Cruinniú fiúntach faoi chúrsaí tithíochta ar lá corrach ar an gCeathrú Rua

Thug an grúpa feachtais Bánú cuireadh d’iarrthóirí toghcháin plé a dhéanamh ar ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta

Cruinniú fiúntach faoi chúrsaí tithíochta ar lá corrach ar an gCeathrú Rua

Iarrthóirí sna Toghcháin Áitiúla a ghlac páirt sa gcruinniú poiblí faoin dtithíocht agus cúrsaí pleanála, a d'eagraigh BÁNÚ ar an gCeathrú Rua ar an Luan seo caite. Ó chlé: Criostóir Breathnach (Neamhspleách); P.J. Ó Flatharta (Neamhspleách); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach); An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael); Micheál Leainde (Independent Ireland); Alastair Mc Kinstry (Comhaontas Glas); Maidhc Ó Curraoin (Neamhspleách); Sinéad O'Brien (Neamhspleách); An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (Fianna Fáil); Kevin O'Hara (Sinn Féin) agus Máirtín Ó Laoi (Fianna Fáil). [Pictiúr: Seán Ó Mainnín]

Bhí Seomra 8 thuas staighre sa gCrompán ar an gCeathrú Rua lán go maith Dé Luain seo caite do chruinniú poiblí faoi sholáthar tithíochta sa nGaeltacht, cruinniú a d’eagraigh an eagraíocht BÁNÚ le chéile. Tugadh cuireadh chuig an gcruinniú do na hiarrthóirí, triúr is fiche acu, atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla ar an 7 Meitheamh, sa dá thoghcheantar Gaeltachta, Conamara Theas agus Conamara Thuaidh.

Iarrthóirí sna Toghcháin Áitiúla a ghlac páirt sa gcruinniú poiblí faoin dtithíocht agus cúrsaí pleanála, a d’eagraigh BÁNÚ ar an gCeathrú Rua ar an Luan seo caite. [Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Ar an Luan, lá corrach go maith sa gCeathrú Rua, bhí an ráfla ag dul thart i gcaitheamh an lae go raibh cuid den ghrúpa a bhí ag cur in aghaidh tearmann a bheith á thabhairt do theifigh sa gCeathrú Rua le bheith ag an gcruinniú agus rún acu an deis a thapú le híde béil a thabhairt do na polaiteoirí nach raibh sásta tacaíocht phoiblí a thabhairt don fheachtas in aghaidh na dteifeach, a bhí curtha ar bun ag duine de na hiarrthóirí sa toghchán, P.J. Ó Flatharta.

Ach is cosúil gur athraíodh an plean nuair a tuigeadh do ‘Coiste Sábháilteachta Pobail Chonamara’, mar atá tugtha ar an bhfeachtas in aghaidh na dteifeach ar an gCeathrú Rua, nach mbeadh Teachtaí Dála ag an gcruinniú faoin tithíocht agus scaipeadh an scéal seo ar na meáin shóisialta:

Anyone that is going to the Banú meeting tonight, please remember that it is nothing to do with what we’ve been gathering for these past few days. Banú are looking to get housing and planning issues fixed and sorted in Connemara. That’s their thing. There are no TDs planned to be there, only our sitting county councillors and those running for it.  I would suggest it is not the place for continuing the protest.

Bhí sé socraithe ag coiste BÁNÚ dá ndéanfaí iarracht cur as don chruinniú agus dá mbeadh iarrthóirí á n-ionsaí mar nach raibh siad ag tacú le feachtas Choiste Sábháilteachta Pobail Chonamara, go ndéanfaí an cruinniú a scor agus é a thionóil in áit eile níos deireanaí, áit ina bhféadfaí ceist na tithíochta a phlé mar a bhí beartaithe.

As an triúr is fiche iarrthóir a fuair cuireadh ón eagraíocht BÁNÚ, bhí dáréag acu ag an gcruinniú. Cainteoirí Gaeilge den scoth gach duine acu ach triúr.

Seo a leanas na hiarrthóirí a ghlac páirt sa gcruinniú: an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael); an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach); an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (Fianna Fáil); Micheál Leainde (Independent Ireland); P.J. Ó Flatharta (Coiste Sábháilteachta Pobail Chonamara); Criostóir Breathnach (Neamhspleách, ag seasamh sa dá thoghcheantar); Maidhc Jimmy Ó Curraoin (Neamhspleách); Kevin O Hara (Sinn Féin); Alastair McKinstry (An Comhaontas Glas); Máirtín Ó Laoi (Fianna Fáil); agus Sinéad O’Brien (Neamhspléach).

