Cruinniú socraithe le Banc na hÉireann le ceist na Gaeilge ar ATManna a phlé

Bhí Banc na hÉireann go mór i mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas mar gheall ar a gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna

Cruinniú socraithe le Banc na hÉireann le ceist na Gaeilge ar ATManna a phlé

Tá cruinniú socraithe ag Conradh na Gaeilge le hionadaithe Bhanc na hÉireann leis an gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc a phlé.

Bhí Banc na hÉireann go mór i mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas mar gheall ar a gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna

Lorg Conradh na Gaeilge cruinniú leis an mbanc leis an gcinneadh sin a phlé agus tá deimhnithe ag an eagraíocht teanga do Tuairisc.ie go mbeidh an dá dhream ag teacht le chéile ar an 25 Meán Fómhair.

Anuas ar cheist na ATManna, tá sé i gceist ag an gConradh taighde a rinne Millward Brown faoin nGaeilge a bheith ina “gné uathúil dhíolacháin” a chur faoi bhráid an bhainc agus pléifear freisin na bealaí ar féidir leis an gConradh “cabhrú agus tacú le tairiscintí réamhghníomhacha an bhainc le freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Cuirfear moltaí ón mBreatain Bheag agus eolas faoin ilteangachas ar ATManna i dtíortha eile os comhair an bhainc freisin.

Níl Banc na hÉireann sásta tuilleadh eolais a thabhairt faoi cheist na Gaeilge ar a ATManna. Níl rogha Ghaeilge á cur ar fáil ar ATManna nua de chuid an bhainc le tamall de bhlianta anuas — cinneadh atá cáinte go láidir ag eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí araon.

Thug Banc na hÉireann le fios do Tuairisc.ie ag tús na míosa seo nach bhfuil sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil le seacht mbliana anuas. Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar na hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an tseirbhís.

Agus ceisteanna ó Tuairisc.ie á bhfreagairt anuraidh acu faoin gcinneadh, thug an banc le fios go roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta ar a ATManna. Dúradh linn i mí Dheireadh Fómhair seo caite, freisin, nár choinnigh Banc na hÉireann “súil ghéar” roimhe sin ar líon na ndaoine a roghnaíodh an Ghaeilge ar a ATManna agus ba mar thoradh ar cheist ó Tuairisc.ie a aimsíodh an figiúr “níos lú ná 1%”.

I ráiteas ón mBanc le déanaí, tugadh le fios go raibh an t-éileamh ar an tseirbhís i nGaeilge ag titim le tamall fada.

“For some considerable period of time now demand for transactions through Irish on our ATM fleet has been falling steadily, with fewer than 1% of ATM transactions now completed in Irish.

“Given this continuing pattern of low and falling demand, where ATMs are replaced  with newer devices it is no longer viable to continue to provide an Irish language option on the newer ATM machines,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie.

D’iarr Tuairisc.ie ar Bhanc na hÉireann tuilleadh eolais a thabhairt faoi na staitisticí sin, ach dhiúltaigh an Banc aon eolas breise a thabhairt maidir leis an ráiteas is déanaí uathu.

Ní raibh an Banc sásta a rá cé mhéad idirbheart a dhéantar ag ATManna an bhainc, cén titim a bhí i gceist i líon na n-idirbheart Gaeilge ná cé mhéad idirbheart a bhítí a dhéanamh i nGaeilge sular tháinig an laghdú “leanúnach” ar an éileamh ar an tseirbhís i nGaeilge.

Dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie nach raibh aon rud le cur leis an ráiteas a rinne an banc ag deireadh na míosa seo caite.

Tá cruinniú leis an mBanc á lorg freisin ag an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada maidir le soláthar seirbhíse Gaeilge i gcraobhacha an bhainc, ar líne agus sna ATManna.

Fág freagra ar 'Cruinniú socraithe le Banc na hÉireann le ceist na Gaeilge ar ATManna a phlé'

  • Mánus

    Tuairisc ag brú téarmaíocht i mBéarla orainn. Tá UMB i dTéarma.ie ar ATM.

  • Eoghan o neill

    Ba chóir nī amháin béarla agus gaeilge ach polski, deutsch, français, español, portugués etc. chomh maith. Is polasaí english-only atá ar siúl ag B.na hÉ

  • Eoghan o neill

    Mar a deirfeadh Ross O’Carroll-Kelly féarfocs do Banc na hÉireann mar b’iadsan an t’aon bhanc a thug rogha gaelig go dtí seo. Ach faraoir anois tá siad i gcampa Nigel agus Donald agus na Anglo Supremecists

  • Fearn

    “Cruinniú socraithe”?
    Tá súil agam go mbeidh tuairisciú beo uait ar fhlaithiúlacht an tae/chaife agus na mbrioscaí, go háirithe. Ná fág an sproschaint ar lár ach an oiread!

  • Ailínos

    Brón. Is breá liom bheith ag úsáid an roghanna Gaeilge ar an ATManna :(