Craobh seoltóireachta Chonnacht le reáchtáil ar an Spidéal

Beidh seoltóirí óga ón gcumann áitiúil agus ó chumainn eile ar fud Chonnacht agus na hÉireann ar an Spidéal an deireadh seachtaine seo chun páirt a ghlacadh i rásaí bád seoil 420

Craobh seoltóireachta Chonnacht le reáchtáil ar an Spidéal

Beidh cabhlach bád seoil le feiceáil ar Chuan na Gaillimhe amach ó chósta an Spidéil an deireadh seachtaine seo agus Craobh 420 Chonnacht á reáchtáil ar an mbaile Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Is é Cumann Seoltóireachta an Spidéil (CSS) a bheidh i mbun na hócáide dhá lá agus súil le slua maith seoltóirí óga.

Deir Uachtarán Chumann 420 na hÉireann, Martina Whyte, go bhfuiltear “thar a bheith sásta cuireadh a fháil ar ais chuige (CSS), ceann de na clubanna seoltóireachta 420 is sine sa tír agus club atá ag leanúint le traidisiún na 420idí atá ar fud chósta thiar na hÉireann”.

“Ba in 2017 a bhí ár gcuairt dheireanach, agus tá ríméad ar ár seoltóirí ó cheann ceann na tíre filleadh ar an gcósta thiar,” a deir Whyte.

Tugann an ócáid seo “deis uathúil dár seoltóirí óga teacht i dtaithí ar thonnta móra an Atlantaigh agus ar ndóigh beidh an BBQ cáiliúil i ndiaidh na seoltóireachta”.

Deir Whyte go bhfoghlaimíonn daoine óga i rannóg 420 na seoltóireachta conas seoladh le duine eile “cuid shuntasach d’fhorbairt an tseoltóra, agus an duine”.

Reáchtálann an cumann 420 sraithchomórtais bhliantúla in Éirinn agus cuirtear oiliúint ar fáil i rannóg oscailte, chun seoltóirí a spreagadh agus a gcuid scileanna a fhorbairt.

Mar chuid den ócáid tabharfaidh an maor idirnáisiúnta Gordon Davies caint ar etiquette na seoltóireachta, rialacha na rásaíochta agus bealaí iompair sa seomra agóide.

“Ceann d’aidhmeanna na rannóige seo ardchaighdeán seoltóireachta agus rásaíochta a chur chun cinn, agus iompar cothrom spóirtiúil a chothú ar an bhfarraige agus ar tír. Táimid ag tnúth lena chuid taithí saoil a chloisteáil,” a deir Whyte.

Beidh báid 420 na háite ar an bhfarraige agus ina dteannta beidh báid ó chlubanna eile Chonnacht, Cumann Seoltóireachta Chuan na Gaillimh, Cumann Seoltóireachta Chathair na Gaillimhe agus Club Luamhaireachta Loch Rí.

Beidh báid ó Chlub Luamhaireacht Mhullach Íde agus ó Chumann Seoltóireachta Chuan Phort Láirge ag glacadh páirte sa rásaíocht freisin, a deir Whyte, a thug moladh mór don oifigeach rásaíochta Stephen O’Gorman agus d’fhoireann CSS as an imeacht a eagrú.

“Tá Cumann Seoltóireachta an Spidéil ar bís le bheith ina óstach do Chraobh 420 Chonnacht, Dé Sathairn, ag tosú ag 11:00 ar an Satharn 24 Meitheamh,” a deir an comadóir CSS, Eoin Ó Conghaíle.

“Ba chóir go mbeadh radharc iontach amach ó ché an Spidéil, agus tá fáilte roimh chách teacht amach ‘is tacú le na seoltóirí agus iad ag rith na ngeallta báid,” a deir Ó Conghaíle.

Beidh torthaí na rásaí le fáil ar shuíomh sail420.com

Fág freagra ar 'Craobh seoltóireachta Chonnacht le reáchtáil ar an Spidéal'