‘Cúl tugtha ag an Rialtas leis an nGaeilge i mbille ardoideachais nua’

In aighneacht atá curtha faoi bhráid Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais, deirtear go bhfuil a chúl tugtha ag an Rialtas sa bhille ardoideachais nua don Ghaeilge agus do ‘mhian’ an rialtais i leith neartú na Gaeilge sa státchóras

‘Cúl tugtha ag an Rialtas leis an nGaeilge i mbille ardoideachais nua’

An tAire Ardoideachais Simon Harris. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá “neamhaird iomlán” déanta ar an Ghaeilge sa bhille ardoideachais atá á rith ag an Aire Simon Harris faoi láthair, agus ar “mhian” an rialtais i leith neartú na Gaeilge sa státchóras.

Maítear an méid sin in aighneacht atá curtha ag Conradh na Gaeilge faoi bhráid an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht.

Deirtear chomh maith san aighneacht nach dtugtar aitheantas sa bhille atá chun leasú a dhéanamh ar Acht an Údaráis um Ardoideachas, 1971 don ról “lárnach agus ríthábhachtach” a bheas ag an oideachas tríú leibhéal chun dóthain daoine le Gaeilge a chur ar fáil le dul ag obair sa tseirbhís phoiblí.

Cé go bhfuil tagairt láidir do chosaint na Gaeilge san Acht mar atá, tá sé molta ag an Aire Harris go mbainfí amach an tagairt don Ghaeilge sa reachtaíocht leasaithe agus go gcuirfí isteach tagairt ghinearálta do chúrsaí cultúrtha.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge, go bhfuil an bille ardoideachais nua “iomlán easnamhach” ó thaobh na Gaeilge de.

“Tá an Ghaeilge á lagú agus á cur ar leataobh ag na leasuithe seo. Tá muidne ag éileamh go ndéanfar tagairt shuntasach don Ghaeilge sa bhille nua atá ag teacht le straitéis náisiúnta an rialtais i leith na Gaeilge a chur chun cinn.”

Dúirt Julian de Spáinn gur léir nach bhfuil aird á tabhairt ag an Aire Ardoideachais “ar mhian an rialtais féin” go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

“Ní fheicim cén fáth nár chóir nach mbeadh soláthar sásúil don Ghaeilge sa Bhille um Ardoideachas,” ar sé.

Dúirt de Spáinn go raibh sé ag súil le dul os comhair an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíoch san fhómhar leis an aighneacht a phlé.

I measc na moltaí eile faoin bhille atá in aighneacht Chonradh na Gaeilge, deirtear gur chóir seirbhísí tacaíochta breise a chur ar fáil d’institiúidí tríú leibhéal agus aitheantas a thabhairt don riachtanas a bhaineann le dóthain múinteoirí Gaeilge a sholáthar don chóras oideachais.

Tá brú á chur le tamall ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Harris faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht nua.

I bhfreagra ar cheist Dála de chuid urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, thug an tAire Harris le fios gur leor feasta, in áit tagairt don Ghaeilge, tagairt ghinearálta do chúrsaí cultúrtha.

Sa Scéim Ghinearálta don bhille nua, a deirtear:

“Cuirfidh an tÚdarás [um Ardoideachas] na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna – (b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus timpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht.”

Dúirt an tAire Harris gur leor an tagairt don fhorbairt chultúrtha “le hionchur a dhéanamh d’fhorbairt agus inbhuanaitheacht na Gaeilge” agus go raibh sé féin “tiomanta go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach i gcónaí dár gcultúr agus dár gcóras ardoideachais”.

Mar fhreagra ar an méid sin dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie go raibh sé buartha faoin bhfreagra “éalaitheach” a thug an tAire ar a cheist faoi chás na Gaeilge sa bhille nua agus gur “ionsaí naimhdeach” ar an teanga a bhí ann fáil réidh leis an tagairt atá sa bhille faoi láthair.

“Níl aon amhras faoi, tá sé ag fáil réidh leis an gcúram i leith na Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

Deirtear chomh maith san aighneacht, a bhfuil breis agus cúig cinn déag d’fhorálacha nua i dtaobh na Gaeilge molta inti, gur chóir seirbhísí tacaíochta breise a chur ar fáil d’institiúidí tríú leibhéal a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil agus aitheantas a thabhairt don riachtanas a bhaineann le soláthar múinteoirí Gaeilge a bheith ar fáil.

Fág freagra ar '‘Cúl tugtha ag an Rialtas leis an nGaeilge i mbille ardoideachais nua’'

  • Brendan Keane

    Níl aon mhian ar bith leis an t-Aire Simon Harris nó leis an rialtais a neartú na Gaeilge.