‘Croí mór Ráth Chairn’ – Seáinín Chóil Neanie Pháidín Mac Donncha ar shlí na fírinne

Chuir na mílte aithne ar Sheáinín Chóil Neanie Pháidín Mac Donncha, duine de laochra na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ní dhearna Seáinín dearmad ar aon duine acu riamh

‘Croí mór Ráth Chairn’ – Seáinín Chóil Neanie Pháidín Mac Donncha ar shlí na fírinne

Céad faraor géar go bhfuil laoch mór de chuid mhuintir Ráth Chairn agus phobal na Gaeilge uilig, Seáinín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Gael agus poblachtánach go smior, imithe uainn ar shlí na fírinne.

Ba mac é le Cóil Neaine Pháidín as an Doirín Darach agus Neain Phádraig Choilmín as Inis Treabhair. Rugadh Seáinín i 1949, ceithre bliana déag i ndiaidh do mhuintir Chonamara a n-aghaidh a thabhairt soir ar chontae na Mí.

Gaeltacht bheag í Ráth Chairn ach is Gaeltacht í a bhfuil croí mór inti. Ba chuid mhór de chroí mór sin Ráth Chairn é Seáinín.  Leis na blianta, tháinig na mílte ar cuairt anseo, peileadóirí, ceoltóirí, damhsóirí, drámadóirí agus lucht foghlama na Gaeilge. Ba é Seáinín a bhíodh rompu ar chúl an chuntair sa gclub, meangadh gáire ar a éadan agus fáilte agus fiche aige roimh chuile dhuine acu. Chuir na mílte aithne air agus ní dhearna Seáinín dearmad ar aon duine acu riamh.

Bhí suim aige i gcaitheamh a shaoil i gcúrsaí CLG agus b’iontach an chuimhne a bhí aige, cluichí a imríodh i bhfad siar fiú, agus fios aige cé a d’imir, cé a scóráil agus cérbh iad féin. Ní raibh a shárú le fáil agus é ag déanamh aithris ar thráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, fear a raibh aithne mhaith aige air. Nach iontach le rá againn, an lá sular bhásaigh sé go raibh sé ag an gcluiche iomána idir Cill Chainnigh agus Gaillimh.

Ní raibh a shárú le fáil ar an ndea-chaint agus b’iontach é go domhain amach san oíche, nuair a bhí an seisiún faoi lán seoil. Níor theastaigh ach na chéad chúpla nóta de ‘Mrs McCloud’s’ nó na ‘Gairdíní Saileach’ uaidh, agus théadh Seáinín ar an urlár de léim, sa gcaoi is nach gcuirfí ceol breá amú. Théadh sé ag an Oireachtas chuile bhliain, áit ar chuir sé aithne ar charactaeirí móra na Gaeltachta uilig.

Bhí meas agus grá aige do mhuintir na hÉireann agus bhí stair na tíre agus an méid a d’fhulaing sí ar bharr a theanga aige. Ní dhearna sé dearmad ariamh ar mhuintir na sé chontae agus bhí míle agus céad cara aige ann. An t-aon údar díomá dó nár mhair sé sách fada go bhfeicfeadh sé Éire aontaithe.

Aireoidh muid uainn thú, a Sheáinín, ach mairfidh tú go deo mar sin féin inár gcuimhne, agus muid ag breathnú siar ar na laethantaí agus na hoícheantaí a chaith muid i do chomhluadar a bhí lán le spórt, le greann agus le spraoi. Caithfidh muid féin anois na véarsaí de Pháid Ó Donoghue a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus gan ligean don dán breá sin dul i gcré na cille leat.

Is minic a deirtear nuair a chailltear duine mar é, ‘nach mbeidh a leithéid arís ann’. Ní fíor sin sa gcás seo, mar an fhad is a bhí Seáinín beo, spreag sé muid ar fad, agus na mílte eile i bhfad is i gcéin chomh maith, chun ár dteanga ársa a labhairt, meas a bheith againn ar na hamhráin, ar an gceol, ar an damhsa, ar na cluichí agus gach a mbaineann lenár gcultúr.

A Sheáinín a mhac, beidh do leithéid arís ann. Déanfaimid cinnte de.

Fág freagra ar '‘Croí mór Ráth Chairn’ – Seáinín Chóil Neanie Pháidín Mac Donncha ar shlí na fírinne'