An uair dheireanach ar scríobh mé faoi chúrsaí bád sa Spáinn bhí mé ag caitheamh seal in Vigo. Tháinig na cuimhní sin chugam go tréan agus mé thíos ag an duga anseo i Cádiz an lá cheana.
Smaoinigh mé ar an naomhóg bheag thruamhéalach, an Naomh Gobnait, a bhí briste tar éis a turas mór farraige agus í ar taispeáint sa mhúsaem mara ansin i dtuaisceart na Spáinne.
An uair seo bhí mé ag tabhairt cuairt ar ceann de na báid seoil arda (tall ships) is mó ar domhan – an Juan Sebastian de Elcano. Go deimhin tá sí seo ar an tríú ceann is mó díobh sin sa domhan uilig. Is le Cabhlach na Spáinne í agus úsáidtear í i gcomhair traenála.
Bhí scuaine mhór fhada ag fanacht le cuairt a thabhairt ar an mbád ársa. Ba léir go raibh roinnt mhaith daoine ansin chun casadh lena gclann, a bhí ar diúité ar an mbád. Is é Cádiz baile dúchais an chabhlaigh agus ba léir gur ócáid mhór a bhí anseo – cuairt an bhád seoil is ársa dá gcuid.
Bhí an t-ainm ‘Juan Sebastian de Elcano’ feicthe go rímhinic agam roimhe sin ar shráid i Málaga, ach caithfidh mé a admháil nár thug mé aon suntas rómhór dó agus mé ag dul thar an gcomhartha sa mbus. Cheap mé gur ealaíontóir ón aois seo caite a bhí ann, ar nós ‘Sorolla’ atá tugtha ar shráid eile gar dhó.
Ach tá an bád seoil seo ainmnithe i ndiaidh duine de mhórmhairnéalaigh na Spáinne – go deimhin, d’fhéadfá ‘an domhain’ a rá ansin, toisc ar bhain sé amach.
Rugadh Juan Sebastian de Elcano i 1486 agus fuair sé bás i 1526. B’as tuaisceart na Spáinne – Tír na mBascach é. Chuaigh sé ar thuras mór go dtí Oileáin na Spíosraí (Na Molacaí) in éineacht leis an taiscéalaí mara Magellan (arbh as an Phortaingéil é). Bhí an-tóir ar spíosraí ag an am agus ba mhinic tíortha in éad lena chéile, agus go deimhin i mbun cogaíochta lena chéile, chun na bealaí mara chuig na spíosraí sin a fháil dóibh féin.
Cé go raibh Magellan i gceannas, ba é Elcano a bhí ina chaptaen ar an aon bhád amháin, an Victoria, a tháinig slán ón turas. Thart ar 247 duine a chuaigh chun farraige an chéad lá, trí bliana roimhe sin, ach níor tháinig abhaile ar an Victoria ach 21 duine.
Tháinig sé abhaile an bealach ‘contráilte’ agus bheadh sé le rá aige ina dhiaidh sin gurbh eisean an chéad duine a chuaigh timpeall an domhain uile. Tugadh an onóir sin dó go hoifigiúil ina dhiaidh sin agus tá an mana i Laidin Primus Circumdedisti Me ar ghob an bháid seoil an ‘Juan Sebastian de Elcano’.
Tógadh an bád seoil seo i dtús an chéid seo caite i Cádiz agus chuaigh sí i mbun seirbhíse mar bhád seoil traenála don chabhlach i 1928. Ar ndóigh, mar atá a fhios againn go maith in Éirinn is é an téarma Spáinneach ar an gcabhlach ná La Armada.
Agus mé ar cuairt ar an mbád ársa seo, tuigeadh dom an obair a bhaineann le seoltóireacht ar an tseanstíl. Níl a fhios an méid rópaí, giuirléidí agus ionstraimí éagsúla a bhí feistithe uirthi agus iad trom go maith, mheas mé.
Thug mé faoi deara nach raibh aon áit le suí – ní fhaca mé na seomraí codlata ach mheasfainn go raibh an spás gann ansin freisin. Níorbh aon ionad oibre í seo don té a bheadh leisciúil nó ag iarraidh beagáinín scíthe.
An lá ar fhág an ‘Juan Sebastian de Elcano’ calafort Cádiz, thug mé faoi deara go raibh an spéir lán le scairdeitleáin troda ar feadh scaitheamh maith. An raibh an baol ann go raibh an Spáinn tar éis dul chun cogaidh le tír éigin? Nuair a chiúnaigh cúrsaí, rith sé liom go rabhadar ag tabhairt sórt garda onórach don bhád seoil agus i ag tabhairt faoi thuras mór idirnáisiúnta, b’fhéidir.
Ní thabharfaidh tú suntas dó sna bólaí seo ach is lárionad míleata é Cádiz don chabhlach agus chomh maith leis sin, gar go maith don chathair atá an baile beag Rota ina bhfuil lárionad míleata eile. Chuaigh mé ann le teann fiosrachta agus thaitin an chuairt liom ach is beag a fuair mé amach ar son léitheoirí Tuairisc.
Sa mbliain 1953, d’oscail na Stáit Aontaithe faoin Uachtaráin Eisenhower, lárionad míleata i Rota. Bhíodh an t-ionad sin an-mhór tráth ach tá sé laghdaithe le roinnt blianta. Tá ceangal aige leis an Spáinn freisin – ní hiad na Meiriceánaigh amháin atá lonnaithe ansin. Spáinneach atá i gceannas ann agus tá roinnt mairnéalach agus fórsaí de chuid na Spáinne ann.
Ní mór cuimhneamh go raibh an Spáinn fós faoi dheachtóireacht an Ghinearáil Franco sa mbliain 1953. Gach seans gur mhaolaigh an ceangal sin le Meiriceá an chuid ba mheasa de ghníomhartha an deachtóra, a bhí ansin go 1975.
Is deacair é a shamhlú anois, ach nuair a bhí mise ag scabhtáil thart mar mhac léinn san ollscoil i nGaillimh agus lánsaoirse agam, bhí daoine ar comhaois liom á gcur i bpríosún sa Spáinn toisc nár thoiligh siad dul isteach san arm, faoi réimeas Franco. Chonaic mé an seanfhoirgneamh ina mbíodh an príosún agus níorbh aon ionad saoire é.
Is mór idir sin agus an saol atá ag daoine óga sa Spáinn inniu. Bhí na cailíní agus na leads óga a raibh baint acu leis an mbád seoil ag baint an-sult as an lá oscailte. Go deimhin ba chailíní, nó mná ba cheart dom a rá, cuid de na mairnéalaigh ar chriú an bháid
Cé go bhfuil an traenáil crua, ní tada é i gcomparáid leis an saol a chaith Magellan, a chriú féin agus Juan Sebastian de Elcano.
Fuair Magellan bás sna hOileáin Fhilipíneacha, fuair Elcano bás ar an dara turas chuig Oileáin na Spíosraí i 1526 agus nil a fhios cé mhéad mairnéalach eile a chaill siad ar a dturais cháiliúla.
An chéad uair eile a fheicfidh mise an comhartha sráide siúd i Málaga, beidh a fhios agam cé hé féin.
Fág freagra ar 'Cuairt ar Cádiz agus ‘Juan Sebastian de Elcano’'