Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2018…

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg – atá ag plé leis na cluichí Gaelacha, an snámh, an rugbaí agus an sacar – arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2018

Brian Howard. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Brian Howard

Tar éis dóibh Craobh Faoi-21 na hÉireann a thabhairt leo anuraidh, bhain imreoir amháin as painéal Bhaile Átha Cliath áit amach ar fhoireann na sinsear. B’in é, ar ndóigh, réalta óg 2017 Con O’Callaghan. Tá deis anois, áfach, ag fear óg eile ón bhfoireann bhuacach sin an dul chun cinn céanna a dhéanamh.

Bhí Brian Howard ar an ngearrliosta d’imreoir Faoi-21 na bliana anuraidh agus cé nár imir sé mórán, bhíodh sé istigh ag traenáil leis na sinsir i rith an tsamhraidh. Tá cúpla cúis ann go mbeidh níos mó deiseanna aige in 2018, áfach.

Tá Denis Bastick, a bhí san iomaíocht le Howard chun áit a fháil i lár na páirce, éirithe as an imirt. Chomh maith leis sin, seans go mbeidh ar James McCarthy, a bhí i lár an ghoirt i mbliana, seal a chaitheamh sa líne leathchúil arís i rith na sraithe agus tá gortú glúine ag cur as do Jack McCaffrey.

Is as an gcumann céanna, Ráth Eanaigh, iad Howard agus Brian Fenton agus ná déan iontas ar bith má bhíonn siad ag imirt le chéile i ngeansaí Bhaile Átha Cliath i mbliana.

Imreoir Reading, Liam Kelly

Liam Kelly

Beidh Wes Hoolahan 37 bliain d’aois nuair a chuirfear tús le Craobh na hEorpa 2020. D’fhéadfaí a rá mar sin go mbeidh buachaill bán nua ag teastáil ó Éamon Dunphy agus na daoine eile a bhíonn ag gearán nach bhfuil dóthain ‘peileadóirí’ ar fhoireann na hÉireann.

Seans gurb é Liam Kelly an t-imreoir sin. Imríonn an bheirt san ionad céanna ar an bpáirc, idir na himreoirí lár na páirce agus na tosaithe, agus toisc nach bhfuil sé ach 5 troithe 7 n-orlaí ar airde, bíonn Kelly ag brath níos mó ar a chumas peile ná ar an neart, mar a bhíonn Hoolahan chomh maith.

Agus é ag imirt do Reading, tá dul chun cinn déanta ag Kelly faoi cheannas Jaap Stam agus 50 cluiche anois imeartha aige dóibh. Ainmníodh é i scuad na hÉireann roimh an gcluiche in aghaidh na Breataine Bige an fómhar seo caite agus cé nár imir sé, bheadh súil aige go dtabharfadh Martin O’Neill deis dó sula i bhfad.

Mona McSharry. Pictiúr: INPHO/Andrea Staccioli

Mona McSharry

Cé gur oileán í Éire, is beag suim atá againn sa snámh taobh amuigh de chúpla lá a chaitheamh ar an trá gach bliain. Anois agus arís, áfach, tagann snámhaí chun cinn a tharraingíonn ár n-aird ar an linn snámha arís. Is snámhaí í bean Shligigh, Mona McSharry a bhfuil an cumas sin inti.

Mí Lúnasa, bhuaigh McSharry bonn óir ag Craobh Dhomhanda na nÓg i Meiriceá agus curiarracht náisiúnta nua bainte amach aici. Is mór an difear idir boinn a bhuachan ag comórtais na n-óg agus iad a bhuachan ag leibhéal na sinsear ach mí na Nollag léirigh McSharry go bhfuil an cumas sin inti nuair ba bheag nár éirigh léi bonn a fháil ina céad bhabhta ceannais sinsir ag Craobhchomórtais Ghearrchúrsa na hEorpa sa Danmhairg. Cé gur chaill sí amach ar an mbonn, bhain sí curiarracht náisiúnta eile amach.

Coinneoidh McSharry uirthi ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i measc na sinsear agus na Cluichí Oilimpeacha  i dTóiceo in 2020 mar sprioc fhadtéarmach aici. Seans gur ar Chraobhchomórtais Ghearrchúrsa an Domhain, a bheidh ar siúl mí na Nollag seo chugainn, a bheidh sí ag díriú in 2018.

Kyle Hayes. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Kyle Hayes

Is beag ábhar ceiliúrtha a bhí ag lucht tacaíochta iomána Luimnigh le tamall. Níl craobh an chúige buaite ag na sinsir ach uair amháin ó lár na nóchaidí, in 2013, agus is beag gaisce a rinne siad i gCraobh na hÉireann le roinnt blianta anuas.

Tá lucht iomána an chontae dóchasach áfach go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go luath ó tharla go bhfuil grúpa imreoirí óga, cumasacha ag teacht in inmhe. Tá Craobh Faoi-21 na hÉireann anois buaite faoi dhó ag Luimneach le trí bliana anuas.

Tá Kyle Hayes ar dhuine de na fir a mbeifear ag súil le go leor uaidh.

Cé go raibh sé fós ag imirt leis na mionúir arú anuraidh, tá a seans faighte aige ar an bhfoireann shinsir cheana féin agus bhí sé ar an bhfoireann a thosaigh in aghaidh an Chláir agus Chill Chainnigh sa chraobh anuraidh.

Ceann de na buanna is mó atá ag Hayes ná go bhfuil sé ar a chompord in aon ionad ar an bpáirc. Is sa líne lántosach a bhí sé do na sinsir, agus d’aimsigh sé 1-3 sa dá chluiche, ach is mar leathchúlaí láir a roghnaíodh é ar fhoireann Faoi-21 na bliana agus tá ról an chosantóra le cois líonta aige chomh maith.

Adam Byrne. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Adam Byrne

Bhí an-bhliain ag Adam Byrne in 2017 agus a chéad chluiche imeartha aige d’fhoireann shinsir rugbaí na hÉireann ach beidh sé ag iarraidh tuilleadh a bhaint amach in 2018.

Lúthchleasaí den scoth ab ea Byrne. Níor thosaigh sé ag imirt rugbaí go raibh sé sa dara bliain agus taobh istigh de cheithre bliana, bhí a chéad chluiche imeartha aige do shinsir Chúige Laighean. Briseadh a chos trí huaire idir an dá linn agus thóg sé trí bliana eile air dá bharr a dhara cluiche a imirt do na Laighnigh. Tá sé ag bláthú le cúpla séasúr anuas, áfach. Is é an chéad chéim eile dó ná áit rialta a bhaint amach ar an bhfoireann idirnáisiúnta.

Agus Simon Zebo ag dul ar deoraíocht sa Fhrainc, tá deis ag Byrne. Tá cuid de na buanna agus na laigí céanna ag fear Laighean agus atá ag an Muimhneach. Tá luas den scoth ag Byrne ach bíonn sé beagáinín scaoilte sa chosaint ó am go chéile, rud nach gcuirfidh Joe Schmidt suas leis.

É sin ráite, is é Schmidt a bhí i gceannas ar Chúige Laighean nuair a roghnaíodh den chéad uair é agus is cinnte go bhfuil an-mheas aige air. Cuirfear tús le Craobh na Sé Náisiún ag tús mhí Feabhra agus is beag an baol nach mbeidh Byrne san iomaíocht d’áit ar an bhfoireann.

Fág freagra ar 'Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2018…'