Cosa i dtaca ag Sinn Féin maidir le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin

Tá brú á chur, thuaidh agus theas, ar Shinn Féin géilleadh do mholadh Arlene Foster go ndéanfaí ‘margadh cultúrtha’ chun go bhféadfaí an feidhmeannas a athbhunú

Cosa i dtaca ag Sinn Féin maidir le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin

Tá Sinn Féin ag seasamh an fhóid maidir leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin agus brú ag teacht ar an bpáirtí glacadh le moladh Arlene Foster go ndéanfaí “margadh cultúrtha” chun go bhféadfaí an feidhmeannas a athbhunú.

Mhol ceannaire an DUP an tseachtain seo caite go dtiocfaí ar mhargadh a thabharfadh aghaidh ar cheisteanna teanga agus féiniúlachta laistigh de ‘thréimhse áirithe ama’ i ndiaidh athbhunú an fheidhmeannais, moladh ar dhiúltaigh Sinn Féin agus an SDLP araon dó.

Agus cruinnithe ag na páirtithe ó thuaidh inniu le Státrúnaí Thuaisceart Éireann James Brokenshire, tá brú á chur, thuaidh agus theas, ar Shinn Féin géilleadh do mholadh an DUP.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, atá ag dul ó thuaidh amárach chun bualadh leis na páirtithe polaitiúla, go raibh ‘iarracht fhónta’ déanta ag Foster teacht ar fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil maidir le hathbhunú Stormont.

Cháin iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív seasamh Shinn Féin i dtaobh an Achta, mar a rinne ceannaire a pháirtí, Micheál Martin, roimhe seo.

Tá an DUP féin ag iarraidh ar Shinn Féin athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh diúltú do mholadh Foster, ach tá ráite ag Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams nach dtacóidh a pháirtí le hathbhunú an fheidhmeannais d’uireasa acht teanga don Ghaeilge amháin.

Dúirt ceannaire an pháirtí ó thuaidh, Michelle O’Neill, nach raibh aon rud ‘nua’ i moladh Foster agus go raibh fios maith ag ceannaire an DUP go ndiúltófaí dó.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood nach raibh aon rud i gcaint Foster a thabharfadh deis chomhréitigh do na páirtithe maidir leis an éileamh ar Acht Gaeilge.

In óráid a thug sí d’fheidhmeannas an DUP i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, dúirt Foster nár bhaol don ‘aontas’ ná d’aontachtaithe an Ghaeilge.

“We have nothing to fear from the Irish language nor is it any threat to the union,” a dúirt Foster.

Thug ceannaire an DUP le fios, áfach, nach ngéillfí don éileamh go dtabharfaí acht teanga don Ghaeilge amháin isteach, an dris chosáin is mó roimh athbhunú Stormont.

Mhaígh sí gur thacaigh an DUP cheana le ‘beartais phraiticiúla’ ar son na Gaeilge agus go ndéanfaí amhlaidh arís dá bhféadfaí teacht ar ‘aontú níos leithne faoi na ceisteanna seo’.

Mhol an DUP cheana go dtabharfaí reachtaíocht chultúrtha isteach a thabharfadh aitheantas don Ghaeilge, don Ultais agus do ghnéithe eile den chultúr, ach reachtaíocht don Ghaeilge amháin atá á éileamh ag Sinn Féin agus páirtithe eile atá ag tacú leis an bhfeachtas ar son Achta Gaeilge.

Dúirt an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir go raibh an DUP “ag scríobadh thóin an bhairille” maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge.

“Tuigeann an DUP nach nglacfaí lena n-argóintí i gcoinne na Gaeilge in aon sochaí forásach san Eoraip, agus sin í an chúis go bhfuil siad anois ag scríobadh thóin an bhairille ag iarraidh teacht ar leithscéalta chun leanúint orthu ag rá ‘ní bheidh’ le sochaí ina mbeadh na cearta céanna ag cách,” a dúirt Máirtín Ó Muilleoir, polaiteoir sinsearach de chuid Shinn Féin.

 

Fág freagra ar 'Cosa i dtaca ag Sinn Féin maidir le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin'

  • Mànus

    Ba chóir go mbeadh fhios ag an Teachta Cuív Ó go bhfuil an rialtas FFFG seo ina bhfuil sé páirteach ag imirt “cluiche polaitiúil” leis an Ghaeilge freisin. Gaeil na tíre bodhraithe ag an mBéal bán ó pholaiteoirí FFFG faoin Straitéis 20 Bhliain agus faic dá bharr.

  • Con

    Tacaim o thalamh le SF sa chas seo. Ce eile a dheanfadh beart da leitheid o dheas? Ba cheart do O Cuiv an niudai neadachas a chleachtann se de shior mar pholaiteoir a chaitheamh uaidh. Focail mhora agus mogaill fholmha ata aige.

  • Seán Mac Gearailt

    Annamh a bhím ar aon fhocal le SF faoi chúrsaí agus tuigim go maith gur “cluiche polaitiuil” atá á imirt acu. Ach mar a deireadh m’athair (grásta ó Dhia air) “más peaca bheith buí…”. Tá ar intinn ag Arlene Foster bob éigin a bhualadh ar phobal na Gaeilge.