FÉILTE

Ceol, ceiliúradh agus comóradh ag Féile Chois Fharraige 2025
Féile bhliantúil í Féile Chois Fharraige a bhíonn ar bun le linn na chéad seachtaine de mhí Dheireadh Fómhair le roinnt blianta anuas. Cuireadh tús le féile na bliana seo ar an Déardaoin, 25 Meán Fómhair agus beidh sí ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh 5 Deireadh Fómhair. Féile ilghnéitheach í don phobal ar fad ó óg go haosta ó na Forbacha go Ros a’ Mhíl agus amhráin, ceol, ceardlann scríbhneoireachta, damhsa, scéalaíocht, scannán, siúlóid agus taispeántais ar an gclár i mbliana.
I measc na n-imeachtaí, beidh Neansaí Ní Choisdealbha ina bean an tí ag ceolchoirm ar leith i gcuimhne ar an gceoltóir agus craoltóir Meaití Jó Shéamuis, de bhunadh Chois Fharraige, a d’imigh ar shlí na fírinne i dtús na bliana seo. Bíonn siúlóid ar chlár na Féile chuile bhliain agus is ag ceiliúradh an fhile agus an drámadóra Johnny Chóil Mhaidhc a bheas lucht na siúlóide an geábh seo idir na Creagáin agus Baile na hAbhann.
Beidh taispeántas ealaíne Sárchumhachtaí leis an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin i gcomhar le pobal Chois Fharraige ar taispeáint i gClochar Éinde sa Spidéal. De barr éileamh ón bpobal taispeánfar arís an taispeántas faoin scannánóir John Ford san ionad céanna. Pléifidh Club Leabhar Chois Fharraige, Dúchan: Blúirí Ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain.
Taispeánfaidh Club Scannán Sailearna Fréwaka, scannán uafáis a nascann téamaí béaloidis leis an saol comhaimseartha, agus Bríd Ní Neachtain sa bpríomhpháirt. Beidh turas eolais agus oidhreachta ar fud cheantar Chois Fharraige mar chuid den fhéile, Cabaret agus Canapés ar fáil sa bPOTA agus neart imeachtaí eile.
Tá bileoga eolais agus clár na féile le fáil ó na hOifigí Pleanála Teanga agus sna siopaí agus in ionaid phoiblí ar fud Chois Fharraige.
Féile Dorn san Aer
Beidh Féile Dorn san Aer ar ais i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo don dara bliain as a chéile. Féile nua í seo a cuireadh ar bun anuraidh in ómós don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí, agus a dhéanann ceiliúradh ar an obair ar chuir sé tús léi i gcaitheamh a shaoil.
Geallann lucht eagraithe na féile deireadh seachtaine lán le ceol, craic agus comhluadar agus clár imeachtaí spreagúla leagtha amach don cheiliúradh a bheidh ar bun go dtí an Domhnach 28, Meán Fómhair. Tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil anseo.
CAINT
A mattering of words, caint le Alan Titley faoi shaothar Mháirtín Uí Chadhain
Beidh caint speisialta á tabhairt ag an scríbhneoir Alan Titley ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus ar a thábhacht, in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an gCéadaoin, 1 Deireadh Fómhair ag a 6:00 i.n. Tabharfaidh an chaint, A mattering of words, súil isteach do lucht labhartha an Bhéarla ar dhomhan an Chadhnaigh agus an léargas grinn, sainiúil, agus barrúil a bhí aige ar an saol. Beidh an Titlíoch ag déanamh iniúchadh ar an nasc atá idir an teanga labhartha scaoilte agus an tionchar atá aige sin ar litríocht na hÉireann.
Tá an ócáid seo nasctha leis an leabhar Dúchan a d’fhoilsigh an RIA níos túisce i mbliana agus ina bhfuil blúirí ó shaothar foclóireachta Mháirtín Uí Chadhain in éineacht le pictiúir nua-choimisiúnaithe don leabhar le Seán Ó Flaithearta. Den chéad uair riamh, beidh na bunsaothair ealaíne a rinne Ó Flaithearta don leabhar ar taispeáint.
Níl aon táille ar an ócáid ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré.
Ceiliúradh ar shaothar Bhiddy Jenkinson i nGaillimh
Beidh ócáid ar bun in An Taibhdhearc i mí Dheireadh Fómhair ag ceiliúradh saothar Bhiddy Jenkinson. Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama? an teideal atá ar an ócáid ina mbeidh scríbhneoirí agus scoláirí ag ceiliúradh saothar an fhile agus an scríbhneora. Is iad Ollscoil na Gaillimhe i gcomhar le hIonad Léann na hÉireann atá ag eagrú an imeachta a bheidh ar bun ar an Déardaoin, 23 Deireadh Fómhair ón 10 r.n. go dtí an 4 i.n.
TEILIFÍS
Clár nua faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge le Kayleigh Trappe
Beidh réalta TikTok, imreoir fichille Meicsiceach-Veiniséalach, dochtúir óg as an mBanglaidéis, saor bád as Conamara agus cailín as Loch Garman a rinne turas 300km chun freastal ar scoil páirteach i gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 faoi Bhoird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann. In Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe, tabharfaidh an réalta TikTok ar éirigh léi an babhta ceannais de Dancing with the Stars a bhaint amach cuairt ar a seanscoil i Muineachán.
Gabhfaidh Kayleigh go Baile Átha Cliath, Ciarraí, Conamara agus Inis Oírr freisin chun casadh le grúpaí éagsúla foghlaimeoirí, atá ar thuras foghlama trí Ghaeilge. Sa chlár, imreoidh Kayleigh ficheall le Samuele Arzate Montalti; foghlaimeoidh sí cróiseáil le Hridita Rahman; beidh sí ag damhsa ar Inis Oírr le hÉadaoin Kinsella O’Neill agus bainfidh sí triail as an tsaoirseacht bád le Páraic Ó hEidhin.
Craolfar Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe ag 7.30pm Dé Luain an 29 Meán Fómhair ar TG4
Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile Dorn san Aer do Rónán, Féile Chois Fharraige, An Titlíoch ag caint ar an gCadhnach; Eachtraí foghlama le Kayleigh Trappe'