Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 19 cás nua deimhnithe

2,232 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,695 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di

Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 19 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 19 cás nua den ghalar deimhnithe.

Seo an séú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás, ach méadú atá ann ar líon na gcásanna a deimhníodh inné agus an lá roimhe, nuair a fógraíodh naoi gcás. B’in an líon is lú cásanna a fógraíodh ón 11 Márta.

2,232 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,695 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

30,049 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,231 cás ó dheas den teorainn agus 4,818 cás ó thuaidh.

Don cheathrú lá as a chéile, ní raibh aon bhás nua de dheasca an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

13 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

105 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil inniu, laghdú eile.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuiltear ag dul siar ar phlean díchuibhrithe an Stáit chun go mbeadh an tír “oscailte ar fad nach mór”faoi lár mhí Iúil.

Bheadh athoscailt na ngruagairí, nach bhfuil in ainm is oscailt arís go dtí an 20 Iúil, san áireamh sa phlean dlús a chur arís le scaoileadh na srianta.

Fógraíodh chomh maith inniu ciste cúitimh €75 milliún do sheirbhísí cúraim leanaí. Dúradh go gcaithfeadh lucht soláthar na seirbhísí geallúint a thabhairt nach gcuirfidís aon ardú ar na táillí a íocann tuismitheoirí leo.

Idir an dá linn, maítear i dtaighde nua go bhfuil seans níos mó ann go mbuailfeadh tintreach páiste faoi bhun 15 bliain d’aois ná mar atá go bhfaigheadh sé bás de bharr Covid-19.

Bunaithe ar na figiúirí nua, dúirt scata eolaithe as ollscoil Oxford agus ollscoil Cambridge go gcaithfeadh “díospóireacht réasúnach” a bheith ann faoin mbaol “beag bídeach” a bhaineann leis an ngalar i gcás páistí.

Fág freagra ar 'Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 19 cás nua deimhnithe'