Léadh amach leithscéal ó bheirt, an t-iarrthóir neamhspleách Mánus Ó Conaire ó Ros Muc agus an t-iarrthóir ón gComhaontas Glas Dónal Gleeson, a dúirt nach bhféadfaidís a bheith ann de bharr cúinsí oibre. Níor tháinig scéal ar bith ó cheachtar den dá chomhairleoir de chuid Independent Ireland, Séamus Walsh agus Noel Thomas, ná ó na comhairleoirí Thomas Welby (Neamhspleách) ná Eileen Mannion (Fine Gael), a bhí iarrtha ach nár fhreagair an cuireadh.

Sa lucht éisteachta bhí Doran McMahon ón Irish Freedom Party agus, cé nach raibh sé curtha in iúl aige go mbeadh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh sa gcruinniú tugadh cead cainte dhó chomh maith.

Eisean an t-aon duine amháin a bhí i láthair ag an gcruinniú a luaigh ceist na dteifeach: chuir sé an locht ar na teifigh faoin easpa soláthar tithíochta i gConamara agus faoi mórán chuile fhadhb eile chomh maith.  I mBéarla a labhair sé agus dúirt sé gur cheart stop a chur le heachtrannaigh ag teacht isteach sa tír. ‘Stop all migration’ a dúirt sé.

B’fhéidir go raibh sé ag súil le bualadh bos as an ráiteas sin ach ní bhfuair sé é. Seans go raibh daoine ag smaoineamh ar na heachtrannaigh de chiníocha éagsúla a bhí fostaithe mar chúramóirí ag tabhairt aire dá muintir; na haltraí is na dochtúirí ó thíortha eile isteach a bhí ag coinneáil an chórais sláinte ag obair, gan caint ar na daoine a bhíonn ag deisiú a gcuid carrannaí, ag péinteáil a gcuid tithe, srl srl. Ar a laghad ní raibh sé de dhánaíocht aige a rá i mBéarla go gcuirfeadh na teifigh deireadh leis an nGaeilge sa nGaeltacht, mar atá ráite ag roinnt daoine eile ar na meáin!

Ag tús an chruinnithe thug Adhna Ní Bhraonáin cur síos ar an méid a bhí déanta ag an eagraíocht BÁNÚ ó bunaíodh í mí na Samhna seo caite, ag an gcruinniú poiblí i gCois Fharraige, ag a raibh Breanndán Ó Beaglaoich ó Chorca Dhuibhne mar aoichainteoir.

An sua a d’fhreastail ar an gcruinniú BÁNÚ sa Chrompán, An Cheathrú Rua

Norita Ní Chartúir ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a rinne áisitheoireacht ar an gcruinniú agus stiúraigh sí cúrsaí le stuaim agus le greann. Sular osclaíodh an plé don urlár, thug Norita dhá nóiméad do gach iarrthóir lena chuid/cuid a rá. Ní dheachaigh aon duine thar am. Cuireadh roinnt ceisteanna ón urlár agus insíodh cúpla drochscéal faoin mbealach ar chaith Rannóg Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe le daoine. D’fhiafraigh fear amháin agus frustrachas ina ghlór, cé atá ag faire ar na pleanálaithe? An Bord Pleanála, a dúirt an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin. Ach níor shásaigh sin an fear.

Is i bPlean Forbartha an Chontae is mó a leagtar síos polasaí agus cuspóirí pleanála na Comhairle Contae agus tá na pleanálaithe ceaptha cloí leis sin. Is ag na Comhairleoirí le chéile ag obair mar Chomhairle atá an cúram an Plean Forbartha a réiteach, le cúnamh agus comhairle ón bhfeidhmeannas. Socraíodh an Plean Forbartha atá i bhfeidhm faoi láthair le linn Covid, le cruinnithe zúm ar líne agus bhí sé deacair ag na comhairleoirí a dtionchar a imirt ar an bplean.

