Cuid de na críocha ar ghlac an Rúis seilbh orthu athghafa ag na hÚcránaigh

Baineann cailliúint críche in Donbas an bonn ó chuspóirí Vladimir Putin agus an Úcráin á hionsaí aige mar gur theastaigh uaidh Donbas a ghabháíl agus an réigiún sin a thabhairt isteach faoin Rúis

Cuid de na críocha ar ghlac an Rúis seilbh orthu athghafa ag na hÚcránaigh

Tá cuid de na críocha, ar ghlac an Rúis seilbh orthu beag beann ar an dlí, athghafa ag na hÚcráine.

Tá fórsaí na hÚcráine ag déanamh dul chun cinn chomh maith in aice le cathair Kherson sa deisceart agus talamh a ghabh siad ar ais san oirthear á gcosaint acu.

Dheimhnigh oifigigh de chuid na Rúise in Kherson an dul chun cinn sin ach dúirt go raibh fórsaí Mhoscó á ndaingniú féin san áit.

Thug saighdiúirí de chuid na hÚcráine a n-aghaidh soir freisin ar Luhansk, atá gafa ag an Rúis.

Dúirt an tUachtarán Volodymyr Zelensky go raibh “lonnaíochtaí nua fuascailte i roinnt réigiún”.

Tharraing trúpaí na Rúise siar as Lyman, cathair an-straitéiseach, ag an deireadh seachtaine ionas nach bhféadfadh fórsaí an hÚcráinne iad a sháinniú istigh ansin.

Buille mór eile do Mhoscó é cailleadh Lyman mar gur lig sin d’arm na hÚcráine a mbealach a dhéanamh níos faide isteach i gcríocha in Donbas atá faoi smacht na Rúise.

Baineann cailliúint críche in Donbas an bonn ó chuspóirí Vladimir Putin agus an Úcráin á hionsaí aige mar gur theastaigh uaidh Donbas a ghabháíl agus an réigiún sin a thabhairt isteach faoin Rúis.

Ar an Luan, bhí fórsaí na Rúise ar a dteitheadh i stráicí móra den líne thosaigh, tráth a ndearna fórsaí míleata na hÚcráine ionsaí ceann ar aghaidh san oirthear agus dul chun cinn sa deisceart.

Ní hiontas agus críocha á ngabháil agus á gcailleadh go gasta sa deisceart, go ndúirt an Chreimil nach eol dóibh go fóill cá mbeidh na teorainneacha i ndeisceart na hÚcráine.

Bhí an dul chun cinn sin á dhéanamh ag an Úcráin san oirthear agus sa deisceart tráth a raibh an Rúis ag dearbhú go raibh ceithre réigiún de chuid na hÚcráine á n-ionghabháil aici.

Inniu vótáil Comhairle na Cónaidhme, parlaimint na Rúise, na conarthaí a dhaingniú a dhéanfaidh cuid den Rúis de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia.

Tá forógra sínithe ag Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine á fhógairt go mbeidh sé “dodhéanta” aon chainteanna a bheith ag an Úcráin le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise.

Fógra foirmiúil atá anseo ar an gcaint a rinne Uachtarán na hÚcráine ar an Aoine nuair a d’fhógair Uachtarán na Rúise gur cuid den Rúis feasta na ceithre réigiún gafa de chuid na hÚcráine.

“Ní thuigeann sé [Putin] céard is dínit ná macántacht ann. Mar sin, táimid sásta labhairt leis an Rúis ach Uachtarán eile [a bheith] uirthi.”

Fág freagra ar 'Cuid de na críocha ar ghlac an Rúis seilbh orthu athghafa ag na hÚcránaigh'

  • Gabriel Rosenstock

    “Tá forógra sínithe ag Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine á fhógairt go mbeidh sé “dodhéanta” aon chainteanna a bheith ag an Úcráin le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise . . .”

    Samhlaigh go raibh an dearcadh sin ann aimsir Aoine an Chéasta. Tá an cine daonna céasta ag easpa cainteanna agus easpa comhchainteanna.