Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann

Caithfear múineadh agus béasa a chur ar bhuachaillí agus fir óga, agus seanfhir leis, mura bhfuil sé ródhéanach i gcás cuid mhaith acu

Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann

Is beag atá le léamh sna nuachtáin ná le cloisint ar na meáin chraolta a chuirfeadh ardú croí ar dhuine.

Sceon agus ísle brí is mó a bhíonn dá thoradh go minic is baolach.

Tá aon eisceacht amháin ann le fíordhéanaí.

Sín é sceitheadh an scéil faoin nDia beag a bhí i réim i ndomhan na scannánaíochta – An tUasal Harvey Weinstein.

Cé a chreidfeadh go dtiocfadh an lá go deo go mbeadh sé de mhisneach ag mná, idir óg agus sean, ó na ceithre hairde seasamh cróga a thógaint in aghaidh meatacháin bhrúidiúla a bhí ag imirt orthu ar feadh a saoil phroifisiúnta ar fad, cuid acu.

Liosta le háireamh atá ann gan cheist.

Séanann Weinstein gan dabht gur in aghaidh a dtola a bhí ‘caidreamh’ gnéis aige leo, suas le trí fichid bean ag an dtráth seo. Má thug sé cúiteamh maith airgid dóibh agus srianta dlí ag dul leis ní haon admháil é sin aon ní a bheith déanta as an tslí aige, a mhaíonn sé. An craiceann is a luach.

Ní go rómhaith a thagann a chomhlacht as ach oiread. Dhíoladar cúiteamh ollmhór le mná a chuir an dlí air gan ceist a chur. Ní go rómhaith a thagann póilíní Nua-Eabhrac as agus fianaise thaifeadta tugtha dóibh agus nár lean leis an gcás. Ní go rómhaith as a tháinig na fostaithe a stiúraigh aisteoirí óga, a tháinig go dtí óstáin chun cruinniú gairmiúil a bheith acu, suas go dtí a sheomra leapan.

Ní rómhaith a thagann maithe is móruaisle dhomhan na scannánaíochta as.

D’admhaigh Quentin Tarantino é fhéin, duine a chaith blianta fada ag obair le Weinstein, go raibh cuid den scéal aige agus dóthain de aige chun go bhféadfadh sé “níos mó a dhéanamh”.

Labhair Emma Thompson go misniúil neamhbhalbh ar BBC Newsnight faoi iompar mínáireach Weinstein.

Labhair George Clooney amach leis, bail air.

Labhair Woody Allen amach, ach d’fhéadfaí a rá sa chás-san nach aon eiseamláir fir é féin ach oiread.

Agus gan dabht ní galar Weinstein amháin é. Snámh in aghaidh easa é ag na mná a dhein gearán faoi iompar míchuí an Uachtaráin Trump. Is é an dearcadh agus an seasamh oifigiúil atá ag lucht an Tí Bháin faoi sin ná gur deargéitheach atá á dhéanamh ag gach aon bhean acu.

Tá a fhios againn go léir faoi iompar náireach an Uachtaráin Bill Clinton agus é i gcumhacht, ach dhíol sé sin go daor as, gan trácht ar an gcréatúir mná ar deineadh scigmhagadh éadrócaireach uirthi.

Agus anois seo chugainn líomhaintí faoin Uachtarán George Bush sinsear gan trácht ar na feisirí parlaiminte go bhfuil a ndrochiompar ina scannal i Sasana.

An bhfuil aon deireadh leis seo in aon chor?

Ná ceapaimis gur slán dúinne anseo i dtír bheag na naomh is na n-ollamh.

An bhfuil bean in Éirinn nach bhfuil a scéal féin aici faoi mhacasamhail an Weinsteinigh?

Táthar tar éis sceitheadh ar dhuine mór le rá i saol na hamharclannaíochta le cúpla lá anuas agus nílimid ach ina thús maidir le scéalta dá leithéid, a déarfainn.

Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann.

Aithreacha, deartháireacha, uncailí, buachaillí aimsire, comharsana, máistrí scoile, iriseoirí aitheanta agus neamhaitheanta. Gan trácht ar shagairt is bráithre.

Cad tá comónta acu seo go léir, sin í an cheist.

Cultúr ina nglactar le héagothromaíocht stádais. Leis an gcur faoi chois. An chos ar bolg. An dímheas ar leath de dhaonra an domhain.

Aon ní amháin comónta acu sin go léir, slán mar a instear, an Patrarcachas.

Aon bhean a labhrann amach ag díriú aird ar a leithéid tá ‘agenda’ aici, a deirtear. Ná bíodh sé de dhánaíocht inti é a thabhairt faoi ndeara ná é á tharrac anuas.

Níl aon mhíniú eile air a déarfaidh an meatachán.

Ach tá an lá tagtha agus é in am go maith aige. Tá an taoide casta.

Ní scuabfar na coireanna gnéis seo, bídís i mbriathar ná i ngníomh, isteach fén mbrat urláir go deo arís.

