Cuidiú ó na Gardaí teacht ar bhean óg ón gCeathrú Rua atá ar iarraidh

Tá sé fógartha ag na Gardaí go bhfuil siad ag lorg Michala Mullen, 15 bliain d’aois, a d’imigh ón mbaile Dé Sathairn seo caite

Cuidiú ó na Gardaí teacht ar bhean óg ón gCeathrú Rua atá ar iarraidh

Tá an Garda Síochána ag lorg cabhair an phobail chun teacht ar bhean óg as an gCeathrú Rua atá ar iarraidh.

Tá sé fógartha ag na Gardaí go bhfuil siad ag lorg Michala Mullen, 15 bliain d’aois, a d’imigh ón mbaile Dé Sathairn seo caite, an 1 Aibreán.

Deirtear go bhfuil Michala 5’ 1” ar airde agus go bhfuil sí tanaí. Tá gruaig fhada rua uirthi agus súile glasa aici. Ní fios céard a bhí á chaitheamh ag Michala nuair a chuaigh sí ar iarraidh.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu ar cén áit a bhfuil Michala teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i nGaillimh ag 091 538 000, ar Líne Rúnda na nGardaí ag 1800 666 111 nó teagmháil a dhéanamh le haon stáisiún eile de chuid na nGardaí.

Fág freagra ar 'Cuidiú ó na Gardaí teacht ar bhean óg ón gCeathrú Rua atá ar iarraidh'