Cúig phodchraoladh Gaeilge san iomaíocht do ghradam náisiúnta

Tá catagóir ar leith do Phodchraoltaí Gaeilge ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann 2022

Cúig phodchraoladh Gaeilge san iomaíocht do ghradam náisiúnta

Tá os cionn céad ainmniúchán fógartha do Ghradaim Phodchraoltaí na hÉireann 2022, cúig phodchraoladh Gaeilge ina measc. Is comórtas náisiúnta é seo do na podchraoltaí is fearr in Éirinn.

Tá 125 ainmniúchán i 27 catagóir agus 60 sraith san iomaíocht sa chéad imeacht dá leithéid riamh.

Ar cheann de na catagóirí tá An Podchraoladh Gaeilge is Fearr, agus ainmnithe sa chatagóir seo tá Fada is Fairsing, Scéalta agus Béilte, An Spota Dubh, Beo Ar Éigean agus Teachtaireachtaí.

Is podchraoltaí le Raidió na Life ceithre cinn de na cúig phodchraoladh ar éirigh leo ainmniúcháin a fháil sa chatagóir seo.

Is podchraoltóirí deonacha iad an chuid is mó díobh siúd a fuair ainmniúcháin. Is í Lisa Nic an Bhreithimh láithreoir Fada is Fairsing, podchraoladh agus clár raidió a chuireann agallaimh ar dhaoine ó gach cearn den domhan trí Ghaeilge.

“Is mór agam an t-ainmniúchán seo a fháil agus a bheith ainmnithe i measc podchraoltóirí iontacha eile – go leor comhghleacaithe i Raidió na Life agus mná iontacha Beo ar Éigean atá ainmnithe freisin!” a dúirt Lisa Nic an Bhreitheamh le Tuairisc.

Tá an podchraoladh Fada is Fairsing á roinnt ar líne le nach mór 10 mbliana anuas.

Deir Lisa Nic an Bhreithimh go bhfuil sí ‘fíorbhuíoch’ as an gcúnamh a fuair sí thar na blianta, ó mhuintir Raidió na Life agus “ón bpobal láidir, iontach de Ghaeil ar fud na cruinne” chun an clár a chur amach seachtain i ndiaidh seachtaine.

Deir Nic an Bhreithimh gur cheap sí gur rud “trialach, píolótach” a bheadh sa chlár nuair a labhair sí le lucht Raidió na Life ar dtús faoi chlár seachtainiúil le Gaeil lasmuigh d’Éirinn.

“Anois, deich mbliana níos déanaí, bíonn ar a laghad beirt aíonna agam ar an gclár seachtain i ndiaidh seachtaine le scéalta éagsúla, spéisiúla, faoina bpobal Gaeilge i ngach áit ó Bhéising go Perth go Toronto go Dallas go Dún Éideann.

“Táim fíorbhródúil as Fada is Fairsing agus as an ainmniúchán – míle buíochas leis na daoine iontacha a chuidigh liom é a fháil!” ar sí.

Is í Doireann Breathnach láithreoir Scéalta agus Béilte ar Raidió na Life agus labhraíonn sí go rialta le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d’fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.

“Tá lúcháir orm go bhfuil Scéalta agus Béilte ar cheann de na podchraoltaí ainmnithe sa chatagóir don Phodchraoladh is Fearr sa Ghaeilge ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann i mbliana!” a dúirt Doireann Breathnach. “Mo bhuíochas leis an bhfoireann ag Raidió na Life as an gcuidiú agus an tacaíocht a thugann siad dom as gach a ndéanann siad leis an bpodchraoladh agus leis na haíonna go léir a ghlacann páirt ann!”

Is podchraoladh oifigiúil Gaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael é An Spota Dubh, a dhéantar i gcomhpháirt le Raidió na Life. Cuirtear imreoirí agus iar-imreoirí faoi agallamh ar an bpodchraoladh agus is iad Cárthach Breathnach agus Cian Ó Griallais láithreoirí an chláir.

Tá an-cháil bainte amach ag an bpodchraoladh Beo ar Éigean le tamall anuas, agus craoltar ar RTÉ Raidió 1 é gach deireadh seachtaine. Is iad Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin láithreoirí an chláir, agus déanann siad plé ar na nithe a chuireann isteach orthu agus an tslí go dtéann siad i ngleic leo. Bíonn neart spraoi agus craic acu ar an bpodchraoladh agus is minic go mbíonn aíonna speisialta ar an gclár.

Is sraith nua í Teachtaireachtaí ar Raidió na Life a bhfuil sé mar aidhm aici ardán a thabhairt do phobal na Gaeilge a gcruthaitheacht a léiriú tríd an scríbhneoireacht, an ceol agus an fhilíocht. Is í Judy-Meg Ní Chinnéide láithreoir an chláir a faigheann tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

“Tá ardmholadh ag dul dár bpodchraoltóirí deonacha go léir a fuair ainmniúcháin inniu, a dhéanann podchraoltaí iontacha, mealltacha agus ar shárchaighdeán trí Ghaeilge, ar ábhair éagsúla, do rogha leathan éisteoirí,” a dúirt Bainisteoir Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta. “Molaim freisin ár nOifigeach Forbartha & Oiliúna, Judy-Meg Ní Chinnéide, léiritheoir Teachtaireachtaí.”

“Is vóta iontach muiníne in obair an stáisiúin iad na hainmniúcháin seo agus táimid ag tnúth go mór leis an ngné seo d’obair Raidió na Life a fhorbairt sna blianta beaga atá amach romhainn.”

San catagóirí eile, tá ceithre ainmniúchán an ceann faighte ag The Blindboy Podcast, The David McWilliams Podcast, agus The Good Glow. Tá trí ainmniúchán an ceann faighte ag The Tommy, Hector and Laurita Podcast agus ag an bpodchraoladh faisnéise coireachta The Witness.

Fógraíodh inniu freisin go bhfuil vóta poiblí oscailte ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann – Rogha na nÉisteoirí. Is féidir le héisteoirí vótáil anois ar theirishpodcastawards.ie/vote. Tá go dtí Dé Domhnaigh, an 11 Meán Fómhair ag duine chun a vóta a chaitheamh.

“Táimid thar a bheith sásta le líon agus le caighdeán na n-iontrálaithe ar fad i mbliana,” a deir Matt Deegan ó Ghradaim Phodchraoltaí na hÉireann. “Ba bhliain dhochreidte í 2022 don phodchraoladh agus tá súil againn go dtaispeánfaidh ár n-ainmnithe an raon leathan tallainne atá sa tionscal inniu. Tá sé iontach feabhas a chur ar chaighdeán na podchraoltóireachta Éireannaí gach bliain.”

Beidh ócáid na bliana seo ar siúl i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar an 16 Meán Fómhair 2022.

Fág freagra ar 'Cúig phodchraoladh Gaeilge san iomaíocht do ghradam náisiúnta'