Déanfaidh na meáin shóisialta deimhin de sin agus sleamhnóidh na meatacháin isteach fén gcarraig as a dtáinig siad, agus nára maith acu.

Caithfear múineadh agus béasa a chur ar bhuachaillí agus fir óga, agus seanfhir leis, mura bhfuil sé ródhéanach i gcás cuid mhaith acu.

Dochreidte go gcaithfí a leithéid a dhéanamh. Go gcaithfí a chur ar a shúile don bhfear nach bhfuil iompar míchuibheasach inghlactha ina gcaidreamh lena leannáin, lena mná céile, lena ndeirfiúracha, a máithreacha, ná aon bhean eile a mbuaileann siad leo.

An gcaithfear iad a náiriú go poiblí duine ar dhuine, sara dtiocfaidh feabhas ar a n-iompar?

Tá a fhios againn cén freagra atá air sin.

Cén fhaid a chaithfimid fanacht le fearaibh na hÉireann seasamh suas agus labhairt amach os ard os comhair an tsaoil agus a rá go gcuireann an bhrúidiúlacht fhorleathan seo i mbriathar agus i ngníomh in aghaidh na mban déistin orthu.

Cathain a fheicimid ar na sráideanna iad ag máirseáil, ag fógairt gur fuath leo a bhfuil á dhéanamh ag fearaibh in aghaidh leath de dhaonra an domhain?

Táimid ag fanacht le tamall maith anois.

Mair a chapaill.

An feitheamh fada ar chosa laga a bheidh againn?

Fág freagra ar 'Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann'

  • Rob

    Na cuir “meatacháin bhrúidiúla” isteach I google translate.!!!! Na dean e

  • R

    Mair, a chapaill, a deir an seanfhocal. Bhuel, tá na capaill ag briseadh amach as an pháirc agus ag diúltú don chóras mar atá.

  • Tuigim

    Snámh in aghaidh easa? Tabhair faoi. Ar aghaidh linn le fuinneamh go foinse na faidhbe.
    Bris an fuath ban. Bris an Dialathas in Éirinn. Faigh cearta & freagracht.
    Labhair amach i nGACH cás go hARD agus aithin iad atá inár n-aghaidh. Ná tabhair tacaíocht dóibh in aon chaoi. Tabhair tacaíocht dóibh siúd amháin atá ar thaobh cearta.
    Leads, ÉIST LINN! Tuig atá muid ag rá! Níl muid ag argóint libh. Tá muid ag míniú daoibh mar atá an saol dúinn. Níl gá le troid ná fearg. Éist linn. Is foghlaim.
    Cothrom na féinne sa dlí, sa tír, i dTuairisc & na meáin ar fad (sáralt ó Sheosaimhín – an difríocht go deo nuair a thuigeann daoine i ndáiríre céard faoi atá siad ag scríobh) de dhíth.
    GRMA, a Sheosaimhín.

  • maitiu

    Tá na mná breá ábalta ciapadőireacht, cos ar bolg agus bullaíocht a dhéanamh freisin, mise faoi dhuit. Ná cuirimís an milleán ar fad ar na fir. Tá go leor Lady Macbeths ag siűl thart anseo. Tá an t-olc is an mhaith san uile dhuine againn, idir fhir is mhná. Is screamh an-leochailleach í ‘an tsibhialtacht’ seo againn, rud a chruthaítear chuile lá sa tseachtain. Bí ag caint ar dhaonnacht! Ach cé tá sásta an méid sin a aithint ann/inti féin? Agus é a admháil?

  • maitiu

    Tá sé fíorthábhachtach gan an deighilt… mná (aingil) agus fir (diabhail) a dhéanamh agus an cheist seo á plé. Is símpliú contúirteach é sin ar an gceist. Déanann fir AGUS mná urísliú agus ciapadh d’aon ghnó chun an duine eile a ísliú agus chun iad féin a ardú. Rinne na Naitsithe lipéadú ar na Giúdaigh etc mar ‘untermensch’, níor ‘dhaoine’ a thuilleadh iad, dá bhrí sin b’fhusa go mór iad a chiapadh agus a chur chun báis. B’álainn leo an chumhact ‘bás nó beatha’ a bhí acu. Agus sin a shanntaíonn na bullaís seo againne leis .i. cumhacht tríd an urísliú. Cén dul chun cinn atá déanta ó ré na Naitsithe againne mar chine ‘daonna’? Ha ha….

  • maitiu

    Ní bheinn ag sűil le míorúiltí ós na meáin shóisialta ná chlóite chun na meatacháin sin a luann tú a chur de dhroim seoil. Óir nach iad na meáin chéanna a úsáideann na slimirí meata sin chun a mbuillí a bhualadh go fáillí agus go fealltach?

  • maitiu

    Is lofa an rud atá lofa.
    Ní chuimhníonn an fear ciontach ar a chion.
    Ní bhíonn duine chomh tapa cneasaithe is a bhíos sé gortaithe.
    An té a ghníos an eascaine, titeann sí air féin.
    Díogha gach díogha drochbhean.

    ‘Seanfhocla Chonnacht’ an fhoinse don méid sin thuas.