóireacht ar bun in An Bálseomra in Óstán Gleneagle ar an gCéadaoin, 30 Deireadh Fómhair ag 4 i.n.
Coinnigh súil ar Tuairisc an tseachtain seo chugainn i rith Oireachtas na Samhna mar a mbeidh clúdach againn ar imeachtaí na féile.
Féile na Samhna i gCultúrlann Uí Chanáin
Tá clár mór imeachtaí do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ag ceiliúradh na Samhna á reáchtáil i gCultúrlann Uí Chanáin. Déantar ceiliúradh mór i gcathair Dhoire ar shéasúr na Samhna gach bliain agus ní eisceacht ar bith í an bhliain seo.
I measc na n-imeachtaí, cuirfear dhá scannán ar théama na Samhna ar bun sa gCultúrlann, taispeánfar an scannán dátheangach Bram Stoker agus Dracula agus an scannán uafáis Gaeilge, An Taibhse ar an 28 Deireadh Fómhair.
Beidh dioscó Samhna do pháistí ar siúl sa gCultúrlann ar an Mháirt, 29 Deireadh Fómhair ag 6:30 i.n., agus ceolchoirm speisialta ‘Foinn Scanrúla’ díreach roimhe ag a 5:00i.n. Do dhaoine fásta beidh Club Suipéir na Samhna ar an 30 Samhain agus na ticéid ar fáil anseo:
Cuirfear lá teaghlaigh ar bun i rith an lae Oíche Shamhna féin, áit a mbeidh péinteáil aghaidheanna, ceardlanna, ceol agus scéalaíocht ar bun.
Gach eolas agus clár na féile ar fáil anseo.
ÉIGSÍ
Éigse Chomórtha Mhichael Mháire Ghabha
Beidh Éigse Chomórtha Mhichael Mháire Ghabha ar bun i gCarna ó 25 go 27 Deireadh Fómhair 2024. Amhránaí sean-nóis agus boscadóir as an Aird Thoir, Carna, ab ea Michael Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1936–2005), nó Michael Mháire Ghabha mar ab fhearr aithne air.
Ba é an chéad duine ar bronnadh Gradam Shean-nós Cois Life air sa bhliain 1993, an bhliain chéanna a bhfuair sé an chéad áit i gComórtas na bhFear ag Oireachtas na Samhna. Bhuaigh sé Corn Tom Pháidín Tom sa Spidéal i lár na seachtóidí.
Tá éigse lán le ceol, amhráin, ceardlanna agus siamsaíocht leagtha amach ar chlár na bliana seo. Beidh an oscailt oifigiúil ar bun in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna ag 7:30 i.n. tráthnóna inniu agus an scríbhneoir agus léachtóir Angela Bourke ag caint ansin. Cuirfear seisiún ceoil ar bun Tigh Mheaic ina dhiaidh.
Tuilleadh eolais agus clár na hÉigse ar fáil anseo.
Ceiliúradh ceolmhar ag Éigse Rann na Feirste
Táthar ag súil le slua breá ag Éigse Rann na Feirste a bheidh ar bun ar an 25 agus an 26 Deireadh Fómhair. Beidh ceiliúradh á dhéanamh ag coiste na hÁislainne agus pobal na háite ar oidhreacht shaibhir mhuintir Mhicí Hiúdaí Uí Dhomhnaill. Seo í an chéad bhliain den éigse nua seo agus i mbliana díreofar ar amhráin Neilí Mhicí Hiúdaí, bailiúchán Mhíchíl Uí Dhomhnaill agus ar cheol an bhanna Skara Brae le linn na héigse.
Is é an Dr Lillis Ó Laoire, Ollamh Emeritus i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe a osclóidh an éigse go hoifigiúil ag 8:00 i.n. tráthnóna Dé hAoine san Áislann. Roimhe sin nochtóidh beirt deirfiúr le Micheál Ó Domhnaill leac chuimhneacháin in ómós a ndearthár, a fuair bás go tobann in 2006, caill mhór do shaol an cheoil. Tabharfadih Cathal Goan, fear céile Mhaighréad Uí Dhomhnaill, léacht na héigse dar teideal ‘Saibhreas Bhailiúcháin Amhrán Neilí Mhicí Hiúdaí’ i ndiaidh na hoscailte oifigiúla.
Tá clár na héigse ar fáil ar leathanach Facebook Éigse Rann na Feirste agus ticéid ar fáil anseo.
CEARDLANNA
Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta
Cuirfidh Mairéad Ní Fhlatharta, Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis Ollscoil na Gaillimhe, tús lena dara sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós an tseachtain seo chugainn. Beidh na ceardlanna á reáchtáil in Ionad Léann na hÉireann, Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair, in Ollscoil na Gaillimhe. Cuirfear ceardlanna ar bun ar feadh ceithre seachtaine.
Is as Baile an tSléibhe sa Spidéal Mairéad agus tá sí ag gabháil don amhránaíocht ó thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois. Bhí an-éileamh ar na ceardlanna an seimeastar seo caite. Níl aon táille ar na ceardlanna.
Beidh na ceardlanna á reáchtáil ar an 5, 12 agus 19 Samhain i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ag a 6pm.
LEABHAR
Leabhar spraíúil nua do pháistí ar théama na Samhna
Tá leabhar nua do pháistí ar théama na Samhna foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Oíche Shamhna: Dán Gutha an teideal atá air agus é scríofa ag Marie Whelton agus maisithe ag Frank Endersby.
Pictiúrleabhar spraíúil ildaite atá ann agus é scríofa i bhfoirm dáin a mholtar a aithris os ard le grúpa cairde. Tá rólanna éagsúla ann agus é leagtha amach ar bhealach atá an-éasca le taibhléiriú. Leabhar é a bheadh an-fheiliúnach mar dhráma Samhna, d’fhéadfadh na gasúir gléasadh suas sna cultacha éagsúla, tá neart roghanna leagtha amach sa leabhar chuige seo.
Tá na véarsaí scríofa ar bhealach atá deas simplí agus tá neart ath-rá iontu chun tacú leis an aithris os ard. Ag deireadh an leabhair tá gníomhaíochtaí spraíúla gur féidir le páistí a líonadh isteach agus tá gluais dátheangach ann chomh maith. Is féidir éisteacht le comhad fuaime a théann leis an leabhar ar-líne. Tuilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Oireachtas na Samhna, Éigse Rann na Feirste agus ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós'