‘Covid-19 ar a thrí oiread daoine in Éirinn agus atá sna figiúirí oifigiúla’ – staidéar nua agus 136 cás eile fógartha

Ó thuaidh, fógraíodh 51 cás nua agus tá srian curtha ar líon na ndaoine a bheidh cead acu bailiú le chéile taobh amuigh agus taobh istigh

‘Covid-19 ar a thrí oiread daoine in Éirinn agus atá sna figiúirí oifigiúla’ – staidéar nua agus 136 cás eile fógartha

Pictiúr: Leah Farrell / Rollingnews.ie

Tá 136 cás nua den ghalar Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus duine amháin eile básaithe.

Bhain 51 den 136 cás nua le Baile Átha Cliath, 24 le Cill Dara, 12 le Cill Chainnigh, 11 le Tiobraid Árann, seacht gcinn le Corcaigh, sé cinn le Luimneach, sé cinn le Loch Garman agus cúig cinn le contae na Mí. Bhain an chuid eile de na cásanna le naoi gcontae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 57 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 11 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 78% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Léiríonn staidéar eolaíochta atá déanta ag an Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC) go meastar anois go raibh an Covid-19 ar a thrí oiread daoine agus atá sna figiúirí oifigiúla go dtí seo.

Rinneadh an Tástáil Shéireolaíochta ar dhaoine as contaetha Shligigh agus Bhaile Átha Cliath le roinnt míonna anuas agus léiríonn na torthaí gur dóigh go raibh an galar ar 1.7% den phobal go náisiúnta. Fágann sin gur dócha go raibh Covid-19 ar thart ar 84,000 duine go dtí seo sa tír.  Ciallaíonn sé sin “nach bhfuil aon chosaint ag formhór mór an phobail” – 98% – in aghaidh an víris, a dúirt an Dr Derval Igoe ón HPSC.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go bhfuil líon na gcásanna den Covid-19 atá á ndeimhniú ag ardú go leanúnach le trí seachtaine anuas agus go bhfuil patrún nua le haithint ar scaipeadh an ghalair. Tá níos mó cásanna á ndeimhniú i measc an phobail anois agus gan aon mhíniú ar fhoinse na gcásanna sin.

Tá méadú beag ar líon na ndaoine atá na hospidéil leis an ngalar agus an líon atá sna haonaid dianchúraim ach tá na figiúirí sin íseal go maith fós.

Dheimhnigh sé go raibh ráta scaipthe Covid-19, an r-uimhir, ag 1.2 anois agus cé gur feabhas é sin ar an scéal le roinnt seachtainí anuas dúírt sé gá an figiúr sin a laghdú tuilleadh, faoi bhun 1, le scaipeadh an ghalair sa phobal a chosc.

Ó thuaidh, tá srian curtha ar líon na ndaoine a mbeidh cead acu bailiú le chéile taobh amuigh agus taobh istigh.

As seo amach, ní bheidh cead ach ag 15 duine freastal ar imeachtaí amuigh faoin aer, in áit an 30 duine a bhí ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag seisear as dhá líon tí éagsúla ar a mhéid teacht le chéile in aon teach amháín.

Tá na srianta nua curtha i bhfeidhm agus méadú mór tagtha ar líon na gcásanna nua atá deimhnithe ó thuaidh le cúpla seachtain anuas.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 51 cás nua inniu, rud a d’fhág go bhfuil 298 cás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn le seachtain anuas.

2,335 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,776 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

34,232 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,676 cás ó dheas agus 6,556 cás ó thuaidh.

Níos luaithe inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chóir go n-osclófaí na scoileanna ag deireadh na míosa seo, fiú má leanann líon na gcásanna orthu ag ardú.

Rinne an Taoiseach a chuid cainte inniu agus é ar cuairt ar Choláiste Pobail de Nógla i Machain i gCorcaigh. Dúirt sé go raibh an Rialtas tiomanta de go n-osclófaí na scoileanna ar fad ar mhaithe le sláinte intinne agus forbairt na bpáistí.

“Tuigimse go maith mar Thaoiseach ar an tír seo go bhfuil sé dlite do na leanaí agus na daoine óga go mbeadh deis acu oideachas a fháil agus foghlaim a dhéanamh mar go ndéanann sé sin difríocht iontach dá saol,” a dúirt sé.

“Bhí an-imní orm féin i gcónaí go raibh oiread sin am scoile caillte acu ag tús na bliana seo. Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimid gach ar féidir lena chinntiú go mbeidh an fhoireann agus na daoine óga ábalta filleadh ar scoil slán sábháilte.”

An teachtaireacht chéanna a bhí ag Hans Kluge, Ceann Rannóg na hEorpa san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, a dúirt gur chóir scoileanna a oscailt mar go mbeadh “tionchar an-diúltach” aige ar dhaoine óga dá mbeidís dúnta ar feadh tamall fada.

An Taoiseach Micheál Martin agus leas-phríomhoide Choláiste Pobail de Nógla, Nicholas O’Keefe. Pictiúr: Julien Behal / RollingNews.ie

D’fhógair an Roinn Oideachais inniu go gcuirfí bearta breise agus riachtanais sláinteachais bhreise i bhfeidhm ar bhusanna scoile a bhíonn ag freastal ar iarbhunscoileanna.

Bhí sé socraithe roimhe seo nach mbeadh an scaradh sóisialta ná srianta eile i bhfeidhm ar an gcóras iompair scoile. Ach bunaithe ar chomhairle NPHET inné, beidh clúdaigh aghaidhe agus scaradh sóisialta éigeantach. Fanfaidh na socruithe a bhí déanta don chóras iompair do na bunscaoileanna mar a bhí.

Shéan Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an córas tástála agus cuardaigh ag titim as a chéile.

Dúirt Reid go raibh an córas ag obair d’ainneoin go raibh ardú mór ar líon na dtástálacha. Rinneadh 55,000 tástáil don Covid-19 an tseachtain seo caite, an dara seachtain is mó tástálacha ó thús na paindéime.

Dúirt Paul Reid gur “údar imní” dó an t-ardú ar líon na ngartheagmhálaithe a bhíonn ag na daoine a mbíonn tástáil dhearfach acu don Covid-19 . Dúirt sé go raibh suas le 50 gartheagmhálaí ag cuid de na daoine a raibh an víreas tolgtha acu agus d’impigh sé ar dhaoine cloí le treoracha sláinte an rialtais.

Fág freagra ar '‘Covid-19 ar a thrí oiread daoine in Éirinn agus atá sna figiúirí oifigiúla’ – staidéar nua agus 136 cás eile fógartha'