Beidh athbhreithniú le déanamh ar an bPlean Forbartha reatha an chéad bhliain eile. Chuireas ceist ar na hiarrthóirí céard a d’athróidís sa bplean reatha, leis an bpróiseas pleanála a éascú don phobal, dá mbeidís ar an gComhairle Contae, nuair a bheas an t-athbhreithniú le déanamh. Máirtín Lee (FF) is fearr a láimhseáil an cheist, im thuairimse. Mhol sé dhá rud praiticiúil a d’fhéadfadh difríocht a dhéanamh: (i) go mbeadh cruinniú réamhphleanála curtha ar fáil idir an té atá ag cuartú cead pleanála, innealtóir an iarratasóra agus pleanálaí na Comhairle Contae agus (ii) go ndéanfaí níos mó ceantair lonnaíochta a aithint i gConamara ina mbeadh cead tógála le fáil iontu níos éasca.

An Comhairleoir Dáithí O Cualáin

Bhí na Comhairleoirí Daithí Ó Cualáin (FF) agus Tomás Ó Curraoin (RSF) aontaithe go mba cheart an teorann luais a laghdú ó 80km/u le nach mbeadh gá le 160 méadar d’fheiceáil ghlan ar an dá thaobh den bhealach isteach/amach as suíomh tí. Dúirt Daithí Ó Cualáin rud a bhí spéisiúil, sé sin go mbíonn cuid den locht ar na hinnealtóirí a chuireann iarratas isteach, mar nach mbíonn an t-eolas ar fad a theastaíonn curtha ar fáil acu.

Bhí moladh praiticiúil ag Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG), go mba cheart breathnú in athuair ar na pleananna don dá shráidbhaile, An Spidéal agus An Cheathrú Rua, mar go bhfuil talamh criosaithe sa dá shráidbhaile sin nach dtógfar tithe go deo iontu agus go bhfuil sin ag cur isteach ar dhaoine atá ag iarraidh cead in áiteacha eile sa dá cheantar sin.

Kevin O’Hara

Mhol Kevin O’Hara (SF) go ndéanfaí an córas a shimpliú. Níor mhínigh sé cén bealach a dhéanfaí sin,  ach dúirt sé go gcaithfí níos mó córais séarachais bheaga a chur ar fáil.

Mhol Alastair McKinstry (Comhontas Glas) go dtógfaí roinnt bheag tithe ar shuíomh amháin agus go mbeadh córas séarachais amháin eatarthu in áit tithe astu féin a thógáil, rud atá ceadaithe is cosúil faoin bPlean Forbartha ach nach bhfuil ag tarlú, mar nach bhfuil na hiarratais chuige sin á ndéanamh.

Cé nach raibh siad ar fad aontaithe faoin mbealach ab fhearr le feabhas a chur ar an soláthar tithíochta, léirigh na hiarrthóirí tacaíocht don fheachtas atá ag BÁNÚ le haird a dhíriú ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht. Léiríodh tacaíocht speisialta don éileamh atá ag BÁNÚ go mbeadh cumhachtaí tithíochta tugtha d’Údarás na Gaeltachta sa reachtaíocht faoin Údarás atá á hullmhú faoi láthair chun toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís.

Thug an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí sa lucht éisteachta, le fios go raibh an tAire Stáit Gaeltachta nua, Thomas Byrne T.D., fabhrach faoi chumhacht tithíochta a thabhairt don Údarás. Ach an bhfuil an tÚdarás ag iarraidh cumhachtaí tithíochta? an cheist bhí ag duine ón lucht éisteachta. Tá, a dúirt an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Neosfaidh an aimsir.

Tá údar an ailt seo ina bhall de choiste an bhrúghrúpa Bánú

Fág freagra ar 'Cruinniú fiúntach faoi chúrsaí tithíochta ar lá corrach ar an gCeathrú Rua'

  • Liam

    Cá raibh ionadaí Udarás na Gaeltachta?!
    Ca raibh ionadaí ó Roinn na Gaeltachta?! Díol suntais nach rabhadar sa lucht éisteachta! Cén chúis nach rabhadar ann?

  • JP

    Tuairisceoireacht ana-bhreá ó Tuairisc.ie. Beidh tuilleadh faoi seo déarfainn.

  • Mary

    Buíochas le Banù as ucht a theacht & plé a dhéanamh ar an ngèar chéim tithíochta ar an gCeathrù Rua san oiche Dé Luain. Buíochas leis na hiarrthòirí a ghlac páirt & le Norita a rinne an-gab
    Nár laga Dia sibh.